Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúbail, Dúbailt, Dúblú
ainm-bhriathar, ainm-fhocal, briathar.
Dúbail = Modh Orduitheach
dhúbail = aimsir chaithte
dúblóidh = Aimsir Fháistíneach
dúbalta, dúbailte, dúbluithe = Aidiacht-Bhriathar (cé nach bhfuil aon-dealú barainneach idir an dá fhocal seo, is iondúil go gciallaíonn dúbailte, bisiú nó méadú faoi dhó, agus go gciallaíonn dúbluithe filleadh; ach tá an rial sin an-mhaoilscríobach mar sin féin).
1.
ag méadú nó ag bisiú rud faoi dhó; ag cur a dhá oiread ar rud.
+
Tiúrfaidh tú dhá phunt dom? Is diabhlaí réidh leat móin a cheannacht! Má dhúblaíonn tú é b'fhéidir go bhféadfadh muid margadh a dhéanamh ach ní mó ná sin é
Tá sé cho maith dhuit a ndúbailt agus deich gcinn a thabhairt dom, cion an lae inné agus an lae inniu. Ní féidir go gcuirfidh tú taobh le chúig "feaigín" ghágach mé
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur fánach an rud feóirlinn ach cuirfidh mise geall leat má dhúblaíonn tú aríst agus aríst agus aríst eile í agus fanacht dhá dúbailt, gur mór a tharraingeós cruithe an ghiorráin san deireadh ar feadh agus h-ocht dtáirne fhichead a chomhaireamh (chuir an gabha feoirlinn ar an gcéad táirne agus é a dhúbailt ar chuile tháirne uaidh sin suas)
Dhá ndúblaídís an tae, diabhal mé go dtiocfadh na daoine le unsa. Tá siad bainte as a gcleachta
+
Ag dúbailt an fhéir atá P. = féar atá dhá thriomú; tá sé ag déanamh cocaí dhe faoi dhó cho mór agus atá sé
B'fhearr dhaoib na leath-chocaí sin amuigh a dhúbailt. Níl an lá in araíocht é a leigean amach (féar), agus níl a fhios cé'n uair a bhéas.
TUILLEADH (5) ▼
Dhúbail mé na bunanna siúd. Tá siad cho mór le cocaí móinfhéir anois, ach ní mór lá eile a thabhairt dó ar sraith mar sin féin
Ní fuláir na goigíní (móna) sin a dhúbailt anois. Ní aireóchthá go mbeidís tirm go maith ar an bhfarra seo
Tá mé leis an dúachán sin a dhúbailt. Cuirfidh mé an lagpholl sin thoir uiliog air. Ba cheart go mbeadh trí "lorry" móna an uair sin ann
Ní mó ná dá ndúblaíodh sé an lúascáinín sin go mbeadh malach maith feamainne aige
Ara céard atá tú a dhéanamh? Dúbail an beart sin, nó an leigfeadh an náire dhuit an ghlaicín sin a thabhairt 'na h-iothlann?
·
Dúblaigídh é. Is gearr go mbeidh sé in am eirghe astu = airgead cártaí a dhéanamh faoi dhó cho mór agus a bhí sé
Bhí sé againn dúbalta. Bhí an chúig agamsa leis an gcuileata, agus bhí sí ag mo pháirtí leis an naoi d'uireasa na cuileata chor ar bith
+
Sé an sean-fhear is fhearr a chonnaic mé go h-iomaí é. Dhúblódh sé ceachtar de'n chlann ag obair fós = dhéanfadh sé a dhá oiread oibre leo
Dhúblóinn a bhfuil déanta annsin agam dhá mbeadh freastal agam (fear ag cur fhataí: duine lena síolta agus leis an aoileach agus rl. a scaradh dhó)
TUILLEADH (5) ▼
Dhúblódh sé mé gan stró ar bith ag siúl. Tá leigean con faoi = dhéanfadh sé a dhá oiread siúil liom
Tá sé do mo dhúbailt san bpáidhe = ag saothrú a dhá oiread liom
Níl aon-fhear láidhe san tír seo a chinnfeadh air. Dhúblódh sé duine ar bith eile ag casadh buird
Ní bheadh a dhath mairge air mé a dhúblú ar bhicycle. Sén togha críochnuithe é
Dhá dtugadh sibh máimín choirce do'n asal sin agus cineáltas beag a chaitheamh leis, dhúblódh sé asal an C. th'éis a bhfuil de ghaisce aige as. Is ait an t-asailín é sin agaibhse.
+
Cuir crios dhúbluithe (dhúbalta) air = arúr a bhíos ro-ghearr, ní mór dhá chrios a chur air
Bhí sé ag déanamh daigéid de dhornáin agus ag cur crios dhúbalta orra
TUILLEADH (5) ▼
Tá drad dúbluithe ag M. sin thíos = bíonn drad dúbalta fiacal ag cuid de na daoine
Tá doras dúbalta leis = doras agus ath-dhoras
Nach diabhlaí daingean é agus doras dúbalta leis
Balla dúbalta is fearr duit a chur ann = balla fidín; sconsa a mbeadh dhá chloich ar leithead ann
Tá sé ag déanamh balla dúbalta annsiúd.
+
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh tiúrfaidh siad isteach dúbailte dhuit é, lá an aonaigh feicfidh tú féin air = tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread bantáiste agad dhá bharr
Is fear é a chaitheas stráisiúin mhóra ina chomhnaí, ach tugann sé isteach dúbailte aríst é nuair a theigheas sé ag obair
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an trácht a fhaghas na títhe ósta sin, mara mbeadh lá aonaigh féin ann, ach ar ndóigh tugann siad isteach dúbailte na laethantaí sin é
Má fuair sí (an mhóin) báisteach le coicís, tá sí dhá thabhairt isteach dúbailte inniu, agus an stolladh triomaigh atá ann
Tiúrfaidh tú isteach dúbailte aríst é, nuair a dhíolfas tú iad
+
Íocfaidh sé dúbailte an méid sin = íocfaidh sé a dhá oiread agus a thug sé uaidh; nó beidh an díoltas i bhfad níos déine air ná mar ba chóir dó a bheith
Íocfaidh tú an buille sin dúbailte muis. Rachaidh mise faoi dhuit nach mise an chéad duine a gcuirfidh tú araoid air aríst
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbuaileadh sé é agus a dhul abhaile, níor chás dó é, ach filliúint aríst le dhul in éadan in ath-uair! Íocfaidh sé dúbailte an tséiléaracht anois
·
Diabhal buille dhá bhfuighidh mise nach dtiúrfaidh mé dúbalta ar ais uaim. Ní mise an ribín réidh le dhul ag pléidh liom, ní mé sin
Cén tseafóid a bhí ort? Thug tú airgead dúbailte air. Dhá dteightheá tí J. gheobhthá iad sin ann ar ocht scilleacha an ceánn. D'airigh siad an bhuige shíne ionnad.
2.
ag filleadh rud go mbí sé cothrom in a dhá shraith.
+
Dúbail an snáth sin san tsnáthaid, nó is gearr go mbeidh an cnaipe imithe aríst = dhá thuínte de'n tsnáth a bheith ag dul in éindí thrí phollairí an chnaipe agus leabaidh tuínte shingil
Má dhúblaíonn tú an rópa sin b'fhéidir nach dtiúrfadh sé uaidh
TUILLEADH (5) ▼
Bhí an phluid sin dúbluithe agam, agus bhain tú as a filleadh aríst í
Shílfeá go mbíonn an páipéar seo dúblaithe
Fagh píosa de nuaíocht (páipéar nuaíochta) agus dúbail ar a chéile í, agus sac isteach san bpoll sin í, agus ná bíodh an tseoideadh isteach orainn
Ní mór dúbailt agus ath-dhúbailt air sin, nó beidh an iomarca méide ann
Cé mhéad dúbailt a thug tú ar an mbráithlín sin? = filleadh
·
Tá sé dúbluithe anois. Is beag nach bhfuil a cheann buailte ar an talamh = seanduine agus cruit air

Féach freisin