Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúdaireacht
/dūdərəxd/ : béim ar an gcéad siolla
ainm-bhriathar
focal aithrise ar na Muimhnigh (muintir Chondae an Chláir). Deir muintir Chois Fhairrge gurb shin é adeir na Muimhnigh nuair a bheadh pota ag fiuchadh ar an teine, nó "kettle" ag giúnaighil nó a leithide. "Tá na prátaí ag dúdaireacht". "Tá an corcán ag dúdaireacht." Tá tuilleadh de'n chaint aithrise seo ann, ach níor chuala mé ariamh ag aon-Mhuimhneach í, cé's moite de'n fhocal corcán agus tá an focal sin i nGaillimh féin.