Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúdaireacht
/dūdərəxd/ béim ar an gcéad siolla
ainm briathartha
 focal aithrise ar na Muimhnigh (muintir Chontae an Chláir). Deir muintir Chois Fharraige gurb in é adeir na Muimhnigh nuair a bheadh pota ag fiuchadh ar an tine, nó kettle ag geonaíl nó a leithide: Tá na prátaí ag dúdaireacht, Tá an corcán ag dúdaireacht. Tá tuilleadh den chaint aithrise seo ann, ach níor chuala mé ariamh ag aon Mhuimhneach í, cé is moite den fhocal corcán, agus tá an focal sin i nGaillimh féin.