Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feidheartha, Feidheardha
/f′əirə/: /f′əirhə/
Aidiacht
1.
a.
maoilscríobach, fágha, lom, nocht.
+
Tá sé lom feidheartha ag imeacht = gan aon-éadach
Is diabhlaí feidheartha an chaoi atá ag imeacht air. Shílfeá go gcuirfeadh sé balcaisí eicínt éadaigh air fhéin, agus gan é a bheith 'sna ciomachaí siúd.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé an-fheidheartha, d'fhear a bhfuil an oiread goití aige agus atá aige. Ní chuirfeá na héadaighe atá air anois ag ruaigeadh na bpréachán
Bhíodar feidheartha maoilscríobach (gan éadach, gan éadáil) chuile lá ariamh. Ach má bhí fhéin, diabhal go mba ghleóite iad. Níor chuala aon-duine ariamh an béal bocht aca, ní hé a fhearacht agus tuilleadh é
b.
scoite, rite, sceirdiúil.
+
Áit fheidheartha é B. Go deimhin ní tada eile é = áit sceirdiúil, scoite nó rite; áit mar a bheadh tamhnóg shléibhe ann; áit bhocht dhólom
Is feidheartha an áit ar chas do chosa tú. Séard adeireadh N. T. fadó: "Tula … an áit a mblitear na géabha"!
TUILLEADH (2) ▼
Is feidheartha an giodán a bhfuil an teach céanna ann = árd, sceirdiúil; lom
Oileán feidheartha ceart é = scoite amach ó gach áit
2.
bocht, dólom, aonraic.
+
Diabhal bréag nach mbíodh caithréim leis sin tamall, ach tá sé lom feidheartha anois. Dheamhan mórán truaighe é. B'olc é chomh uain agus a d'fhéad sé é
Teach feidheartha atá ann anois. Dheamhan ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoin a chaolachaí. Imithe ag an bpán agus díolta. B'olc an imirce dóibh — ní dhá roinnt leo é! — a dhul isteach ar shlata an bhaile mhóir
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gráinne tobac in aon-tsiopa annsin thoir. A Rí na nGrást nach hiad atá feidheartha (falamh as tobac)
B'fhéidir go bhfuil aon-fheaig aige seo aníos. Dar diagaí, tá mise feidheartha mé fhéin. = níl aon-cheann agam
Tá sé fágha feidhearha san teach anois = gan ann ach é féin den mhuirín
+
Nach hé an dó beag a tháinig feidheartha. Dheamhan mámh a bhí ar clár ach é fhéin = a bheith in a aon-mhámh; gan mámh ar bith eile a bheith ann len a leanacht ná len a bhualadh
Seólaigidh libh! Ní bhainim dhaoibh! Tá mise feidheartha. Dheamhan a shúil agam = gan aon-mhámh; níl mámh ar bith agam
TUILLEADH (1) ▼
Nach feidheartha a bhi an ceathair. An raibh mámh ar bith eile istigh?

Feidheartha in iontrálacha eile (18)

 
beanna
Dheamhan cuímne 'bith 'bhí agam, go dtiubhradh mo sheaichtín a bheanna leis. Nach feidheartha atá an bord! = ó thárla nar buaileadh a seacht caithfe sé nach raibh aon-mhámhaisí mórán istigh.
 
biorach 1
Nach feidheartha a bhí an bord, a's an dó beag a leigean isteach biorach = ba dona na cartaí a bhí amuigh, lá'r leigeadh an dó beag (hairt, nó muileata) isteach gnóithteach.
 
biorach 2
Mo chuach mé fhéin, nar leig biorachaí tharm ariamh, mara mbeinn feidheartha ar fad.
 
buail
Nach feidheartha a bhí tú, nach raibh bualadh sé heairt agad!
 
D'airigh tú feidheartha mise, nó ní chuirfeá isteach ann = thuig tú, nach raibh aon-bhrigh mámhaisí agam.
 
daor 1
Is daor an iarraidh í sin ach b'fhéidir gurb é mo leas é. Ní scarfainn leis an aona hairt mar sin féin dá mbeadh sórt coisint ar bith agam uirre, ach bhí sí feidheartha
 
Mise ag tnuthán go dtiubharfadh sé ceann de na faidhtíní dhom ó casadh mé in éindigh leis ins an gcurrach. Ní ghiorróchadh sé mórán é ceainnín gágach a chaitheamh agam agus dhá stropadh againn. Cé'n bhrigh ach mise is mó a mharbhuigh iad. Dá mbeadh sé taobh len a chuid féin ba mhaith feidheartha a bheadh sé ag teacht abhaile. Ach dheamhan a shúil a thairg sé dhom ná caint air. Ní thiubharfadh sé siúd faidhtín do dhiaumhlach. Is gearr le dhul ar a chraos féin iad.
 
Ní fhaca mé aon-dilleoirín go h-iomdha (fuaim iom-aoí) ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháruigh sé a mháthair an oíche faoi dheire. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos ins an gciseán, mar dhóigh dhe go mbadh ceannuidhe gréithí é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonnaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh ins an gciseán, rug sé in a ghabhail air agus bhí sé ag leigean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosuighidh sé ar an gceird siúd — in a cheannuidhe gréithí.
 
dris
Mara ndeacha tú faoi dhris tá easarluigheacht eicínt agad le na cártaí. Cé'n t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agad i gcomhnuí agus 'chuile dhuine eile feidheartha. Bí ins an áirdeall air annsin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp ionnta. Puc amach iad
 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhruim an diabhail. Níl tada timcheall air ach leacrachaí. An teirgéis talmhan' atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé cho lom cho feidheartha le croidhe do bhoise. Níl an fheamainn ná an cairrgín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo righe cé'n chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit cho maoilscreamhach cho bocht sin. Diabhal mé in a dheidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orra shílfeá: ach níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile
 
drámh
Thug mé na drámhasaí (dráití) ar fad dom féin, agus na mámhasaí do 'chuile dhuine eile, ach is minic liom mé féin a fhágáil feidheartha nuair a ghním cártaí
 
Chaith mé an lá ag coinneál "cigarettes" leis. Dheamhan an ceann féin a thug sé dhom. Bhí go maith nó go raibh mé féin feidheartha trathnóna. Sin é an uair a tharraing sé amach nuitín beag bídeach nach dtóigfeá as an lathach, agus shín sé anall chugam é. Ba shin é an déirce dhá chuid féin do'n bhacach, ar chuma ar bith
 
Tá sé feidheartha críochnuighthe anois, gan dídean le fáil i bhfus ná thall aige. Má tá féin, ní hé leath-chóir Dé é. Bhí sé fhéin go dona
 
Breagh nach mbreathnuigheann tú ar do chuid cártaí. Dhíol tú mámh as annsin agus thú sáthach feidheartha mar a bhí tú. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú … Na cúl-chearrbhachaí atá ag déanamh ballséire dhíot, idteannta 'chaon tsórt
+
díol 2
Nach mé atá feidheartha. Thug tú díol mo náire dhom — an oiread agus a thóigfeas cúig dhéanta. Ach ní cás dom é agus a bheith indon í sin féin a thógáil
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé cho maith dhom a gcaitheamh i bpaca. Níl cúig ná cárta ionnta — go fiú agus díol mo náire féin. Tá an rud sin indo láimh i gcomhnuí. Fágann do dhéanamh feidheartha críochnuighthe mé 'chuile uair
 
Ní dheachaidh leat a ghleacaidhe an babhta sin dhá imeartha thú. Shíl tú go raibh mise feidheartha agus go n-eireochadh cúig leat ar do dheich, ins an achar gearr. Is cosamhail nach miste leat faoi'n mbun árd, ach do chúig féin a fháil
 
Is maith a tháinic tú anall annseo le do rí agus fios agad go raibh mise feidheartha. D'aithin tú cá gcuirfeá é. Ach is cóir adeir siad gur furasta a dhul thar dhorus tighe gan madadh