Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feidheartha
/f′əirə/, /f′əirhə/
aidiacht
1.
a.
maolscríobach, fágtha, lom, nocht.
+
Tá sé lom feidheartha ag imeacht — gan aon éadach
Is diabhlaí feidheartha an chaoi atá ag imeacht air. Shílfeá go gcuirfeadh sé balcaisí eicínt éadaigh air fhéin, agus gan é a bheith sna ceamachaí siúd.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé an-fheidheartha, d'fhear a bhfuil an oiread goití aige agus atá aige. Ní chuirfeá na héadaí atá air anois ag ruaigeadh na bpréachán
Bhíodar feidheartha maolscríobach (gan éadach, gan éadáil) chuile lá ariamh. Ach má bhí fhéin, diabhal go mba ghleoite iad. Níor chuala aon duine ariamh an béal bocht acu, ní hé a fhearacht agus tuilleadh é
b.
scoite, rite, sceirdiúil.
+
Áit fheidheartha é B. Go deimhin ní tada eile é — áit sceirdiúil, scoite nó rite; áit mar a bheadh tamhnóg shléibhe ann; áit bhocht dhólom
Is feidheartha an áit ar chas do chosa tú. Séard adeireadh N. T. fadó: 'Tula … an áit a mblitear na géabha!'
TUILLEADH (2) ▼
Is feidheartha an geadán a bhfuil an teach céanna ann — ard, sceirdiúil; lom
Oileán feidheartha ceart é scoite amach ó gach áit
2.
bocht, dólom, aonraic.
+
Diabhal bréag nach mbíodh caithréim leis sin tamall, ach tá sé lom feidheartha anois. Dheamhan mórán trua é. B'olc é chomhuain is a d'fhéad sé é
Teach feidheartha atá ann anois. Dheamhan ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoina chaolachaí. Imithe ag an bpán agus díolta. B'olc an imirce dóibh — ní dhá roinnt leo é! — a dhul isteach ar shlata an bhaile mhóir
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gráinne tobac in aon tsiopa ansin thoir. A Rí na nGrást nach iad atá feidheartha (folamh as tobac)
B'fhéidir go bhfuil aon fheaig aige seo aníos. Dar diagaí, tá mise feidheartha mé fhéin. — níl aon cheann agam
Tá sé fágtha feidheartha sa teach anois — gan ann ach é féin den mhuirín
+
Nach é an dó beag a tháinig feidheartha. Dheamhan mámh a bhí ar clár ach é fhéin — a bheith ina aon mhámh; gan mámh ar bith eile a bheith ann lena leanacht ná lena bhualadh
Seolaigí libh! Ní bhainim dhaoibh! Tá mise feidheartha. Dheamhan a shúil agam — gan aon mhámh; níl mámh ar bith agam
TUILLEADH (1) ▼
Nach feidheartha a bhi an ceathair. An raibh mámh ar bith eile istigh?

feidheartha in iontrálacha eile (23)

 
beanna
Dheamhan cuimhne ar bith a bhí agam go dtabharfadh mo sheaichtín a bheanna leis. Nach feidheartha atá an bord! — ó tharla nár buaileadh a seacht, caithfidh sé nach raibh aon mhámhasaí mórán istigh.
 
biorach 1
Nach feidheartha a bhí an bord agus an dó beag a ligean isteach biorach — ba dona na cartaí a bhí amuigh lá ar ligeadh an dó beag (hairt nó muileata) isteach gnóiteach
 
biorach 2
Mo chuach mé fhéin nár lig biorachaí tharam ariamh, mura mbeinn feidheartha ar fad.
 
buail
Nach feidheartha a bhí tú nach raibh bualadh sé hairt agat!
 
Rinne sé sin foghail, a dhuine sin. Bhí an chiseog (fhataí) feidheartha go maith nuair a bhí sé réidh léithe
 
D'airigh tú feidheartha mise nó ní chuirfeá isteach ann — thuig tú nach raibh aon bhrí mámhaisí agam
 
Má chaill tú an cluiche sin, sé do chionfaillí fhéin é. Chonaic tú go raibh mise feidheartha. Ní raibh mé in ann cúig mo láimhe dhéanta a thógáil. Bhí agatsa an bhanríon a chur faoi Ph. agus an chuileata a lomadh
 
folach 2
Ní fhaca mé aon fhear go hiomaí chomh feidheartha leis. Níl folach an náire air, níl sin
 
Nuair a chonaic mé t'aon a hairt ag teacht le lom, tháinig forallas liom. Bhí mé ag déanamh cnaipí mar shíl mé nach raibh an cur leis ionat, agus ar ndóigh bhí mise feidheartha
 
fuar 2
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar folamh a stór: chomh feidheartha leat fhéin
 
daor 1
Is daor an iarraidh í sin, ach b'fhéidir gurb é mo leas é. Ní scarfainn leis an aon a hairt mar sin féin dá mbeadh sórt cosaint ar bith agam uirthi, ach bhí sí feidheartha
 
Mise ag tnúthán go dtabharfadh sé ceann de na faoitíní dhom ó casadh mé in éindí leis sa gcurach. Ní ghiorródh sé mórán é ceainnín gágach a chaitheamh agam agus dhá strapa againn. Cén bhrí ach mise is mó a mharaigh iad. Dá mbeadh sé taobh lena chuid féin, ba mhaith feidheartha a bheadh sé ag teacht abhaile. Ach dheamhan a shúil a thairg sé dhom ná caint air. Ní thabharfadh sé siúd faoitín do Dhia shúlach. Is gearr le dhul ar a chraos féin iad
 
Ní fhaca mé aon dilleoirín go hiomaí ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháraigh sé a mháthair an oíche faoi dheireadh. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos sa gciseán, mar dhóigh dhe go mba ceannaí gréithe é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh sa gciseán, rug sé ina ghabháil air agus bhí sé ag ligean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosaí sé ar an gceird siúd — ina cheannaí gréithe
 
dris
Mura ndeachaigh tú faoi dhris tá asarlaíocht eicínt agat le na cártaí. Cén t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agat i gcónaí agus chuile dhuine eile feidheartha. Bí san airdeall air ansin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp iontu. Poc amach iad
 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile
 
drámh
Thug mé na drámhasaí (dráití) ar fad dom féin, agus na mámhasaí do chuile dhuine eile, ach is minic liom mé féin a fhágáil feidheartha nuair a ghním cártaí
 
Chaith mé an lá ag coinneáil cigarettes leis. Dheamhan an ceann féin a thug sé dhom. Bhí go maith nó go raibh mé féin feidheartha tráthnóna. Sin é an uair a tharraing sé amach nuitín beag bídeach nach dtógfá as an lathach, agus shín sé anall chugam é. Ba in é an déirce dhá chuid féin don bhacach ar chuma ar bith
 
Tá sé feidheartha críochnaithe anois, gan dídean le fáil abhus ná thall aige. Má tá féin, ní hé leathchóir Dé é. Bhí sé fhéin go dona
 
Breá nach mbreathnaíonn tú ar do chuid cártaí. Dhíol tú mámh as ansin agus thú sách feidheartha mar a bhí tú. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú … Na cúlchearrbhachaí atá ag déanamh ball séire dhíot, i dteannta chaon tsórt
+
díol 2
Nach mé atá feidheartha. Thug tú díol mo náire dhom — an oiread is a thógfas cúig dhéanta. Ach ní cás dom é agus a bheith in ann í sin féin a thógáil
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé chomh maith dhom a gcaitheamh i bpaca. Níl cúig ná cárta iontu — go fiú is díol mo náire féin. Tá an rud sin in do láimh i gcónaí. Fágann do dhéanamh feidheartha críochnaithe mé chuile uair
 
Ní dheachaigh leat a ghleacaí an babhta sin dhá imeartha thú. Shíl tú go raibh mise feidheartha agus go n-éireodh cúig leat ar do dheich san achar gearr. Is cosúil nach miste leat faoin mbun ard, ach do chúig féin a fháil
 
Is maith a tháinig tú anall anseo le do rí agus fios agat go raibh mise feidheartha. D'aithin tú cá gcuirfeá é. Ach is cóir adeir siad, gur furasta a dhul thar dhoras tí gan madadh