Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Falamh
/falə/ mh. maon i gcomhnaí in falamh
Ainmfhocal(?)
+
Níl fiacha ná falamh air = tá sé glan; ní dhlíonn sé airgead d'aonduine; is fear é a bhfuil tarraint a láimhe go maith aige
"Níl fiacha ná falamh ar an teach sin thíos" adeir sí. "Tá sé sin cho glan leis an gcriostal." A Dhia láidir nach aice atá na floscaí! Agus nach bhfuil aonduine san tír nach bhfuil rud aige uirre
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá nachar cheart go mbeadh fiacha ná falamh air sin, agus a bhfuil de shlí airgid aige. Más mar sin atá sé sin, is diachta do dhuine ar bith eile a bheith indon aon-phínn a íoc
Bhí fiacha agus falamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomdha mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit, agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith indon a rá inniu go ndlím pínn ruadh dhó
Diabhal neart aige air. Tá fiacha agus falamh air. Céard a fhéadfas a leithide a dhéanamh? An té atá saor caitheadh sé cloch. Sin é an chaoi le chuile dhuine: thíos seal agus thuas seal

Falamh in iontrálacha eile (35)

 
fóir
Go bhfoire Dia ort! Is mór de do cheann atá falamh! = go dtuga Dia ciall duit! Is seafóideach thú!
 
Tarraingeocha sí an carr falamh maith go leor, ach chomh luath a's chuirfeas tú ualach a' bith uirre, seasfa sí suas annsin na caidhfte, a's Goll Mac Móirne, ní bhainfeadh feannc aiste, go dtogruighe sí fhéin é (capall).
 
baile
Badh é do cheart-sa fanacht sa mbaile, a's gan cuir isteach faoi'n té a bhí falamh.
 
Níor cheart do na bealaighe sin suas a bheith falamh, gan deoir eicínt a bheith ionnta(b).
 
biorach 1
Sin í an imirt agad, mo chreach! An bhainrioghan a leigean isteach biorach, faoi fhear falamh, a's an bun a' gabhail amach.
 
bocht 1
Má tá sé falamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nar ghnothuigh oiread a's cluithche ó shuidh sé anocht ag clár na h-imeartha.
 
Dhá mbeadh aon-bhrabach airgid orm, dheamhan baoghal a' bith go leigfinn amach falamh sib, ach cé'n neart atá agam air. 'Is cruaidhchte na clocha glasa ná na lámha fala(mha)' adeir siad = dhá mbeadh aon-phighinn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon-phighinn ar m'fhaghaltas, thiubhrainn rud eicínt dhaoib etc.
 
Tá'n boimbiléad sin ar a' séipéal falamh uiliog istigh ann.
 
buille
Dhá mbeadh tada ar foghnamh agamsa, ní leigfinn do shean-naoi thar mo dhorus, gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar falamh, mar is minic liom a bheith.
 
fogha
Is furasta fogha agus easba a bhaint as fear falamh = is furasta fear falamh a mhaslú
 
fiú
Is mór is fiú an té nach dteagann falamh
+
Is furasta fuiliú ar phutógaí falamh = is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan etc.
TUILLEADH (2) ▼
Bí buíoch nar ith mise aon-ghreim ó mhaidin inniu. Marach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh
Bhuailfeadh an madadh se'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí falamh. Dheamhan greim a fhaghas sé siúd, ach an méid a bhaineas sé as a chrága
+
fuar 2
Teach fuar falamh é anois = bánaithe bochtaithe
TUILLEADH (5) ▼
Nach hiomdha port croithiúil a daimhsíodh ann ariamh, agus feacha cho fuar falamh agus atá sé inniu = teach bán
Tá sé fuar falamh, an duine bocht, ó chuaigh sé ag obair ar a aghaidh fhéin
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar falamh a stór: cho feidhearha leat fhéin
M'anam nach bhfuil locht ar bith ar an scéal má tá sí indon beatha a bhaint as a crága. Mara mbaine ní hé siúd a shaothrós di é: fear fada fuar falamh, mar adeir an bhean fadó. Nach cunórach anois é, ag dul ag pósadh, agus gan slí ó neamh aige le bean a chothú?
Is deas é mo gheóisteamán! Fear fada fuar falamh. Dheamhan luach a shuipéir aige siúd. Cá bhfuigheadh sé é. Ní hé atá ag déanamh imní dhó
 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair air, agus nar fhagha sé bás choidhchin nó go bhfeicidh sé a theallach fhéin cho falamh agus atá mo theallach-sa
 
Nach hé an diabhlánach mí-oibliogáideach anois é, agus nach dtiúrfadh sé aníos an beart slat dom, th'éis an carr a bheith falamh aige
+
dia 1
Nar fheicidh Dia easbaidh ort choíchin!; nar fheicidh Dia falamh go h-éag thú! = nuair a dhéanfá gar airgid nó earradha ar dhuine eile
TUILLEADH (1) ▼
Torm (tabhair dhom) luach pionta agus ní fheicfidh Dia falamh choíchin thú!
 
Is maith diomdhach a bhí sé ar maidin indiu, an uair a fuair sé a phócaí falamh th'éis na h-oíche agus a cheann dhá scoilteadh le tinneas óil
 
Mara bhfuil airgead ar bois agad ná taobhuigh siopaí na G. Má thaobhuigheann is ag brughadh ar an doicheall a bhéas tú. Siúd é an áit deire ag duine le dhul mara bhfuil pócaí teann' agad. Ná bac leis an bhfear falamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: —"Pócaí falmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoi'n tír"
 
dorn
Má's cúrsaí de'n tsórt sin é, ní bheidh mise falamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna gurb é is fhearr corna de'n fheoil annseo
 
Chuaidh bean an tincéara soir ar báll agus drad-mhála maith aice th'éis an lae. Is diabhlaí an soláthraidhe í. Ní fhágfaidh sí teach ar bith falamh. Beidh sí ag tuineamh leat nó go dtugaidh tú rud eicínt di
 
Teach fuar falamh dreancaideach atá aige
 
duine
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Is mór de do cheann atá falamh
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
"Dílleachtín cráidhte mé gan athair gan máthair, Agus dá mbeadh mo chliú tárrtha cé'r chás dom a bheith falamh" (As "Cuaichín Ghleantáin Éifinn")
+
dóigh 1
Ní h-olc an dóigh poitín chor ar bith é tigh S. Mh. B'annamh leis a bheith falamh pé'r bith céard is cor dó ar an saoghal seo. Mara n-eirighidh aon-bhraon leat ann, déarfainn leat do shúil a bhaint dhe. Gabhfaidh sé righte leat aon-deoir a fháil ar a mhalrait
TUILLEADH (1) ▼
Dubhairt mé liom féin nar mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg falamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon-ghreim len ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
 
dóigh 3
"Bím ins an oíche ag ól: bím ins an ló in mo leabaidh; Bíonn mo chroidhe dhá dhóghadh nuair a bhíos mo phócaí falamh"