—
+–
Níl fiacha ná folamh air — tá sé glan; ní dhlíonn sé airgead d'aon duine; is fear é a bhfuil tarraingt a láimhe go maith aige
'Níl fiacha ná folamh ar an teach sin thíos,' adeir sí. 'Tá sé sin chomh glan leis an gcriostal.' A Dhia láidir nach aici atá na floscaí! Agus nach bhfuil aon duine sa tír nach bhfuil rud aige uirthi
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá nár cheart go mbeadh fiacha ná folamh air sin agus a bhfuil de shlí airgid aige. Más mar sin atá sé sin, is diachta do dhuine ar bith eile a bheith in ann aon phínn a íoc
Bhí fiacha agus folamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomaí mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith in ann a rá inniu go ndlím pínn rua dhó
Diabhal neart aige air. Tá fiacha agus folamh air. Céard a fhéadfas a leithide a dhéanamh? An té atá saor caitheadh sé cloch. Sin é an chaoi le chuile dhuine: thíos seal agus thuas seal
folamh in iontrálacha eile (40)
→
fóir
Go bhfóire Dia ort! Is mór de do cheann atá folamh! — go dtuga Dia ciall duit! Is seafóideach thú!
→
caidhfte
Tarraingeoidh sí an carr folamh maith go leor, ach chomh luath agus chuirfeas tú ualach ar bith uirthi, seasfaidh sí suas ansin ina caidhfte agus Goll Mac Móirne ní bhainfeadh feanc aisti, go dtograí sí fhéin é (capall).
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
→
bocht 1
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
→
brabach
Dhá mbeadh aon bhrabach airgid orm dheamhan baol ar bith go ligfinn amach folamh sibh, ach cén neart atá agam air. Is cruaichte na clocha glasa ná na lámha folmha, adeir siad — dhá mbeadh aon phínn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon phínn ar m'fháltas, thabharfainn rud eicínt dhaoibh srl.
→
buille
Dhá mbeadh tada ar fónamh agamsa, ní ligfinn do shean-naoi thar mo dhoras gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar folamh mar is minic liom a bheith
+
→
fuiligh
Is furasta fuiliú ar phutógaí folamh — is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan srl.
TUILLEADH (2) ▼
Bí buíoch nár ith mise aon ghreim ó mhaidin inniu. Murach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh
Bhuailfeadh an madadh s'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh. Dheamhan greim a fhaigheas sé siúd ach an méid a bhaineas sé as a chrága
+
→
fuar 2
Teach fuar folamh é anois — bánaithe bochtaithe
TUILLEADH (5) ▼
Nach iomaí port croíiúil a damhsaíodh ann ariamh agus féacha chomh fuar folamh agus atá sé inniu — teach bán
Tá sé fuar folamh, an duine bocht, ó chuaigh sé ag obair ar a aghaidh fhéin
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar folamh a stór: chomh feidheartha leat fhéin
M'anam nach bhfuil locht ar bith ar an scéal má tá sí in ann beatha a bhaint as a crága. Mura mbaine, ní hé siúd a shaothrós di é: fear fada fuar folamh, mar adeir an bhean fadó. Nach cunórach anois é ag dul ag pósadh agus gan slí ó neamh aige le bean a chothú?
Is deas é mo gheoisteamán! Fear fada fuar folamh. Dheamhan luach a shuipéir aige siúd. Cá bhfaigheadh sé é. Ní hé atá ag déanamh imní dhó
Cuirim léan agus deacair air, agus nár fhaighe sé bás choíchin nó go bhfeice sé a theallach fhéin chomh folamh agus atá mo theallachsa
Nach é an diabhlánach mí-oibleagáideach anois é agus nach dtabharfadh sé aníos an beart slat dom, théis an carr a bheith folamh aige
+
→
dia 1
Nár fheice Dia easpa ort choíchin!; nár fheice Dia folamh go héag thú! — nuair a dhéanfá gar airgid nó earraí ar dhuine eile
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair dhom luach pionta agus ní fheicfidh Dia folamh choíchin thú!
Is maith diomdhach a bhí sé ar maidin inniu, nuair a fuair sé a phócaí folamh théis na hoíche agus a cheann dhá scoilteadh le tinneas óil
+
Fáilte an doichill a bheas romhat ansiúd mura mbí airgead agat. Is cam a bhreathnós bean an leanna ar phócaí folmha bocht
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil airgead ar bois agat, ná taobhaigh siopaí na Gaillimhe. Má thaobhaíonn, is ag brú ar an doicheall a bheas tú. Siúd é an áit deiridh ag duine le dhul mura bhfuil pócaí teanna agat. Ná bac leis an bhfear folamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: "Pócaí folmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír"
→
dorn
Más cúrsaí den tsórt sin é, ní bheidh mise folamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna, gurb é is fhearr corna den fheoil anseo
Chuaigh bean an tincéara soir ar ball agus dradmhála maith aici théis an lae. Is diabhlaí an soláthraí í. Ní fhágfaidh sí teach ar bith folamh. Beidh sí ag tuineadh leat nó go dtuga tú rud eicínt di
+
→
droim
Tá tú anois mar a bhí Raiftearaí caoch: "do dhroim le balla, ag seinm cheoil do phócaí folmha"
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo bholg thiar in mo dhroim agam ag imeacht ar phutógaí folmha ó mhaidin inniu. Dheamhan thiomanta greim deoch ná blogam a chuaigh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
→
díleá
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
"Dílleachtín cráite mé gan athair gan máthair, Agus dá mbeadh mo chlú tarrtha cér chás dom a bheith folamh" (As Cuaichín Ghleanntáin Éifinn)
→
díth
Níl gnaithe ar bith agamsa a bheith taithithe i dtithe ósta: fear a bhfuil díth airgid air. Dhá mbeadh an póca teann agam, ní bheadh leisce ar bith orm fanacht ann go ceann dhá lá. Ach "pócaí folmha bocht, buailidís bóthar"
+
→
dóigh 1
Ní holc an dóigh poitín chor ar bith é tigh S. Mh. B'annamh leis a bheith folamh pé ar bith céard is cor dó ar an saol seo. Mura n-éirí aon bhraon leat ann, déarfainn leat do shúil a bhaint dhe. Gabhfaidh sé rite leat aon deoir a fháil ar a mhalrait
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt mé liom féin nár mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg folamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon ghreim le n-ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
→
dóigh 3
"Bím san oíche ag ól: bím sa ló in mo leaba; Bíonn mo chroí dhá dhó nuair a bhíos mo phócaí folamh"