Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
folamh
/falə/; mh maon i gcónaí in folamh
aidiacht.
1.
a.
+
Nach folamh ó dhaoine atá an bóthar anocht
Tá an láthair folamh — tá an áit folamh; níl aon duine fágtha. Is minic an chiall leis go bhfuil an fhoghail nó an millteanas déanta agus gan fhios cé a rinne é
TUILLEADH (2) ▼
"Ní gleann folamh a mbíonn an t-uisce ann" — an rud is fairsinge, is fánaí, nó is lú a mbíonn meas ag duine air go minic, b'fhéidir gur áirge mhór é
"Ní féidir le mála folamh seasamh ar a cheann" — duine a bhfuil ocras air, níl acmhainn oibre aige; duine nach bhfuil aon teannadh ar a chúl aige, ní fhéadfaidh sé achrann a tharraingt ná a bheith neamhspleách; mura bhfuil cuid is maoin agat, beidh tú in do chis ar easair ag gach duine
+
Na trí obair is deacra: iomramh in aghaidh srutha (iomramh éigin), bolg folamh in aghaidh cnoic (coiscéimeacha fada in aghaidh cnoic), agus tomhais na talúna ina dhornaí
Is deacair obair a dhéanamh ar bholg folamh
TUILLEADH (4) ▼
An rud is measa a rinne tú ariamh, a dhul ag ól ar bholg folamh
"Ní aithníonn súch sách bolg folamh (anó an ocrais)"
"Níl ualach ar bith is measa ná ualach de phutógaí folmha"
Is furasta cur ag (fuiliú ar) putógaí folamh"
b.
+
Bhí mo lámha folamh agus céard a d'fhéadfainn a dhéanamh — ní raibh aon airgead agam
"Ní cruaichte na clocha glasa ná na lámha folamh"
TUILLEADH (4) ▼
"An rud is tréine ná an lán mhara, a bheith ag iarraidh féile ar lámha folamh"; ní cruaichte na clocha glasa ná na lámha folamh! — an té nach bhfuil aon cheo aige ní thig leis aon cheo a thabhairt uaidh
"Is minic a rinne láimh fholamh fear tútach d'fhear" — mura mbeadh sé in ann deoch a sheasamh i dteach ósta ná síneadh láimhe a thabhairt uaidh nuair ba gá é, déarfaí gur daoithiúlacht agus péisteántacht a bheadh air, cé go mb'fhéidir go mba duine cóir fial é
Ní féidir le pócaí folamh a dhul in aon áit. Tá sé fánach acu. Ní thaitníonn le duine a bheith tútach ná i gcónaí ag glacadh cuid a charaid
"Pócaí folamh bocht, buailidís bóthar; Agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír" (as amhrán)
c.
+
Ní féidir dhuit a bheith folamh chomh luath seo. Nach arú inné a thug mé dhá unsa tobac chugat
Má théann tú go dtí é, ní ligfidh sé uaidh folamh thú — tabharfaidh sé airgead, beatha ól, nó pé ar bith céard atá uait duit
TUILLEADH (3) ▼
"Is mór an gar an té nach dteagann folamh"; "is mór is fiú an té nach dtige ann folamh" — nuair a bhíos duine ag dul ag a charaid ba cheart dó rud eicínt a thabhairt chuige dhá laghad é
Ní féidir dó a inín a chur amach folamh — a pósadh agus gan aon spré a thabhairt di
Má théann tú fhéin isteach chuici agus cupla unsa tae a iarraidh uirthi, dheamhan a ligfidh sí amach folamh thú
d.
+
Ba chóra dhuit fanacht as — fanacht sa mbaile — ná cuir faoi fhear folamh — níor cheart duit cárta a chur isteach faoi fhear nach raibh cúig ar bith tógtha
Ní ghabhfaidh mise i mbéal a chúig ar fhear folamh
TUILLEADH (4) ▼
Imrígí libh! Tá mise folamh — níl aon mhámh agam
"Dhá dheich agus a cúig agus Tomás a Búrc folamh" — ceathar nó cheithre chomlán ag cearrbhachas; bheadh duine nó comlán amháin gan aon chúig
Tá sibhse cúig, ach tá muide folamh, agus is folamh is minicí linn a bheith
Ná tabhair an mámh anois. Mise atá roinnt, agus ní ghabhfá ag fiachadh ar fhear folamh
2.
+
Fuair muid litir ach bhí sí folamh (gan aon airgead)
“A stóirín ó, ná tréig mé i ngeall ar a bheith folamh (dólom); Agus a ghairdeacht is bheadh na poill mhóra ag tabhairt na mbó uainn agus dhá mbascadh … " Cuachín Ghleanntán Éifinn
TUILLEADH (1) ▼
Fear folamh é anois — níl airgead (fataí, srl.) aige
+
"Fear fada fuar folamh"; "nuair a bhíos fear fada bíonn sé folamh" — ní bhíonn airgead ag reanglamán, ná ní bhíonn aon mhaith ann
Fear fada fuar folamh é. B'olc an áit a ngabhfadh bean isteach chuig an scólachán sin
TUILLEADH (1) ▼
"Is furasta fogha is easpa a bhaint as fear folamh" — is furasta fear gan aon mhaoin ná aon airgead a mhaslú

folamh in iontrálacha eile (40)

 
fóir
Go bhfóire Dia ort! Is mór de do cheann atá folamh! — go dtuga Dia ciall duit! Is seafóideach thú!
 
Tarraingeoidh sí an carr folamh maith go leor, ach chomh luath agus chuirfeas tú ualach ar bith uirthi, seasfaidh sí suas ansin ina caidhfte agus Goll Mac Móirne ní bhainfeadh feanc aisti, go dtograí sí fhéin é (capall).
 
baile
Ba é do cheartsa fanacht sa mbaile agus gan cur isteach faoin té a bhí folamh.
 
Níor cheart do na bealaí sin suas a bheith folamh gan deoir eicínt a bheith iontub.
 
biorach 1
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
 
bocht 1
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
 
Dhá mbeadh aon bhrabach airgid orm dheamhan baol ar bith go ligfinn amach folamh sibh, ach cén neart atá agam air. Is cruaichte na clocha glasa ná na lámha folmha, adeir siad — dhá mbeadh aon phínn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon phínn ar m'fháltas, thabharfainn rud eicínt dhaoibh srl.
 
Brísteachán fada fuar folamh é.
 
Tá an buimbiléad sin ar an séipéal folamh uileag istigh ann.
 
buille
Dhá mbeadh tada ar fónamh agamsa, ní ligfinn do shean-naoi thar mo dhoras gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar folamh mar is minic liom a bheith
 
fogha
Is furasta fogha is easpa a bhaint as fear folamh is furasta fear folamh a mhaslú
 
fiú
Is mór is fiú an té nach dteagann folamh
+
Is furasta fuiliú ar phutógaí folamh — is furasta fear ocrais a bhualadh, a leagan srl.
TUILLEADH (2) ▼
Bí buíoch nár ith mise aon ghreim ó mhaidin inniu. Murach sin, is fada amach uaimse a d'fhanfá. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh
Bhuailfeadh an madadh s'againne madadh J. gan stró ar bith, thréis go bhfuil madadh J. a dhá mhéid. Ach is furasta fuiliú ar phutógaí folamh. Dheamhan greim a fhaigheas sé siúd ach an méid a bhaineas sé as a chrága
+
fuar 2
Teach fuar folamh é anois — bánaithe bochtaithe
TUILLEADH (5) ▼
Nach iomaí port croíiúil a damhsaíodh ann ariamh agus féacha chomh fuar folamh agus atá sé inniu — teach bán
Tá sé fuar folamh, an duine bocht, ó chuaigh sé ag obair ar a aghaidh fhéin
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar folamh a stór: chomh feidheartha leat fhéin
M'anam nach bhfuil locht ar bith ar an scéal má tá sí in ann beatha a bhaint as a crága. Mura mbaine, ní hé siúd a shaothrós di é: fear fada fuar folamh, mar adeir an bhean fadó. Nach cunórach anois é ag dul ag pósadh agus gan slí ó neamh aige le bean a chothú?
Is deas é mo gheoisteamán! Fear fada fuar folamh. Dheamhan luach a shuipéir aige siúd. Cá bhfaigheadh sé é. Ní hé atá ag déanamh imní dhó
 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair air, agus nár fhaighe sé bás choíchin nó go bhfeice sé a theallach fhéin chomh folamh agus atá mo theallachsa
 
Nach é an diabhlánach mí-oibleagáideach anois é agus nach dtabharfadh sé aníos an beart slat dom, théis an carr a bheith folamh aige
+
dia 1
Nár fheice Dia easpa ort choíchin!; nár fheice Dia folamh go héag thú! — nuair a dhéanfá gar airgid nó earraí ar dhuine eile
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair dhom luach pionta agus ní fheicfidh Dia folamh choíchin thú!
 
Is maith diomdhach a bhí sé ar maidin inniu, nuair a fuair sé a phócaí folamh théis na hoíche agus a cheann dhá scoilteadh le tinneas óil
+
Fáilte an doichill a bheas romhat ansiúd mura mbí airgead agat. Is cam a bhreathnós bean an leanna ar phócaí folmha bocht
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil airgead ar bois agat, ná taobhaigh siopaí na Gaillimhe. Má thaobhaíonn, is ag brú ar an doicheall a bheas tú. Siúd é an áit deiridh ag duine le dhul mura bhfuil pócaí teanna agat. Ná bac leis an bhfear folamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: "Pócaí folmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír"
 
dorn
Más cúrsaí den tsórt sin é, ní bheidh mise folamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna, gurb é is fhearr corna den fheoil anseo
 
Chuaigh bean an tincéara soir ar ball agus dradmhála maith aici théis an lae. Is diabhlaí an soláthraí í. Ní fhágfaidh sí teach ar bith folamh. Beidh sí ag tuineadh leat nó go dtuga tú rud eicínt di
 
Teach fuar folamh dreancaideach atá aige
+
droim
Tá tú anois mar a bhí Raiftearaí caoch: "do dhroim le balla, ag seinm cheoil do phócaí folmha"
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo bholg thiar in mo dhroim agam ag imeacht ar phutógaí folmha ó mhaidin inniu. Dheamhan thiomanta greim deoch ná blogam a chuaigh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
 
duine
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Is mór de do cheann atá folamh
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
"Dílleachtín cráite mé gan athair gan máthair, Agus dá mbeadh mo chlú tarrtha cér chás dom a bheith folamh" (As Cuaichín Ghleanntáin Éifinn)
 
díth
Níl gnaithe ar bith agamsa a bheith taithithe i dtithe ósta: fear a bhfuil díth airgid air. Dhá mbeadh an póca teann agam, ní bheadh leisce ar bith orm fanacht ann go ceann dhá lá. Ach "pócaí folmha bocht, buailidís bóthar"
+
dóigh 1
Ní holc an dóigh poitín chor ar bith é tigh S. Mh. B'annamh leis a bheith folamh pé ar bith céard is cor dó ar an saol seo. Mura n-éirí aon bhraon leat ann, déarfainn leat do shúil a bhaint dhe. Gabhfaidh sé rite leat aon deoir a fháil ar a mhalrait
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt mé liom féin nár mhaith an dóigh dhom imeacht ar bholg folamh, agus dhá mhéad doicheall dá raibh romham, go bhfanfainn go bhfeicinn an dtairgfí aon ghreim le n-ithe dhom. Tairgeadh agus mo sháith.
 
dóigh 3
"Bím san oíche ag ól: bím sa ló in mo leaba; Bíonn mo chroí dhá dhó nuair a bhíos mo phócaí folamh"