fágtha
—
ídithe, stiúcha, ruaite, snuite (An chiall "ruaite", "ídithe" nó "snuite" a bhíos leis i gCois Fharraige go hiondúil. Bíonn an chiall maoilscríobach .i. gan mórán éadaigh, leis anois agus aríst freisin ach ní go minic é. Níl mé cinnte go bhfuil f. ar bith ann i gCois Fharraige mar deirtear an- nó a leithide roimhe i gcomhnaí. Eagtha: ea(n)gtha nó focal eicínt mar sin é b'fhéidir. Tá "ágóid" ann ar chineál mná)
+–
Tá sé fágha (go leor); tá sé an-fhágha = tá sé feidhearha nó maoilscríobach; tá sé gan mórán éadaigh; tá sé éitreórach nó tréighe
Ní raibh ionta ach scadáin. Bhí siad an-fhágtha (eagtha?). Ní ghabhfaidís sé-phunta dhéag an t-aonach cheana = muca suaite; muca a bheadh caolaithe, ídithe agus tarraingithe, go háirid siar sna ceathrúnaí nó sna másaí
TUILLEADH (13) ▼
An bhfuil an seafaide sin ag tnuthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí ro-fhágha. 'Ar ndó' níl lán do ghlaice inti. Is bréa an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
Tá an gamhain an-fhágha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shoin. Is cosúil nach dtugann sé aon-cheo dhó
Chíotar dhom go bhfuil tú an-fhágha le goirid bail ó Dhia ort. A dheamhain tá tú ag dul amú in do chuid éadaigh!
Tá an cheathrú ro-fhágha, ro-shlabhcha aice, le mórán gríscíní a bheith uirri. Níl aon-téagar inti
Spreangaide fhágha de bhean í. Tá sí caolaithe ar fad. Ghabhfadh sí amach thrí chró snáthaide
Bhí siad fágha ceart san mbád = stiúcha leis an ocras agus ar an-chaoi de bharr a bheith dá mbocáil síos suas faoi thoiliúna Dé, agus gan iad indon a thiacht chun calaidh
Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
Tá muinntir an oileáin sin an-fhágha má theagann gairfean ar bith. Níl bád ar bith in araíocht a dhul i dtír ann. Is minic a fhás siad ocras
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
Nach hí atá fágha = maoilscríobach; gan aon-éadach den rath
Tá an dílleachta bocht an-fhágha anois, gan duine ná deóraí san teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
Meastú a bhfuil sé siúd cho dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágha, an-mhaoilscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí fuireann air agus gan é a bheith sna ciomachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithi
Ní bhíonn rud óg ar bith cho fágha leis an naoineán. Breanaigh an t-uan, an laogh agus an searrach! Bíonn a gcosa déanta aca faoi cheann uair an chloig th'éis a mbreithe. Ach cáid a bhíos páiste ag tónachán agus ag lámhacán sul a dteaga siúl dó? Bíonn sé scathamh maith.
Féach freisin
→
ágóid
fágtha in iontrálacha eile (33)
→
colg
'Tharraingeochaidís thríd an tlú gairmid é (an líon) le na ghairmid nó a scóthadh nó leis an mbarrach agus an colg a bhaint dhe. 'Sé a mbeadh fágtha annsin, an chois, gan colg ná barrach, a's í an-mhín. Deiridís go mbíodh leigheas pian bhuilg sa mbarrach. Ní bhaistfeadh a' sagart fadó gan a' bharrach, mar sa gcolg a rugadh Mac Dé (Sliocht ó Sh. Ó. Ch. a' cur síos ar a' líon).
Sé'n chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha annsiúd ar a' tráigh thirm, gan Murrchadha gan Maghnus. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá uirre, a's chomh deacair a's atá sé í 'shású faoi fhear. = ní iarrfa fear a' bith í, as deire na cúise.
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
+
→
baile
Is gearr fágtha an baile mé = is gearr ó d'imthigh mé as mo theach fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
'Tá sé fágtha sa mbaile againn thiar ar a' C. Déanfa a cholainn creafóg, ach tá 'anam bocht ag Dia, a's déanfa Sé rud maith leis.
Is beag le fágtha sa mbaile a bhí an sean-fhear, nuair a bhí an chlann in árachaí 'chéile, a's chuile dhuine a' strócántacht ag iarraidh a chuid fhéin.
Ní raibh sé fágtha sa mbaile chor a' bith, nuair a 'facthas' é.
→
crinn
'Dheamhan ceo feola annseo anois agad, mara gcrinne tú cnámha, a's tá mé 'ceapadh dheamhan mórán solamair fágtha orra(b) sin fhéin.
→
críoch
Mara bhfuil mé ag dul amudha go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le faghail aice, ach níor thapuigh sí a deis. A' dréim le buic mhóra a bhí sí igcomhnuidhe, a's gan aon-áird aca(b) sin uirre. Anois, tá sí fágtha ar a' tráigh thirm.
→
boigréis
Is deas a' bhail atá fágtha ag 'ur gcuid boigréise orraibh. Cé'n mhaith muc a mharbhú le na bronnadh ar a' tír!
Coirce a' bith a bhí fágtha ar sraith faoi na tuilte sin, tá sé in a bhrat-scair lobhtha anois.
→
burla
Níor thug a' táilliúr deanamh 'bith ar a' gcasóig seo. Tá sí fágtha in a búrlaí a's in a bachaill fré chéile aige.
→
aire
Is maith nach mór do dhuine aire a thabhairt dá 'bhicycle' ag na rástaí, mar tá daoine ag (dh)ul thart a' forcabhás ar 'bhicycles' a' bith a fheicea(nn)s siad fágtha ar sliobarna = caithfe tú cumhdach maith a bheith agad ar do róthar, ar na rástaí, arae tá daoine a' dul thart d'aon-cheird le róthar ar bith a fheiceas siad fágtha go siléigeach, a ghoid.
→
aoibhinn
Is aoibhinn do dhuine 'bith a d'fhéad a dhul go Ameriocá, chúns bhí cead a dhul ann, (fh)arrus a bheith fágtha in a 'mbáis' annseo.
+
→
deachma
Bhí cion cheithre cléibh fhataí annsin thuas agam arbhú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú in áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhudóig i dtinneas laoigh. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drugal mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orra. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruínn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha in a scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpighne mhaith anois ionnta ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le 'chuile obair. Níl aon-ghoir aige air
TUILLEADH (2) ▼
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha ins an gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin do'n deachma. Ní fuláir rud eicínt a thabhairt do'n deachma. Mara chéile 'chuile choileán aca go tóin. Níl barr ag ceachtar aca ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon-chú chrón ariamh nach mbeadh thar cíonn.
Tá mé ag fuasaoid arainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionnam aice. 'Chuile uair dhá ndírighim mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach ins na h-asnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaithtí. Níl mé indon ionntú ó'n taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothróchas an saoghal. A! Dheamhan brigh innte, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
→
dealaigh
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealuighthe leis agus fiacha fágtha in a dhiaidh aige is 'chuile áit ar fud an D. 'Chuile dheoir óil dár thóig sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tuatach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach de'n tsórt sin a fhágáil in a dhiaidh
→
deannach
Tuilleadh diabhail aice anois muis mara bhfuil deannach ag eirghe de'n sprémhóin indiu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóchaidh na sinneáin seo léithe uiliog í idir chorp chleite agus sciathán
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaghann sé siúd aon-leigean uirre. Bhí chúig cinn fhichead aca agam dhá bhliain ó shoin. Sin í an chreach agus an chreach nachar roinneadh
→
deoraí
Níl deoruidhe an bhéil bheo agam anois dhár thóig mé ariamh ach mé fágtha lag lúbach annseo, agus gan an teas ag breith ar an bhfuacht agam
→
dochar
Sin é anois an duine deire dhá chuid cloinne imighthe uaidh. Tá sé fágtha gan Murrchadha gan Mánus anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil duinne, dar gcuid ná dar maoin. Ní shin í mo chéad eascainidhe air muis, agus fearann an eascainidhe ar chaoi eicínt. Ba bheag an scruball a bhí aige féin eascainidhe a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos ins an aspuicil. Go bhfóiridh Dia orainn is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtiubharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céadna lá'r na bháireach. 'Sé a mh'anam scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoghail. Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orainn is mór an díol-truaighe duine ar bith atá fágtha istigh annsiúd
→
dris
Níl liobar leathair fágtha orm ag driseachaí ó maidin. Bhí muid ag fiadhach indiaidh coiníní soir annsin
Níl liathán ná dubhliathán ná breac geal fágtha ar abhainn Ch. nach bhfuil maruithe aige, ach is beag a eiríos bradán ar bith leis
→
déag
Tá na déaga agus trí fichid sáruighthe aige. Fainic nach bhfuil na cheithre scóir féin fágtha in a dhiaidh aige.
→
déirce
Shíl mise nach mba stró ar bith péire bainbh a fháil le ceannacht ann, ach bhí sciobadh orra. Ní raibh fágtha ins an deireadh ach dhá luichín bheaga bhídeacha agus ba mhó déirce liom iad sin fhéin a fháil. Níorbh fhiú liom an tabhairt sin a chur orm féin lá eile agus cho cruadhógach agus atá an uair
Thug mé liom siar ins an gceapuichín oinniúin sin thiar é trathnóna, nó go nglanainn í. B'éigin dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na h-oinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha ins an mullach aige! Sin é atá dicheallach agad!
+
→
díol 2
'Sí an inghin díol na déirce anois ar chaoi ar bith: fágtha istigh annsin ar an tráigh thirm, agus gan bonn spré le fáil aice. Dar príosta is gearr go mbeidh clann an dearbhráthra in araidheacht a bpósta iad féin
TUILLEADH (1) ▼
Bhailigh siad an phighinn bheag agus an phighinn mhór leo, agus níor fhága siad bonn bán ag an dearbhráthair. Tá sé annsiúd anois fágtha ar a thóin, agus é in a dhíol déirce. Ní tada eile é
→
dóigh 1
Sílim gurb olc an dóigh mná é an baile seo ag fear ar bith le thoidheacht ann. Níl aon-bhean ionphósta dá bhfuil ann sásta duine ar bith a phósadh ach máistirí scoile, nó cléireachaí beaince. Nach bhfeiceann tú féin iad. Níor mhaith dhuit scráibín a shamhailt leo. Ghabhfaidís ingeallta dhá samhluightheá. Nár thugaidh Dia dhóib níos fhearr é muis! B'fhéidir nuair a d'fhuaróchaidís agus iad fágtha ar a dtóin scathamh eile mar tá siad, go mb'fhurasta a dhul 'un cainte leo annsin.