Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fágtha
ídithe, stiúgtha, ruaite, snoite. An chiall ruaite, ídithesnoite a bhíos leis i gCois Fharraige go hiondúil. Bíonn an chiall maolscríobach .i. gan mórán éadaigh, leis anois agus aríst freisin ach ní go minic é. Níl mé cinnte go bhfuil f ar bith ann i gCois Fharraige mar deirtear an- nó a leithide roimhe i gcónaí: eagtha, eangtha nó focal eicínt mar sin é b'fhéidir. Tá ágóid ann ar chineál mná.
+
Tá sé fágtha (go leor); tá sé an-fhágtha — tá sé feidheartha nó maolscríobach; tá sé gan mórán éadaigh; tá sé éidreorach nó tréigthe
Ní raibh iontu ach scadáin. Bhí siad an-fhágtha. Ní ghabhfaidís sé phunta dhéag an t-aonach cheana — muca suaite; muca a bheadh caolaithe, ídithe agus tarraingthe, go háirid siar sna ceathrúnaí nó sna másaí
TUILLEADH (13) ▼
An bhfuil an seafaide sin ag tnúthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí rófhágtha. Ar ndóigh níl lán do ghlaice inti. Is breá an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
Tá an gamhain an-fhágtha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shin. Is cosúil nach dtugann sé aon cheo dhó
Chítear dhom go bhfuil tú an-fhágtha le gairid bail ó Dhia ort. A dheamhain tá tú ag dul amú in do chuid éadaigh!
Tá an cheathrú rófhágtha, róshleabhctha aici, le mórán gríscíní a bheith uirthi. Níl aon téagar inti
Spreangaide fhágtha de bhean í. Tá sí caolaithe ar fad. Ghabhfadh sí amach thrí chró snáthaide
Bhí siad fágtha ceart sa mbád — stiúgtha leis an ocras agus ar anchaoi de bharr a bheith dá mbocáil síos suas faoi thoiliúna Dé, agus gan iad in ann a theacht chun calaidh
Ní fhaca tú aon duine ariamh ba fágtha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche chomh dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eolas choíchin as.
Tá muintir an oileáin sin an-fhágtha má theagann gairfean ar bith. Níl bád ar bith in araíocht a dhul i dtír ann. Is minic a fhaigheass siad ocras
Níl rud ar bith a bhíos chomh fágtha leis an duine scaití. Tá beithígh eile in ann snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treoraíocht ar bith sa duine
Nach í atá fágtha — maolscríobach; gan aon éadach den rath
Tá an dílleachta bocht an-fhágtha anois, gan duine ná deoraí sa teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
Meas tú an bhfuil sé siúd chomh dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágtha, an-mhaolscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí foireann air agus gan é a bheith sna ceamachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithe
Ní bhíonn rud óg ar bith chomh fágtha leis an naíonán. Breathnaigh an t-uan, an lao agus an searrach! Bíonn a gcosa déanta acu faoi cheann uair an chloig théis a mbreithe. Ach cáid a bhíos páiste ag tónachán agus ag lámhacán sula dteaga siúl dó? Bíonn sé scaitheamh maith.

Féach freisin

fágtha in iontrálacha eile (44)

 
Tá an chliath fágtha ar an gceannfhearann thuas sa ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
Tá mé fágtha gan siúl an bhealaigh ag an gcois sin
 
colg
"Tharraingeoidís thríd an tlú gairmid é (an líon) lena ghairmid nó a scoitheadh, nó leis an mbarrach agus an colg a bhaint dhe. 'Sé a mbeadh fágtha ansin, an chois, gan colg ná barrach, agus í an-mhín. Deiridís go mbíodh leigheas pian bhoilg sa mbarrach. Ní bhaistfeadh an sagart fadó gan an bharrach, mar sa gcolg a rugadh Mac Dé" (Sliocht ó Sh. Ó Ch. ag cur síos ar an líon)
 
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
 
Níor bheo é sin mura mbeadh sé ag déanamh círéabachaí de rud eicínt. Níl bileog fágtha ina leabhar aige nach bhfuil stróicthe stiallta. Is deas an chaoi é sin agus a ghairdeacht agus ó cheannaigh sé an leabhar sin.
+
baile
Is gearr fágtha an baile mé — is gearr ó d'imigh mé as mo theach fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé fágtha sa mbaile againn thiar ar an C. Déanfaidh a cholainn créafóg, ach tá a anam bocht ag Dia, agus déanfaidh sé rud maith leis.
Is beag le fágtha sa mbaile a bhí an seanfhear nuair a bhí an chlann in árachaigh a chéile, agus chuile dhuine ag strócántacht ag iarraidh a chuid fhéin.
Ní raibh sé fágtha sa mbaile chor ar bith nuair a facthas é.
 
crinn
'Dheamhan ceo feola anseo anois agat mura gcrinne tú cnámha, agus tá mé ag ceapadh dheamhan mórán solamair fágtha orthub sin fhéin.
 
Mura bhfuil mé ag dul amú go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le fáil aici, ach níor thapaigh sí a deis. Ag dréim le boic mhóra a bhí sí i gcónaí, agus gan aon aird acub sin uirthi. Anois, tá sí fágtha ar an trá thirim.
 
Is deas an bhail atá fágtha ag bhur gcuid boigréise oraibh. Cén mhaith muc a mharú lena bronnadh ar an tír!
 
Coirce ar bith a bhí fágtha ar sraith faoi na tuilte sin, tá sé ina bhratscair lofa anois.
 
burla
Níor thug an táilliúr déanamh ar bith ar an gcasóig seo. Tá sí fágtha ina burlaí agus ina bachaill fré chéile aige.
 
aire
Is maith nach mór do dhuine aire a thabhairt dá bhicycle ag na rástaí mar tá daoine ag dhul thart ag forcamhás ar bhicycles ar bith a fheiceanns siad fágtha ar sliobarna — caithfidh tú cumhdach maith a bheith agat ar do rothar ar na rástaí, arae tá daoine ag dul thart d'aon cheird le rothar ar bith a fheiceas siad fágtha go siléigeach a ghoid.
 
Is aoibhinn do dhuine ar bith a d'fhéad a dhul go Meiriceá chúns a bhí cead a dhul ann, tharas a bheith fágtha ina mbáis anseo.
 
Tá luascán feamainne fágtha thíos fós
 
Tá sé fágtha feidheartha sa teach anois — gan ann ach é féin den mhuirín
+
Tá foghail déanta acu inniu thar is ariamh. Dheamhan sop feamainne fágtha ag neach an aoin ar an mbaile ach í craptha acu dóibh fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Théis nach raibh focal cainte fágtha ag Colm, bhí J. dhá shaighdeadh le gleadhradh eile a bhualadh air. Bhí an fhoghail in J., go ndéana Dia grásta air — olc, faltanas, mísc
 
frigh
Níl blas na fríde fágtha
 
Tá cion garraí fágtha ansin thuas gan fálú. Dheamhan ann ach leac, ach By Dad, gheobhadh beithígh tiomsacht ann sa samhradh
 
Fear a mbeadh a dhóthain fíriúlacht ann, agus a thiocfadh ina éadan ar a ghlanmhochóirí, dheamhan spreab a bheadh fágtha ar a fhuaid aige tráthnóna. Chonaic mise P. Dh. dhá chur (garraí) lá cheana, ach faigh thusa fear mar é sin
 
Tá sé curtha againn ó fhad go dtí é. Níl fágtha anois ach an leathfhód le claí — ceannfhearainn, nó stiall i ngarraí timpeall le claí. Ní bhíonn ann ach stual chaol i dtalamh ar bith a shaothraítear le láí
+
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
TUILLEADH (2) ▼
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha sa gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin don deachma. Ní foláir rud eicínt a thabhairt don deachma. Mar a chéile chuile choileán acu go tóin. Níl barr ag ceachtar acu ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon chú chrón ariamh nach mbeadh thar cionn
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
 
Tuilleadh diabhail aici anois muis mura bhfuil deannach ag éirí den sprémhóin inniu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóidh na soinneáin seo léithe uileag í idir chorp chleite is sciathán
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaigheann sé siúd aon ligean uirthi. Bhí chúig cinn fhichead acu agam dhá bhliain ó shin. Sin í an chreach agus an chreach nár roinneadh
 
Níl deoraí an bhéil bheo agam anois dhár thóg mé ariamh ach mé fágtha lag lúbach anseo, agus gan an teas ag breith ar an bhfuacht agam
 
dochar
Sin é anois an duine deiridh dhá chuid clainne imithe uaidh. Tá sé fágtha gan Murchadh gan Mánas anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár maoin. Ní hin í mo chéad eascainí air muis, agus fearann an eascainí ar chaoi eicínt. Ba bheag an scrupall a bhí aige féin eascainí a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
 
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos san easpaicil. Go bhfóire Dia orainn, is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtabharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céanna lá arna mhárach. 'Sé a mh'anam, scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoil. Go bhféacha an tAthair Síoraí orainn, is mór an díol trua duine ar bith atá fágtha istigh ansiúd
 
dris
Níl liobar leathair fágtha orm ag driseachaí ó maidin. Bhí muid ag fiach i ndiaidh coiníní soir ansin
 
Níl liathán ná dubhliathán ná breac geal fágtha ar abhainn Ch. nach bhfuil maraithe aige, ach is beag a éiríos bradán ar bith leis
 
déag
Tá na déaga agus trí fichid sáraithe aige. Fainic nach bhfuil na cheithre scóir féin fágtha ina dhiaidh aige
 
Shíl mise nach mba stró ar bith péire bainbh a fháil le ceannacht ann, ach bhí sciobadh orthu. Ní raibh fágtha sa deireadh ach dhá luchín bheaga bhídeacha agus ba mhó déirce liom iad sin fhéin a fháil. Níorbh fhiú liom an tabhairt sin a chur orm féin lá eile agus chomh cruógach agus atá an uair
 
Thug mé liom siar sa gceapaichín oinniúin sin thiar é tráthnóna nó go nglanainn í. B'éigean dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na hoinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom, ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha sa mullach aige! Sin é atá dícheallach agat!
+
díol 2
'Sí an inín díol na déirce anois ar chaoi ar bith: fágtha istigh ansin ar an trá thirim agus gan bonn spré le fáil aici. Dar príosta is gearr go mbeidh clann an dearthára in araíocht a bpósta iad féin
TUILLEADH (1) ▼
Bhailigh siad an phínn bheag agus an phínn mhór leo agus níor fhága siad bonn bán ag an deartháir. Tá sé ansiúd anois fágtha ar a thóin agus é ina dhíol déirce. Ní tada eile é
 
dóigh 1
Sílim gurb olc an dóigh mná é an baile seo ag fear ar bith le theacht ann. Níl aon bhean inphósta dá bhfuil ann sásta duine ar bith a phósadh ach máistrí scoile, nó cléireachaí baince. Nach bhfeiceann tú féin iad. Níor mhaith dhuit scráibín a shamhailt leo. Ghabhfaidís i ngeallta dhá samhlaíteá. Nár thuga Dia dhóibh níos fhearr é muis! B'fhéidir nuair a d'fhuaróidís agus iad fágtha ar a dtóin scaitheamh eile mar atá siad, go mb'fhurasta a dhul chun cainte leo ansin
 
A dúshlán anois fear a fháil. Tá sí fágtha ar an trá thirim ansiúd