Fánaidh, (fána); le fánaidh
—leagan Ainm-fhoclach
1.
a.
síos taobh an ísleáin; ón mbarr anuas.
+–
Bhí sé ag dul síos le fánaidh an aird (an chnoic)
Nuair a bhéas tú ag dul le fánaidh; bí san áirdeall ort fhéin go maith, mar níl aon-ghaisce ar na "brakes" sin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbogtaí an chloch sin, níl a fhios cén t-achar a ghabhfadh sí le fánaidh
Cas amach "Ruaigeadh na pise le fánaidh" (ainm poirt)
+–
Chaith sé amach é féin le fánaidh na céibhe agus shnámh sé isteach ar an tráigh
Thuit sé anuas le fánaidh an chlochair
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thuit sé anuas le fánaidh an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
Thuit sé le fánaidh na srathrach den chapall
Chaith sé amach le fánaidh na cruibeach as an "lorry" é
Teigheann na hailleadóirí síos le fánaidh na haille in Árainn ag coilleadh neadrachaí éan
Thuit sé anuas le fánaidh an chrainn
Tá bealach na Bó Finne imithe le fánaidh na nÁirde (fc. Bealach)
+–
Go dtóige an diabhal le fánaidh aille thú gan dochar gan díobháil duinne! (eascaine)
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóige an diabhal le fánaidh aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Go dtóige an diabhal le fánaidh aille thú — croisim aríst thú! Tá an áit thrín a chéile agad 'chuile phuinnte
b.
+–
Tá an-cheann le fánaidh ann; caitheamh le fánaidh; aghaidh le fánaidh = steepness
Cho luath agus a bhí an ceann le fánaidh caite againn, thuirling muid agus shiúil muid scathamh
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an aghaidh le fánaidh atá annsin
c.
+–
Bhí an bád le fánaidh ón ngaoith = a bheith i bhfad ón ngaoith, nó gan a bheith árd san ngaoith; dá mbeadh geallta bád ann (báid a bheith ag coimhlinnt le chéile) sí an bád a bheadh le fánaidh ón ngaoith an bád is fuide a bheadh ón ngaoith. Bheadh an chuid eile idir í agus an ghaoth
Bhí an bád se'againne árd san ngaoith agus an chuid eile scathamh maith le fánaidh
TUILLEADH (2) ▼
Fan amach uatha a fhleascaigh! Leigfeamuid le fánaidh ón ngaoith í, nó tiúrfaidh an Chorainn timpeall í
Aire dhuit annsin! Tá an púcán crínnte (linn). Leigfeamuid le fánaidh í agus seolfamuid amach fútha. Sén beart is fhearr é sílim
+–
Bhí an bád ag doirtim le fánaidh (ag dórtadh le fánaidh). Díreach ar an aighre a bhí sé (an ghaoth) agus tabhair gaoith uirre! = nuair a bheadh gaoth theann indiaidh an bháid, nó an-chóir agad, bheadh an bád ag doirtim le fánaidh
Bhí muid ag dórtadh le fánaidh. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seól ach má chuir fhéin bhí sé in a fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht in a chreatalach
TUILLEADH (2) ▼
Déan an seól sin a bhogadh roinnt, nó caithfear thart é, agus an doirtim le fánaidh atá orainn
Caith ar an luighe theig í, nó go gcuireamuid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomh uain's bhéas sí ag doirtim le fánaidh mar seo (an bád)
d.
le feacht, le sruth.
·
Chaith sé síos le fánaidh na habhann é de shlat an droichid
Tá sé imithe le fánaidh na habhann anois = leis an sruth
+–
Gabhfaidh uisce le fánaidh shul a fheicfeas tú aríst é = is fada go bhfeice tú aríst é
Dar Dia is iomdha uisce a chuaigh le fánaidh ó shoin, is iomdha sin = is fadó an lá é sin
TUILLEADH (1) ▼
Is iomdha uisce a ghabhfas le fánaidh aríst sul a dtaobhuighe mise é fhéin ná a theach. Níorbh ait liom ariamh a dhul ag briseadh leicín an doichill ag aonduine
2.
leis an taoille, nó le gluaiseacht na fairrge.
+–
Tá na runnaigh ag dul le fánaidh anois. Bhí siad annseo tá seachtain ó shoin (in Árainn) = ag dul isteach an cuan faoi dhéin Chois Fharraige agus na Gaillimhe; ag dul isteach leis an tuile agus leis an sruth chuig na cladaigh istigh
Bhí an-bháirí scadán annseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fánaidh. Isteach faoi na sean-chladaigh se'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad annseo aríst gan mórán achair.
TUILLEADH (3) ▼
Fuadaíodh mo chaipín agus tugadh le fánaidh í = do chaipín a fhuadach uait ar an bhfarraige agus í a imeacht san sruth faoi dhéint na talúna. I gCuan na Gaillimhe cuirim i gcás, ghabhfadh sí chun an chladaigh ó thuaidh nó chuig Conndae Chláir de réir mar a bheitheá achar amach. Tabhair faoi deara go n-abruíthear "árd i bhfarraige" nuair a bheitheá domhainn san bhfarraige nó i bhfad amach san gcuan
"Mo ruainne beag cashmere (seál) a d'imigh le fánaidh; Nach bhfuighidh mé go brách é na tada ar a shon" (as amhrán faoi bhád. De bhord an bháid ar an gcuan a d'imigh an seál ón mbean)
Chonnaic mé an-phlás feamainne annsin amuigh inniu agus í ag dul le fánaidh
+–
Is minic a thug tuile fear buile le fánaidh = má bhíonn duine cho danra agus go mbuailfidh sé faoin tuile (abhann, farraige) a cheannsú, b'fhéidir gur báite a bheadh sé; ní cóir duinn bualadh faoi rud atá thar ar n-acmhainn
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
TUILLEADH (1) ▼
Tharraing sé an iomarca rudaí air féin. Is maith an rud do dhuine freastal do rud nó dhó. Tá sé gan Murcha gan Mánas anois. Is minic 'ar ndú' a thug tuile fear buile le fánaidh
3.
caite amach nó síos nó taobh na talúna, nó indiaidh do chinn.
+–
Tá an bhó sin an-mhór le fánaidh = caithe amach agus cromta chuig an talamh; na guaillí a bheith silte síos léithe
Tá an capall an-mhór le fánaidh. Ní thaithníonn an bhuaic shilte sin liom. Meastú nach bhfuil truisle inte. Thiúrfainn an leabhar go bhfuil.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an liúdramán mór seo thuas le fánaidh ar fad anois. Na cléibh a rinne é sin air. Sé an portach an buachaill aige!
Tá an chú sin caite le fánaidh ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meastú an gortú a d'eireódh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghirria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirre ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
Féach freisin
→
bealach
Fánaidh in iontrálacha eile (24)
→
farúch
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
→
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt annsiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó, i gcruth agus go mbeidh ceann le fánaidh ag an uisce
→
buail
Bhuail sinneán mé ar a' bportach indiu, a's tabhair sinneán air! Marach chomh maith a's thapuigh mé é, bheadh an t-asal scuabtha le fánaidh sa bportach aige.
Tá an poll sin fealltach san oíche mara mbeadh an-eólas agad ann. Ní chuimhneódh duine go mbeadh cor ar bith san gcasán, nó go gcuirfí ar a bhéal agus ar a fhiacla le fánaidh é
→
dairt
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana, agus ní fhaca tú aon-ghábh ariamh mar a ndeacha mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uiliog ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha aca, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na miarthóig (méaróg) liom gan "doubt". Ó a fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fánaidh aríst shul (d)á fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
→
deannach
Ná raibh Dia ag asail muise mara raibh sé ag baint deannaigh as ceathramhnaí an asail soir le fánaidh. Feac láighe a bhí aige agus níl aon-iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na h-easnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. "Tiubharfaidh mé ag an bpóilí tú" adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
→
dia 1
Ná raibh Dia leis an mbó mara soir léithe le fánaidh, agus mise sna seala babhtaí in a diaidh, agus é ag cínnt orm a dhul roímpe! (sórt eascainí é) = ná raibh an séan ar an mbó; léanscrios ar an mbó mara …
→
diaidh
Caitheadh indiaidh a mhullaigh de'n bhicycle é, agus fhobair gur briseadh a bhaithis in éadan an chlaidhe. Ba mhaith a chuaidh sé as nach rinneadh (ndearnadh) a lá. Dhá mbeadh sé scaithín eile le fánaidh, níl a fhios agam cé'n chaoi a mbeadh sé aige
Thuit sé le fánaidh ins an bpoll báidhte. Chuir sé cupla driúillín aníos. Sin é a raibh faoi. Bhí a chorp istigh ins an snáth-mara, faoi cheann coicíse nó trí seachtainí
→
duirling
Is beag nachar bascadh sa dúrlinn indiu mé. Tá na clocha bealuighthe uiliog ag an bhfeamuinn lobhtha agus sciorr mé ar cheann aca agus baineadh treascairt asam, agus dar brígh an leabhair cuireadh síos le fánaidh uiliog mé
Bhí an fhairrge salach le runnaigh trathnóna. Dhá bhfeictheá ag dámhaireacht tímpeall na curaí iad. Feicfidh tú gur gearr go dteighidh siad le fánaidh anois.
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinic oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cé'n nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fánaidh ins na lag-phuill domhainne siúd mé. Is mise a bhí buidheach ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
+
→
dóirt
Dhóirt an bád le fánaidh ins an ngaoith = an uair a bhíos an-chóir ag bád, agus an-tsiubhal aice roimh an ngaoith, bíonn sí ag "dóirteadh le fánaidh" nó "ag dóirteadh síos".
TUILLEADH (7) ▼
"Dhóirteamar le fánaidh thrí fhairrgí a bhí cáithte; Gur shroicheamar an Ráth ó's ann a bhí ar dtriall" (An Caiptín Máilleach)
Tá sí ag dóirteadh le fánaidh anois is san ngaoith. Ní mór dóibh a bheith áirdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bhéas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóighide rud dó, ná a theacht in a lagar as deireadh an lae
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
Tá dóirteadh síos ann; tá dóirteadh le fánaidh ann = tá an-chaitheamh nó an-cheann le fánaidh ann; tá fánán mór ann
Ná bac le dóirteadh le fánaidh. Is strapadh ceart é. Níl na h-alltracha sin thuas ionga ná orlach níos measa.
Tá an-dóirteadh le fánaidh soir ins an ngarrdha údaidh agus é an-ghleannach. Bheadh duine thoir ann bliain, agus dheamhan a bhfeicfí é, mar dtugadh sé é féin le teasbánadh
An bhfaca tú Árd Gh. Uí L. ariamh. Sin é atá ag dóirteadh le fánaidh. Tá mé ag ceapadh nachar rugadh ariamh an capall a thiubharfadh tonna in a aghaidh. Dhá dtugadh, níor mhór an tír ag sáitheadh léithe
Chuaidh sé thríom an uair a thosuigh sé ag géaraidheacht turraic a chur ann agus a chuir síos le fánaidh ins an bpoll báidhte. Go maithidh Dia dhom é, is míllteach an rud é an cathú! Dhá dteigheadh sé síos uair amháin, aníos ní thiocfadh sé!