fána, le fána
—leagan ainmfhoclach
1.
a.
síos taobh an ísleáin; ón mbarr anuas.
+–
Bhí sé ag dul síos le fána an aird (an chnoic)
Nuair a bheas tú ag dul le fána, bí san airdeall ort fhéin go maith, mar níl aon ghaisce ar na brakes sin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbogtaí an chloch sin, níl a fhios cén t-achar a ghabhfadh sí le fána
Cas amach Ruaigeadh na pise le fána — ainm poirt
+–
Chaith sé amach é féin le fána na céibhe agus shnámh sé isteach ar an trá
Thit sé anuas le fána an chlochair
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thit sé anuas le fána an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
Thit sé le fána na srathrach den chapall
Chaith sé amach le fána na cruibeach as an lorry é
Téann na hailleadóirí síos le fána na haille in Árainn ag coilleadh neadrachaí éan
Thit sé anuas le fána an chrainn
Tá Bealach na Bó Finne imithe le fána na nAirde (fc. bealach)
+–
Go dtóga an diabhal le fána aille thú gan dochar gan díobháil dúinne! (eascaine)
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóga an diabhal le fána aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
TUILLEADH (1) ▼
Go dtóga an diabhal le fána aille thú — crosaim aríst thú! Tá an áit thrína chéile agat chuile phointe
b.
+–
Tá an-cheann le fána ann; caitheamh le fána; aghaidh le fána — steepness
Chomh luath agus a bhí an ceann le fána caite againn, thuirling muid agus shiúil muid scaitheamh
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an aghaidh le fána atá ansin
c.
+–
Bhí an bád le fána ón ngaoith — a bheith i bhfad ón ngaoith, nó gan a bheith ard sa ngaoith; dá mbeadh geallta bád ann (báid a bheith ag coimhlint le chéile) sí an bád a bheadh le fána ón ngaoith an bád is faide a bheadh ón ngaoith. Bheadh an chuid eile idir í agus an ghaoth
Bhí an bád s'againne ard sa ngaoith agus an chuid eile scaitheamh maith le fána
TUILLEADH (2) ▼
Fan amach uathu a fhleascaigh! Ligfidh muid le fána ón ngaoith í, nó tabharfaidh an Chorainn timpeall í
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
+–
Bhí an bád ag doirtim le fána (ag dórtadh le fána). Díreach ar an aighre a bhí sé (an ghaoth) agus tabhair gaoith uirthi! — nuair a bheadh gaoth theann i ndiaidh an bháid, nó an-chóir agat, bheadh an bád ag doirtim le fána
Bhí muid ag dórtadh le fána. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seol ach má chuir fhéin, bhí sé ina fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht ina chreatlach
TUILLEADH (2) ▼
Déan an seol sin a bhogadh roinnt, nó caithfear thart é agus an doirtim le fána atá orainn
Caith ar an luí chuige í nó go gcuire muid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomhuain is bheas sí ag doirtim le fána mar seo (an bád)
d.
le feacht, le sruth.
·
Chaith sé síos le fána na habhann é de shlat an droichid
Tá sé imithe le fána na habhann anois — leis an sruth
+–
Gabhfaidh uisce le fána shula fheicfeas tú aríst é — is fada go bhfeice tú aríst é
Dar Dia is iomaí uisce a chuaigh le fána ó shin, is iomaí sin — is fadó an lá é sin
TUILLEADH (1) ▼
Is iomaí uisce a ghabhfas le fána aríst sula dtaobhaí mise é fhéin ná a theach. Níorbh ait liom ariamh a dhul ag briseadh leicín an doichill ag aon duine
2.
leis an taoille, nó le gluaiseacht na farraige.
+–
Tá na ronnaigh ag dul le fána anois. Bhí siad anseo tá seachtain ó shin (in Árainn) — ag dul isteach an cuan faoi dhéin Chois Fharraige agus na Gaillimhe; ag dul isteach leis an tuile agus leis an sruth chuig na cladaí istigh
Bhí an-bháirí scadán anseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fána. Isteach faoi na seanchladaí s'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad anseo aríst gan mórán achair.
TUILLEADH (3) ▼
Fuadaíodh mo chaipín agus tugadh le fána í — do chaipín a fhuadach uait ar an bhfarraige agus í a imeacht sa sruth faoi dhéint na talúna. I gCuan na Gaillimhe cuirim i gcás, ghabhfadh sí chun an chladaigh ó thuaidh nó chuig Contae an Chláir de réir mar a bheifeá achar amach. Tabhair faoi deara go n-abraítear ard i bhfarraige nuair a bheifeá domhain sa bhfarraige nó i bhfad amach sa gcuan
'Mo ruainne beag cashmere (seál) a d'imigh le fána; Nach bhfaighidh mé go brách é ná tada ar a shon' — as amhrán faoi bhád. De bhord an bháid ar an gcuan a d'imigh an seál ón mbean
Chonaic mé an-phlás feamainne ansin amuigh inniu agus í ag dul le fána
+–
Is minic a thug tuile fear buile le fána — má bhíonn duine chomh danra agus go mbuailfidh sé faoin tuile (abhann, farraige) a cheansú, b'fhéidir gur báite a bheadh sé; ní cóir dúinn bualadh faoi rud atá thar ár n-acmhainn
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fána: sin é a fhearacht aigesean anois é. Ní shásódh tada é go dtéadh sé in aghaidh an bhaile uileag, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtaithe anois
TUILLEADH (1) ▼
Tharraing sé an iomarca rudaí air féin. Is maith an rud do dhuine freastal do rud nó dhó. Tá sé gan Murchadh gan Mánas anois. Is minic ar ndóigh a thug tuile fear buile le fána
3.
caite amach nó síos nó taobh na talúna, nó i ndiaidh do chinn.
+–
Tá an bhó sin an-mhór le fána — caite amach agus cromtha chuig an talamh; na guaillí a bheith silte síos léithe
Tá an capall an-mhór le fána. Ní thaitníonn an bhuaic shilte sin liom. Meas tú nach bhfuil truisle inti. Thabharfainn an leabhar go bhfuil.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an liúdramán mór seo thuas le fána ar fad anois. Na cléibh a rinne é sin air. 'Sé an portach an buachaill aige!
Tá an chú sin caite le fána ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meas tú an gortú a d'éireodh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghiorria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirthi ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
Féach freisin
→
bealach
fána in iontrálacha eile (50+)
→
farúch
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
→
fiar
Má tá tú le portach nua a oscailt ansiúd i mbliana, tabhair fiar siar dhó i gcruth is go mbeidh ceann le fána ag an uisce
→
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
→
fánach
Níl duine dhá fhánaí thíos i nGaillimh nach bhfuil aithne aige air — the most insignificant
TUILLEADH (1) ▼
Níl focal dá fhánaí dhá n-abrófá as do bhéal nach gcaithfeadh sé chuile údar a fháil faoi
+
→
fánaí 1
Ní féidir fir fánaí a fháil anois — fir a ghabhfadh ar páí leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtabharfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith ina fhear fánaí agat
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfaighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
Bhídís sin uileag ag imeacht ina bhfir fánaí, agus shaothraigh siad an domhan airgid. Bhí siad an-bharainneach.
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
Ní bhfaightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag sa ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leo a rogha rud a dhéanamh. Má thograíonn siad an lá a chaitheamh ina luí, níl aon ghair agat cur chucu ná uathu. Má chuireann imeoidh siad, agus beidh tú gan Murchadh gan Mánas ansin
→
fánaí 2
Céard atá an fánaí seo thíos a dhéanamh inniu? Ar ndóigh is beag an rath sin, mo léan — duine a bhíos ag fánaíocht, ach ciallaíonn sé fánadóir, (nó duine a bheadh le fán nó ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe) go minic freisin
→
cab
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
→
carracán
An bhfuil a fhios agat an moghlaeir mór a bhí ar forbhás ar stuaic an charracáin sin thiar i Leic an Rí (garraí)? Thit sí anuas le fána agus tá sí caite thíos sa log fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon bhó againn ann nó bheidís craptha isteach faoi ghiall an charracáin ar an bhfarra gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, agus dhéanfadh an daigéad siúd cuailín cnámh díobh.
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
Má théim ag iarraidh fear fánaí, dar mo choinsias, ní hé an cipiléirín sin a bhéarfas mé liom.
→
cúl
Chomhuain is mhair an tseanmhuintir, dheamhan deoir tae a d'fhéadfaí a ól sa teach thar cheann de ló, mura n-óltaí ar chúla téarmaí go díreach é. Fataí a d'fhaigheadh na fir fánaí a bhíodh acub ar a mbricfeasta. Cén bhrí ach tae i chuile theach sa tír an uair chéanna.
→
breá
Níor íoc sé an fear fánaí deiridh a bhí aige fós agus nach breá a chuaigh fear eile leis ina dhiaidh sin — níor íoc sé tuarastal an fhir páí a bhí aige go deireanach agus nach iontach a chuaigh fear eile ag obair aige ina dhiaidh sin.
→
feighil
Nach é a bhíonns ar bhfeighil a ghnaithí i gcónaí, ach is dhó is fusa ó fhéadann sé fir fánaí a íoc.
→
buail
Bhuail soinneán mé ar an bportach inniu, agus tabhair soinneán air! Murach chomh maith agus a thapaigh mé é, bheadh an t-asal scuabtha le fána sa bportach aige.
Beidh mé in mo bhúilleach ag an bhféar sin mura n-éirí liom fear fánaí a fháil — mura bhféada mé duine a fháil ar a lá páí, cinnfidh sé orm aon chóir a chur ar an bhféar cheal cúnta
→
aird 1
'Ceist agam ort a mhic Uí Mháille agus fuascail í go luath; Cé mhéad galún sáile a théanns le fána na hEasa Rua.' Freagra: 'Is deacair í a thomhais ina cárta, mar tá sí luaimneach luath; Ach an méid nach dtéann san áibh dhi, téann sé an t-aird ó thuaidh' (nó an aird ó thuaidh) — ceist a chuir taibhse ar dhuine a bhí ag dul thar dhroichead san oíche. Murach chomh habartha agus a d'fhreagair mo dhuine é, bhí sé lena mharú (Áibh = áibhéis; poll duibheagáin)
→
aire
Fainic Dia aithnítear, nach dtabharfá aire mhaith dhuit fhéin ar an bhfarraige, mar is fánach an chaoi a dtitfeá amach le fána de charraig.
+
→
ard 1
Tá caitheamh le fána mór (ceann le fána mór) in Ard Bhearna.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí gearradh faoi ag dul le fána an aird.
→
átha
'Átha san abhainn, sin linn uisce thanaí a mbíonn an t-uisce marbh ann, gan a bheith ag rith mar a bhíos sruth le fána, agus gan bun móna nó créafóige ina íochtar ach scaineamh. Is ionann scaineamh agus fíorghaineamh, gaineamh mín. Scuabann an sruth an gaineamh léithe go dtagann sé go dtí an átha. 'Sé an áit a gcónódh an gaineamh ar an átha. Bíonn uisce éadrom ar an átha' (Peadar Chois Fharraige — lch 69)
→
failic
An fhailic is fánaí a gheobhadh bó ar an dúlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tite ina phleibistín
Tá an poll sin fealltach san oíche mura mbeadh an-eolas agat ann. Ní chuimhneodh duine go mbeadh cor ar bith sa gcosán nó go gcuirfí ar a bhéal agus ar a fhiacla le fána é
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí in ann carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí nach bhfuil sí tite leis an truisle atá inti. Ní bheidh lá sásaimh aige uirthi go deo go ndíola sé í
→
dairt
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana agus ní fhaca tú aon ghábh ariamh mura ndeachaigh mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uileag ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha acu, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na méaróig liom gan doubt. Ó fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fána aríst shula fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
→
deannach
Ná raibh Dia ag asail muise mura raibh sé ag baint deannaigh as ceathrúnaí an asail soir le fána. Feac láí a bhí aige agus níl aon iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na heasnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. 'Tabharfaidh mé ag an bpóilí tú,' adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine," adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscaidh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
+
→
dia 1
Ná raibh Dia leis an mbó mura soir léithe le fána, agus mise sna seala babhtaí ina diaidh, agus é ag cinnt orm a dhul roimpi! (sórt eascainí é) — ná raibh an séan ar an mbó; léanscrios ar an mbó mura …
TUILLEADH (1) ▼
Go deimhin féin, is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith, chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caite ann
→
diaidh
Caitheadh i ndiaidh a mhullaigh den bhicycle é, agus fhóbair gur briseadh a bhaithis in éadan an chlaí. Ba mhaith a chuaigh sé as nach rinneadh (ndearnadh) a lá. Dhá mbeadh sé scaithín eile le fána, níl a fhios agam cén chaoi a mbeadh sé aige
Thit sé le fána sa bpoll báite. Chuir sé cupla driúillín aníos. Sin é a raibh faoi. Bhí a chorp istigh sa snáth mara faoi cheann coicíse nó trí seachtainí
→
droim
Is gearr go mbeidh sé de dhroim tí agus árais má mhaireann dó. Ní dhearna sé smeach ar bith i mbliana thar is ariamh. Láí níor chuir sé i dtalamh ó tháinig earrach nó gur imigh sé, cé is moite de na cupla súileoigín fhataí a chuir fear fánaí dhó. Nach diabhaltaí an spreallaireacht atá air seachas aon duine. Bhí áit theolaí aige muise dhá dtugadh sé aire dhó
→
duirling
Is beag nár bascadh sa duirling inniu mé. Tá na clocha bealaithe uileag ag an bhfeamainn lofa agus sciorr mé ar cheann acu agus baineadh treascairt asam, agus dar brí an leabhair, cuireadh síos le fána uileag mé
Bhí an fharraige salach le ronnaigh tráthnóna. Dhá bhfeictheá ag dámhaireacht timpeall na curaí iad. Feicfidh tú gur gearr go dté siad le fána anois.
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinig oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cén nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fána sna lagphoill domhaine siúd mé. Is mise a bhí buíoch ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
→
díol 2
Ní bhfuair sí a díol scoile le bheith in ann a dhul ina nurse. Is mór an lear scoile nach mór do dhuine anois leis an bposta is fánaí ar bith a thógáil
Tá neart fir fánaí díomhaoineach ar fud na tíre, agus breá nach bhfaigheann sé duine acu, agus an stoca fada siúd (sparán) a bhearnú
+
→
dóirt
Dhóirt an bád le fána sa ngaoith — nuair a bhíos an-chóir ag bád, agus an-tsiúl aici roimh an ngaoith, bíonn sí ag dóirteadh le fána nó ag dóirteadh síos
TUILLEADH (3) ▼
"Dhóirteamar le fána thrí fharraigí a bhí cáite; Gur shroicheamar an Ráth ós ann a bhí ar dtriall" (An Caiptín Máilleach)
Tá sí ag dóirteadh le fána anois is sa ngaoith. Ní mór dóibh a bheith airdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bheas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóichíde rud dó, ná a theacht ina lagar as deireadh an lae
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin