Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Féirín
Ainmfhocal, Fireann
1.
bronntanas a thiúrfaí ó aonach, ó shiopa, ón mbaile mór, chuig duine; brontanas beag ar bith; les etrennes.
+
"Fuair mé féirín lá aenaigh ó bhuachaillín deas Agus céad póg an lá 'na dhéidh sin ó phlúr na bhfear … " "I got a fairin' one fair-day from a handsome young man an' twenty bright kisses from my own darlin' John" (An Droighneán Donn)
Tháinig tú abhaile agus gan féirín ar bith agad do na gasúir
TUILLEADH (4) ▼
Cén féirín Nollag a fuair tú?
An bhfeiceann tú an féirín a thug sí dhom?: péire miotógaí
Caith uait an t-iongás sin. B'fhéidir gur thú fhéin a mharú a dhéanfá leis. Da mba féirín é, ní thiúrfadh sé dhuit é
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta aithinte dhá mbá rud ar fónamh é, nach dhomsa a thiúrfadh sé é
2.
éadáil, ailím.
+
Is deas an féirín a thug sé isteach san teach againn; an ghrís sin. Ní fhágfaidh sí aonduine againn anois ó liath go leanbh nach siúilfidh sí = "éadáil"
Tá féirín anois agad de bharr do chuid "rantála"! Thú tachtuithe le slaghdán
TUILLEADH (6) ▼
Ach le scéal fada a ghiorrú, sén féirín a bhí agam fhéin de bharr an damhsa, m'ordóig a bheith amuigh
Diabhal bréag nach mbeadh féirín agam dhá bpósainn í sin
Ba mhaith an féirín a bhuail siad air: conús caillí gan pínn gan bonn
Tá féirín aige muis má cheannuigh sé an gamhain. Is mór an t-ár é "dhá bhearradh fhéin"
Sin í an cailín aimsire a fuair sé: inín Sh. Ch. M'anam muise gur maith an féirín atá ar an urlár anois, má tá gaol ar bith aice len a hathair
D'imigh sé, agus tháinig sé aríst, agus go deimhin má d'imigh agus má tháinig bhí féirín leis ag teacht! Scearach a bhí air. Thóig an baile uaidh í, agus ba ar ín ar éigin a scar sí leo chor ar bith. Bhí breithiúnas báis ar T. Mh. aice

Féirín in iontrálacha eile (12)

 
fág
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do shean-chaipín. 'Ar ndó' níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear fáitear é, adeir siad, agus scéal cinnte nar goideadh do shean-chaipín-sa. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
 
anam
M'anam ag Dia, maran deas a' féirín a thug tú isteach chugainn!
 
Is áidhbhéil an lear dinndiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraint, le "leaibhrín rations" a fháil. Diabhal aithne orra nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon-lá de'n ádh ar an saoghal ó 'thosuigh siad ag toidheacht amach
 
Leig de do chuid cumadóireacht' anois. Meastú an gcreidfeamuid thú? Cé a phósfadh an diocaichín dona úd? Dheamhan bean a phósfadh é dhá mbeadh Éire taobh leis. Bheadh féirín ag an mbean a phósfadh é sin muis!
 
doirb 1
An bhfeiceann tú an doirb. Is olc an cailín í sin. Bó ar bith a thóigfeas í sin anois, beidh féirín aice.
 
Is deas an fear a fuair sé dhá inghin faoi dheire thiar thall: an dreolán teasbaigh sin. Tá féirín maith aice muis, ma ghníonn sí é siúd a bhuachailleacht
 
Ní féidir seasamh chor ar bith ann, (cur suas leis; "to tolerate it") ag a bhfuil sé a chaitheamh anuas de ghriúillíní súighe. Marach sin is ann a ghabhfainn ar cuairt 'chuile oíche beo, mar gheobhthá spóirt an tsaoghail mhóir ann ar N. Ach ní féirín do dhuine a bheith ag imeacht agus a bháinín in a phéist an dá shúil dhéag aige.
 
Níor chás é dhá mbadh goin adhairce é, ach ní h-eadh. Drúcht guiríní atá ag cruthú ann. Fuíoll eicínt é sin as an ngrís a bhí orm annseo imbliana. Sách rite a ghabh sé liom a cur as mo chraiceann, ach nuair a chuir féin d'fhága sí an féirín seo agam in a diaidh. Ní maith liom a dhul i láthair duine ar bith leó.
 
duán
Splanctha indiaidh fir atá an chlann inghean sin uiliog aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orra féin i scatháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, má's fíor dóib féin annsin trathnóna, agus a gcuid eochraí ar an dubhán aca. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar indiaidh an scaoinn árd sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
 
dán
Chuir muid dán uirre agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina h-aice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
 
Ní dhéanfainn mór léithe dhá mbeadh Éire taobh léithe. Ba deas é m'fhéirín muis: scaoinn mhór fhada bhealuighthe, agus muineál corr-éisc uirre. Ba mhaith an dóigh í le t'ais ins an leabaidh maidin sheaca!
 
Cuirfidh sí an mac ins na fir mhóra nó is cinneamhaint críochnuighthe uirre é. Ar chuala tú ag caint an oíche cheana í: go raibh inghean Ph. ag dul as a craiceann in a dhiaidh. Dar príosta muise, is fiú dhi. Beidh féirín aice, ach é siúd a bheith in a chéile leabthan aice