féirín
—ainmfhocal, fireann
1.
bronntanas a thabharfaí ó aonach, ó shiopa, ón mbaile mór, chuig duine; bronntanas beag ar bith; les etrennes.
+–
"Fuair mé féirín lá aonaigh ó bhuachaillín deas; Agus céad póg an lá ina dhéidh sin ó phlúr na bhfear … " "I got a fairin' one fair-day from a handsome young man an' twenty bright kisses from my own darlin' John" An Draighneán Donn
Tháinig tú abhaile agus gan féirín ar bith agat do na gasúir
TUILLEADH (4) ▼
Cén féirín Nollag a fuair tú?
An bhfeiceann tú an féirín a thug sí dhom?: Péire miotógaí
Caith uait an t-ioncás sin. B'fhéidir gur thú fhéin a mharú a dhéanfá leis. Da mba féirín é, ní thabharfadh sé dhuit é
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta a aithinte, dhá mba rud ar fónamh é nach dhomsa a thabharfadh sé é
2.
éadáil, ailím.
+–
Is deas an féirín a thug sé isteach sa teach againn; an ghrís sin. Ní fhágfaidh sí aon duine againn anois ó liath go leanbh nach siúlfaidh sí — éadáil
Tá féirín anois agat de bharr do chuid rantála"! Thú tachtaithe le slaghdán
TUILLEADH (6) ▼
Ach le scéal fada a ghiorrú, 'sé an féirín a bhí agam fhéin de bharr an damhsa, m'ordóig a bheith amuigh
Diabhal bréag nach mbeadh féirín agam dhá bpósainn í sin
Ba mhaith an féirín a bhuail siad air: cunús caillí gan pínn gan bonn
Tá féirín aige muis má cheannaigh sé an gamhain. Is mór an t-ár é dhá bhearradh fhéin
Sin í an cailín aimsire a fuair sé: inín Sh. Ch. M'anam muise gur maith an féirín atá ar an urlár anois, má tá gaol ar bith aici lena hathair
D'imigh sé, agus tháinig sé aríst, agus go deimhin má d'imigh agus má tháinig, bhí féirín leis ag teacht! Scearach a bhí air. Thóg an baile uaidh í, agus ba ar ín ar éigean a scar sí leo chor ar bith. Bhí breithiúnas báis ar T. Mh. aici
féirín in iontrálacha eile (12)
→
fág
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do sheanchaipín. Ar ndóigh níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear faightear é, adeir siad, agus scéal cinnte nár goideadh do sheanchaipínse. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!
Is áibhéil an lear dintiúirí agus páipéir a chaithfeas fear a tharraingt le leaibhrín rations a fháil. Diabhal aithne orthu nach féirín a bheidís a thabhairt do dhuine. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad ag teacht amach
→
diocach
Lig de do chuid cumadóireachta anois. Meas tú an gcreidfidh muid thú? Cé a phósfadh an diocachín dona úd? Dheamhan bean a phósfadh é dhá mbeadh Éire taobh leis. Bheadh féirín ag an mbean a phósfadh é sin muis!
→
doirb 1
An bhfeiceann tú an doirb. Is olc an cailín í sin. Bó ar bith a thógfas í sin anois, beidh féirín aici
→
dreolán
Is deas an fear a fuair sé dhá inín faoi dheireadh thiar thall: an dreolán teaspaigh sin. Tá féirín maith aici muis, má ghníonn sí é siúd a bhuachailleacht
Ní féidir seasamh chor ar bith ann (cur suas leis; to tolerate it), ag a bhfuil sé a chaitheamh anuas de ghriúillíní súí. Murach sin is ann a ghabhfainn ar cuairt chuile oíche beo, mar gheofá spóirt an tsaoil mhóir ann ar N. Ach ní féirín do dhuine a bheith ag imeacht agus a bháinín ina phéist an dá shúil dhéag aige
→
drúcht
Níor chás é dhá mba goin adhairce é, ach ní hea. Drúcht goiríní atá ag cruthú ann. Fuíoll eicínt é sin as an ngrís a bhí orm anseo i mbliana. Sách rite a ghabh sé liom a cur as mo chraiceann, ach nuair a chuir féin, d'fhága sí an féirín seo agam ina diaidh. Ní maith liom a dhul i láthair duine ar bith leo
→
duán
Splanctha i ndiaidh fir atá an chlann iníon sin uileag aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orthu féin i scátháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, más fíor dóibh féin ansin tráthnóna, agus a gcuid eochraí ar an duán acu. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar i ndiaidh an scaoinn ard sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
→
dán
Chuir muid dán uirthi agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina haice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
→
déan le
Ní dhéanfainn mór léithe dhá mbeadh Éire taobh léithe. Ba deas é m'fhéirín muis: scaoinn mhór fhada bhealaithe, agus muineál corr éisc uirthi. Ba mhaith an dóigh í le t'ais sa leaba maidin sheaca!
→
téigh i
Cuirfidh sí an mac sna fir mhóra nó is cinniúint críochnaithe uirthi é. Ar chuala tú ag caint an oíche cheana í: go raibh iníon Ph. ag dul as a craiceann ina dhiaidh. Dar príosta muise, is fiú dhi. Beidh féirín aici ach é siúd a bheith ina chéile leabthan aici