Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul thar
1.
a.
+
Níl aon-ghoir agam a dhul thar chlaidhe ar bith ag an gcois atá agam
Chuaidh mé thar claidhe = thar an gclaidhe; thar chlaidhe áirid; is minic gur le ócáide a bhíos sé i gceist (fc. téigh go, "thar claidhe". Níl aon-séimhiú ar an c)
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé ag dul thar abhainn agus chonnaic sé madadh
Chuaidh sé thar abhainn
An dteigheann a chuid talmhana thar bóthar (thar an mbóthar)
Ní fhaca mé ariamh é féin ná aonduine dhá dhream nach mbeidís ag dul thar tórainn
Gabhfaidh mé thar fairrge go goirid = go tír eile
b.
+
Tá an buicéad ag dul (ag cur) thar béal = tá an iomarca uisce ann
Chuaidh an tubán sin thar béal indé
TUILLEADH (4) ▼
Tá an claise ag dul thar bruach
Gabhfaidh an cléibhín sin thar maoil má chuireann tú mórán eile ann
Tá an teach ag dul thar drad len a bhfuil de dhaoine ann = tá sé ag dul thar maoil
Chuaidh an ghloine thar buinne bruach len ar chuir sé innte
c.
·
Chuaidh an oíche thar druim; tá an oíche ag dul thar druim (fc. druim)
2.
a.
+
Chuaidh sé thar mar ba cheart dó a dhul = chuaidh sé ro-fhada le turas, le caint, le ól, le achrann, le scéal agus rl.
Chuaidh tú thar mar ba cheart duit a dhul. Bhí agad na beithidhigh a fhuagairt di, agus na póilíos a bhagairt uirre, agus gan níos mó a rádh. In a leabaidh sin, d'ionnsuigh ort ag sciolladóireacht
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh sé thar mar ba cheart dó a dhul leis an bpoitín.
Ná teirigh thar mar is feilmheanach duit a dhul anois leis an ól
+
Chuaidh sé thar chomhairle = ní dhéanfadh sé comhairle duine ar bith; ní dhéanfadh sé an chomhairle a tugadh dhó
Ná teirigh coidhchin thar chomhairle mhaith
TUILLEADH (4) ▼
Ní féidir le saighdiúr a dhul thar a ordú
Cé'n uair a chuaidh póilí thar an rud adéarfadh a chuid comhairleachaí leis
Ná gabh thar m'aithne anois = thar an rud adeirim leat
Chuaidh sé thar chrois na ndaoine = na rudaí a bhí ráidhte aca; nó rudaí ar chuir na daoine bacainn orra (fc. crois)
+
Tá sé gaibhte thar smacht athar agus máthar (ach "tá sé gaibhte ó smacht")
Chuaidh sé thar smacht máistir agus sagairt
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh sé thar smacht baile agus muintire
Níor leig an faitíos dó a dhul thar smacht Sh.
+
Chuaidh tú thar an gceart = an méid a d'fheil duit; do dhíol (óil, cainte, coimheasa, achrainn agus rl.)
Níl mise ag iarraidh ort a dhul thar an gceart, ach féadfaidh tú an buinín (gloine) seo a ól agus ní ghoillfidh sí ort. Dheamhan goilleamhaint muis
TUILLEADH (1) ▼
Ní dheachaidh sé thar an gceart chor ar bith. Choinnigh sé gúaim mhaith air fhéin. Dhá mbadh mise a bheadh ann, bheadh sé buailte agam gan éisteacht ar bith
+
Ní fhéadfaidh duine a dhul thar an bhfírinne igcúirt. Is furasta mionna éithigh a thabhairt
Níl mé ag dul dubh na h-iongan thar an bhfírinne. Sin é an rud adubhairt sé. Nár leigidh Dia go gcuirfinnse bréag air!
TUILLEADH (1) ▼
Má's leat gan a dhul thar an bhfírinne, níl agad é sin a tharraint anuas chor ar bith. Ná bac leis
+
Ní raibh agad a dhul thar chuíbheamhlacht ar chaoi ar bith pé'r bith céard a dhéanfá = níor cheart duit a dhéanamh ach an rud cuíbheamhail, nó an rud ceart cóir
Tá siad ag dul thar cuibheas ar fad anois = ag dul ro-fhada le rud; losing all sense of proportion, passing all seemliness agus rl.
TUILLEADH (8) ▼
Má ghníonn muid sin beidh muid ag dul thar ghreann. Deir siad an uair is fhearr an sugradh gurb eadh is fearr leigean dó
Má rinne sé sin chuaidh sé thar thuataighil fhéin = rinne sé thar a bheith túatach é
Ní fhaca mise a mhacsamhail ariamh. Chuaidh sé thar phéisteántacht
Chuaidh sé thar a bheith in a spóirt an uair a thug tú cic ins na h-asnacha dhom
Tá sé ag dul thar mhagadh (nó, thar a bheith in a mhagadh) anois, agus b'fhearr eirghe as sílim
Chuaidh sí thar a maith fadó = tá a maith caithte aice le fada
Sin é do dhíol. Níl aon-dul thairis sin. Eirigh as anois
Ní raibh aige a dhul thairis sin, ach dubhairt sé a raibh in a bholg 'nuair a bhuail an speidhear é. Sílim go ngabhfaidh a chuid cainte daor air, go ngabhfaidh sin
+
Tá talamh ag dul thar a luach anois = ro-dhaor; níos mó ná is fiú é
Tá 'chuile earradh ag dul thar a luach anois ó thosuigh an cogadh. Nach fíor dhom é?
TUILLEADH (1) ▼
Níl tada ag dul thar a luach anois ach feoil. Tá sí in a h-ór
b.
+
Níl aon-dul thar a chuid cainte = caithfear a theacht suas ar a chuid cainte; caithfear an rud adéarfas sé a dhéanamh
Níl aon-dul thar a fhocal sin. Sin é an máistir
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-dul thar an ngiúistís a mhic ó, nó má tá, is duine dícéillidhe a ghabhfadh thairis. Dhá dtugtása é sin go h-árd-chúirt agus dhá gcaithtí aríst thú, bheitheá dhe dhruim tighe. Is tú a bheadh
Níl aon-dul thar an rud adéarfas an sagart. 'Sé béal na fírinne é
Má dubhairt sí sin, níl aon-dul thairti. Sin í an comhairleach
+
Is furasta a dhul thar an sagart seo thiar = is furasta a thuarastal, a dhualgas nó a chuid a thabhairt; nó is sagart é nach bhfuil araoid nó ceist aige ar aonduine
B'fhurasta a dhul thar an máthair an fhad agus a mhair sí. Níor mhiste dhuit dhá mbeitheá gan aon-phighinn a íoc léithe ó bhliain go bliain. Ach ní hé sin do'n inghin é ó a ghabh sí ins an siopa. Tá sí sáthach géar a mh'anam
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal mé go mb'éascaidh a dhul thar an máistir a bhí annsin cheana. Bhí sé an-lághach le na gasúir, agus deir siad go mbadh togha máistir é ina dheidh sin. Brúisc é an fear seo
Níl sé an-deacair a dhul thar Th. dhá mbeadh duine díreach chor ar bith leis, agus é a íoc nuair a bheadh sé aige. Is minic a tháinic sé annsin ceathair nó cúig de chuarta agus a d'imigh sé aríst agus a dhá láimh cho fada le chéile. Ach dheamhan smid adéarfadh sé in a dheidh sin, ach "b'fhéidir go mbeadh sé agaibh nuair a chasfaí an bealach aríst mé".
Is furasta a dhul thar an ngiúistís seo má tá duine réasúnach chor ar bith. Ní mórán "fine"annaí troma a chuaidh suas chor ar bith ó a tháinic sé ann. Chuir sé príosúntacht ar dhuine annseo agus annsiúd, ach nachar thuill siad é?
D'fhéadfadh duine ar bith a dhul thar an "sergeant" sin marab é a chiontsiocair féin é. Duine an-réidh é an "sergeant". Ach tá dream ann nach beo iad mara mbeidh siad ag gleo agus ag bruighin agus ag cur na tíre thrídh na chéile.
Bíonn sé ag sclamhaireacht leis mar sin, ach gan áird ar bith a thabhairt air. Is furasta a dhul thairis, mara leigidh tú ort féin go gcloisfidh tú chor ar bith é. Ba é an t-athair a bhí géar ar bhuachaillí aimsire go ndéanaidh Dia grásta air!
Is furasta a dhul thairis ag daoine. Níor mhiste do chuid de na daoine dhá mbeidís gan aon-phighinn a thabhairt dó 'chaon deich mbliana, dheamhan a leanfadh sé faoi iad, ná a bhfuil a fhios agam an iarrfadh sé amháin é. Ach dar brígh an leabhair tá sé an-éadóchasach le daoine eile (fc. éadóchasach)
+
Má ba é an bás a gheall Dia dhó, ní raibh a dhul thairis aige. Chaithfeadh sé a dhul thríd = ní fhéadfadh sé a sheachaint; ní raibh a theacht uaidh aige
Má sin í an bhean a bhí indán duit, ní raibh a dhul thairti agad. Chaithfeá a pósadh. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort, nó ná leagaim: má's tú atá indán dom, is tú a bhéas agam"
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon-chall duit tsiocair ar bith a thabhairt duit féin. Bhí an méid sin le t'aghaidh. Ní raibh a dhul thairis agad.
Bhí a lá caithte. Ní raibh a dhul thairis sin aige
An uair a bhéas do sheal tugtha, ní bheidh a dhul thairis sin agad. Caithfidh tú imeacht má's olc maith leat é
3.
a.
+
Chuaidh sé tharm ar an mbóthar = scoth sé mé
Chuaidh mé thairis ag Árd Dh. L.
TUILLEADH (7) ▼
Má bhí sé romham, ní dheachaidh mé thairis. Chaithfeadh sé go ndearna sé an dubh-dheifir
Má chuaidh sé suas, ní fhacaidh mé é ag dul thar an teach
Bhí mé gaibhte thairis shul a d'aithin mé é
Ní dheachaidh sé thart ar feadh an bhóthair aníos!
Thiocfadh dó a dhul tharainn ingan fhios, ach má chuaidh níor thug muid faoi deara é
Cá ndeachaidh sé tharaibh. Ag Gleann an Gh. Bh. ab eadh?
Chuaidh mé thar go leor lochannaí an taobh ó thuaidh de'n bhóthar
·
Is éascaidh a dhul thar dorus tighe gan madadh = is furasta caismirt nó araoid a chur ar dhuine atá lag nó bocht nó nach bhfuil indon cur ar a shon féin
Is maith a tháinic tú anall annseo le do rí agus fios agad go raibh mise feidheartha. D'aithin tú cá gcuirfeá é. Ach is cóir adeir siad gur furasta a dhul thar dhorus tighe gan madadh
+
Tá an bríste seo ro-fhairsing dom. Nach bhfuil sé ag dul amach thar béal mo bhróige
Tá do léine ag dul amach thar do threabhsar. Shílf[eá] go mbeadh puinteáilteacht eicínt ionnad thairis sin, nó cuíbheamhlacht féin
TUILLEADH (2) ▼
Tá an tslinn ag dul amach ro-fhada thar an mballa
Tá cois leis ag dul amach thar an gcois eile
·
Ní dheachaidh an focal sin thar mo bhéal ariamh = níor dhubhairt mé é
Sin focal nach ndeachaidh thar a bhéal ariamh, agus ná bí ag cur bhréag air
b.
+
Bhí a theanga ag dul amach thar a bhéal le dúil ionnta
Tá a theanga ag dul amach thar a bhéal le tóir ar an bpórtar
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath agus a bhfacaidh sé an fuisce thosuigh a theanga ag dul amach thar a bhéal
+
Chuaidh cloch amach thar mo chluais (le mo chluais) = an-ghar dom
D'airigh mé na h-urchair ag dul amach thar mo chluais
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis a chuaidh amach thar mo chluais = scoth sé mé agus choinnigh sé an-ghar dom, fearacht agus dá mbeadh sé ag tabhairt mo dhubhshláin
c.
+
Chuala mé ag dul tharm go raibh tú ag dul ag pósadh = chuala mé luaidreán, ráfla
"Chuala mé ag dul tharm é, ag fear as an Áird Mhóir, gur h-eitigheadh Seoirse Cartúr faoi inghin Dhomhnaill Phóil" (as lúibín)
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mé ag dul tharm é, ach níl a fhios agam an fíor bréag é. Thiocfadh dó gurb é an fhírinne é, mar sin féin
Meastú an mise atá dhá chumadh. Is beag an baoghal. É a chloisteáil ag dul tharm mar sin: sin é a bhfuil d'údar agamsa leis. Má's fíor nó bréag é, ní deas an scéal é, ar chaoi ar bith
Dheamhan a fhios agamsa ó árd-bhonnaidheachaí an diabhal céard is cor dó, agus is cuma liom, ach an chaint sin a chloisteáil ag dul tharm. Is beag an chluais a thug mé do'n scéal, ach tá mé dhá innseacht duitse anois, mar a chuala mé fhéin é, gan focal a chur leis ná a bhaint uaidh
d.
+
Bhí poitín ag dul faoi agus thairis ariamh agus níor ól sé aon-deoir dhe. Nach diabhaltaí a chruthaigh sé agus fanacht uaidh = bhí sé ins 'chuile áit timpeall air; d'fhéadfadh sé a fháil 'chuile phuinte
Maidir liomsa a mhic ó, tá ól ag dul fúm agus tharm i gcomhnaí, ach ní thiubharfainn bolg dó. B'fhearr liom muigín leamhnacht' ná a bhfuil d'ól déanta
TUILLEADH (8) ▼
Ná bac liomsa ná le mo chuid creathnaigh. Tá creathnach ag dul fúm agus tharm 'chuile lá, ach ní móide go gcreidfeá mé má dheirim leat nach ndeachaidh aon-cheo dhe ar mo bhéal le deich mbliana. Tá sé cho fairsing againne agus nach bhfanann leath-suim' againn ann
Bíonn báid aeir Mheiriocá ag dul fúinn agus tharainn 'chuile oíche. Níl mórán oíche ar bith nach n-airigheann muid ag dul thart iad — ag teacht isteach ó'n bhfairrge
Ins an áit a gcomhnuighimse tá cnathanna ag dul fúm agus tharm. Tá an áit faoi choll agus faoi chreigeanna agus faoi rasáin ar fad. D'fhéadfainn buta a chur chugad uair ar bith má tá aon-tsaint agad annta
Go dtugaidh Dia ciall duit! Tá obair ag dul faoi agus thairis 'chuile lá ins an aer, ach is fhearr leis ag cothú na splaince in a dheidh sin ná a dhul amach agus buille eicínt a dhéanamh. 'Sé'n díomhaontas a bhuac sin, agus ba é ariamh
Nach bhfuil airgead ag dul fút agus tart ins an áit a bhfuil tú má tá sé de rath ort a shaothrú. Tá an oiread criathraigh annsin thuas agad agus nach bhfeicfidh tú ídighthe go bráth é. Breagh nach mbaineann tú móin? Tá daoine thart annsin ar na bailteachaí ag strócadh ag iarraidh fir fánaighe agus ní ghabhfá leo
Ní díol-truaighe ar bith é fear na tíre seo dhá bhfaghadh sé ocras féin. Nach bhfuil beatha ag dul faoi agus thairis. Tá neart faochan agus báirnigh agus cnuasach cladaigh annsin thíos (ins an gcladach). Tá neart éisc annsin amuigh ar an gcuan, dhá mbeadh sé de rath air a dhul in a dhiaidh. Tá na breaclachaí sin beo le coiníní dhá gcuireadh sé d'anró air féin súileanna ribe a chur. Cá'r fhága tú a bhfuil de sméara agus de chubharláin, agus de thorthaí eile timpeall annsin. Is mór a thiubharfaí orra in áiteacha eile dhá mbeidís ann, ach níl
Bhí damhsaí ag dul faoi agus thairis ariamh agus aindeoin sin, sílim dheamhan coisméig (coiscéim) aige. Níor thug sé faoi deara dhó féin a dhul ag aon-damhsa ariamh. B'fhearr leis istigh ag saghdadh faoi shean-riadairí agus ag fáil spraoi orra
Nach bhfuil "cigarettes" ag dul fúib agus tharaibh thoir annsin. Chuala mé go mbíonn siad go barr-bachall tigh Mh. igcomhnaí. Indomhnach teigheann dream as seo soir i gcomhnaí ann 'nuair a bhíos siad asta ins an áit seo, agus níor chuala mé gur h-eitigheadh ariamh iad
e.
+
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ach lann rásúir a cheannacht ach tháinic mé abhaile dhá h-uireasbhaidh in a dheidh sin. Sin é an dearmad igcomhnaí = bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht
Níl ag dul fúm ná tharm ach castáil uirre sin, nó go gcasaidh mé léithe an chaint a chaith sí fúm. An rálach bhradach is beag an dochar di náire a bheith uirre a dhul ag caitheamh a leithid de chaint faoi dhuine ar bith
TUILLEADH (8) ▼
Ní raibh ag dul fúithe ná thairti ach sagart a dhéanamh de'n mhac sin, ach feacha an deis atá anois air: ina chiseach le ól is 'chuil' áit. D'eireochadh di croidhe dubh féin a bheith aice. Thóig sí é sin go muirneach — ro-mhuirneach b'fhéidir.
Níl ag dul faoi ná thairis anois ach píosa talmhan' a fháil isteach i gcluasa an bhaile mhóir go dteighidh sé ag garrdhadóireacht agus ag cur "greens". Dar leis, déanfaidh sé saidhbhreas ar mheacna, ar oinniúin agus ar an ngabáiste chatach sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is fusa na rudaí sin a rádh ná a dhéanamh
'Ar ndú' níl ag dul fúm ná tharm ach é. Bhí mé len imeacht an t-am ar ghlan J. C. leis, ach chuaidh an tsean-bheirt go bog agus go cruadh orm, agus chaith mé as mo chloigeann aríst é. Faitíos atá orra faoi na rudaí nua seo atá ag toidheacht anall — an V2 — ach má tá an t-imeacht ar dhuine 'sé an cás céadna dhó cá mbeidh sé. Is maith gasta a mharbhóchthaí duine ins an mbaile freisin
Ní raibh ag dul faoi ná thairis leis an fhad seo ach léasadh a thabhairt d'E. "Nuair a bhéarfas mise air cuirfidh mise faoi ndeara dhó, feicfidh sé féin air." In a leabaidh sin, 'sé E. a thug an léasadh dhó-san lá an aonaigh. Thug agus léasadh diabhalta
Ní bhíonn ag dul fúm ná tharm 'chuile oíche ach scríobhadh aice, ach níl oíche ar bith nach mbacann rud eicínt in a dheidh sin mé. Chinnfeadh ort tada a dhéanamh ins an teach se'againne aon-oíche ag brothtuinn agus ag scoin-mhíol an bhaile ag eirghe in áirde agus ag gleo
Bhí mé inG. le trí Shatharn anois, agus 'sé a raibh ag dul fúm agus tharm 'chuile Shatharn, miodaichín eicínt de scian bheag a cheannacht a ghearrfadh mo ghráinne tobac dhom. Agus meastú ar fhéad mé cuímneachtáil uirre lá ar bith in a dheidh sin
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cé'n chaoi atá ar an tsean-bhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh in a dheidh sin, agus nach bhfuair mé ionbhadh air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire gabhfaidh mé ag breathnú uirre imbáireach. Níor chumaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anshógh ar dhuine. Diabhal bréag nar mhaith
Ní raibh ag dul faoi ná thairis 'nuair a bhí muid i M. ach a dhul isteach go B. L. go dteigheadh sé ag breathnú ar Mh. Dh. "Meastú cé'n t-am a mbeidh muid ins an mbaile" arsa mise. "Ar maidin" adeir sé. "Má theigheann muid ann, ní leigfidh siad abhaile anocht muid"

Féach freisin

thar