Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh thar
1.
a.
+
Níl aon ghair agam a dhul thar chlaí ar bith ag an gcois atá agam
Chuaigh mé thar claí — thar an gclaí; thar chlaí áirid; is minic gur le ócáide a bhíos sé i gceist (fc. téigh go. thar claí, níl aon séimhiú ar an c)
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé ag dul thar abhainn agus chonaic sé madadh
Chuaigh sé thar abhainn
An dtéann a chuid talúna thar bóthar (thar an mbóthar)
Ní fhaca mé ariamh é féin ná aon duine dhá dhream nach mbeidís ag dul thar tórainn
Gabhfaidh mé thar farraige go gairid — go tír eile
b.
+
Tá an buicéad ag dul (ag cur) thar béal — tá an iomarca uisce ann
Chuaigh an tobán sin thar béal inné
TUILLEADH (4) ▼
Tá an claise ag dul thar bruach
Gabhfaidh an cléibhín sin thar maoil má chuireann tú mórán eile ann
Tá an teach ag dul thar drad lena bhfuil de dhaoine ann — tá sé ag dul thar maoil
Chuaigh an ghloine thar buinne bruach lenar chuir sé inti
c.
·
Chuaigh an oíche thar droim; tá an oíche ag dul thar droim (fc. droim)
2.
a.
+
Chuaigh sé thar mar ba cheart dó a dhul — chuaigh sé rófhada le turas, le caint, le ól, le achrann, le scéal srl.
Chuaigh tú thar mar ba cheart duit a dhul. Bhí agat na beithígh a fhuagairt di, agus na póilíos a bhagairt uirthi, agus gan níos mó a rá. Ina leaba sin, d'ionsaigh ort ag sciolladóireacht
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé thar mar ba cheart dó a dhul leis an bpoitín
Ná téirigh thar mar is feiliúnach duit a dhul anois leis an ól
+
Chuaigh sé thar chomhairle — ní dhéanfadh sé comhairle duine ar bith; ní dhéanfadh sé an chomhairle a tugadh dhó
Ná téirigh choíchin thar chomhairle mhaith
TUILLEADH (4) ▼
Ní féidir le saighdiúr a dhul thar a ordú
Cén uair a chuaigh póilí thar an rud adéarfadh a chuid comhairleachaí leis
Ná gabh thar m'aithne anois — thar an rud adeirim leat
Chuaigh sé thar chrois na ndaoine — na rudaí a bhí ráite acu; nó rudaí ar chuir na daoine bacainn orthu (fc. crois)
+
Tá sé gaibhte thar smacht athar agus máthar (ach tá sé gaibhte ó smacht)
Chuaigh sé thar smacht máistir agus sagairt
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé thar smacht baile agus muintire
Níor lig an faitíos dó a dhul thar smacht Sh.
+
Chuaigh tú thar an gceart — an méid a d'fheil duit; do dhíol (óil, cainte, cuibheasa, achrainn srl.)
Níl mise ag iarraidh ort a dhul thar an gceart, ach féadfaidh tú an buinín (gloine) seo a ól agus ní ghoillfidh sí ort. Dheamhan goilliúint muis
TUILLEADH (1) ▼
Ní dheachaigh sé thar an gceart chor ar bith. Choinnigh sé guaim mhaith air fhéin. Dhá mba mise a bheadh ann, bheadh sé buailte agam gan éisteacht ar bith
+
Ní fhéadfaidh duine a dhul thar an bhfírinne i gcúirt. Is furasta mionna éithigh a thabhairt
Níl mé ag dul dubh na hiongan thar an bhfírinne. Sin é an rud adúirt sé. Nár lige Dia go gcuirfinnse bréag air!
TUILLEADH (1) ▼
Más leat gan a dhul thar an bhfírinne, níl agat é sin a tharraingt anuas chor ar bith. Ná bac leis
+
Ní raibh agat a dhul thar chuibhiúlacht ar chaoi ar bith, pé ar bith céard a dhéanfá — níor cheart duit a dhéanamh ach an rud cuibhiúil, nó an rud ceart cóir
Tá siad ag dul thar cuibheas ar fad anois — ag dul rófhada le rud; losing all sense of proportion, passing all seemliness srl.
TUILLEADH (8) ▼
Má ghníonn muid sin beidh muid ag dul thar ghreann. Deir siad nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fearr ligean dó
Má rinne sé sin, chuaigh sé thar thútaíl fhéin — rinne sé thar a bheith tútach é
Ní fhaca mise a mhacasamhail ariamh. Chuaigh sé thar phéisteántacht
Chuaigh sé thar a bheith ina spóirt nuair a thug tú cic sna heasnacha dhom
Tá sé ag dul thar mhagadh (nó, thar a bheith ina mhagadh) anois, agus b'fhearr éirí as sílim
Chuaigh sí thar a maith fadó — tá a maith caite aici le fada
Sin é do dhíol. Níl aon dul thairis sin. Éirigh as anois
Ní raibh aige a dhul thairis sin, ach dúirt sé a raibh ina bholg nuair a bhuail an spadhar é. Sílim go ngabhfaidh a chuid cainte daor air, go ngabhfaidh sin
+
Tá talamh ag dul thar a luach anois — ródhaor; níos mó ná is fiú é
Tá chuile earra ag dul thar a luach anois ó thosaigh an cogadh. Nach fíor dhom é?
TUILLEADH (1) ▼
Níl tada ag dul thar a luach anois ach feoil. Tá sí ina hór
b.
+
Níl aon dul thar a chuid cainte — caithfear a theacht suas ar a chuid cainte; caithfear an rud adéarfas sé a dhéanamh
Níl aon dul thar a fhocal sin. Sin é an máistir
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon dul thar an ngiúistís a mhic ó, nó má tá, is duine dícéillí a ghabhfadh thairis. Dhá dtugtása é sin go hardchúirt agus dhá gcaití aríst thú, bheifeá dhe dhroim tí. Is tú a bheadh
Níl aon dul thar an rud adéarfas an sagart. 'Sé béal na fírinne é
Má dúirt sí sin, níl aon dul thairti. Sin í an comhairleach
+
Is furasta a dhul thar an sagart seo thiar — is furasta a thuarastal, a dhualgas nó a chuid a thabhairt; nó is sagart é nach bhfuil araoid nó ceist aige ar aon duine
B'fhurasta a dhul thar an máthair an fhad is a mhair sí. Níor mhiste dhuit dhá mbeifeá gan aon phínn a íoc léithe ó bhliain go bliain. Ach ní hé sin don inín é ó ghabh sí sa siopa. Tá sí sách géar a mh'anam
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal mé go mb'éasca a dhul thar an máistir a bhí ansin cheana. Bhí sé an-lách le na gasúir, agus deir siad go mba togha máistir é ina dhiaidh sin. Brúisc é an fear seo
Níl sé an-deacair a dhul thar Th. dhá mbeadh duine díreach chor ar bith leis agus é a íoc nuair a bheadh sé aige. Is minic a tháinig sé ansin ceathair nó cúig de chuarta agus a d'imigh sé aríst agus a dhá láimh chomh fada le chéile. Ach dheamhan smid adéarfadh sé ina dhiaidh sin, ach 'b'fhéidir go mbeadh sé agaibh nuair a chasfaí an bealach aríst mé'
Is furasta a dhul thar an ngiúistís seo má tá duine réasúnach chor ar bith. Ní mórán fineannaí troma a chuaigh suas chor ar bith ó tháinig sé ann. Chuir sé príosúntacht ar dhuine anseo agus ansiúd, ach nár thuill siad é?
D'fhéadfadh duine ar bith a dhul thar an sergeant sin murab é a chiontsiocair féin é. Duine an-réidh é an sergeant. Ach tá dream ann nach beo iad mura mbeidh siad ag gleo agus ag bruíon agus ag cur na tíre thrína chéile
Bíonn sé ag sclamhaireacht leis mar sin, ach gan aird ar bith a thabhairt air. Is furasta a dhul thairis, mura lige tú ort féin go gcloisfidh tú chor ar bith é. Ba é an t-athair a bhí géar ar bhuachaillí aimsire go ndéana Dia grásta air!
Is furasta a dhul thairis ag daoine. Níor mhiste do chuid de na daoine dhá mbeidís gan aon phínn a thabhairt dó chaon deich mbliana, dheamhan a leanfadh sé faoi iad, ná a bhfuil a fhios agam an iarrfadh sé amháin é. Ach dar brí an leabhair, tá sé an-éadóchasach le daoine eile (fc. éadóchasach)
+
Má ba é an bás a gheall Dia dhó, ní raibh a dhul thairis aige. Chaithfeadh sé a dhul thríd — ní fhéadfadh sé a sheachaint; ní raibh a theacht uaidh aige
Más in í an bhean a bhí i ndán duit, ní raibh a dhul thairti agat. Chaithfeá a pósadh. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom, is tú a bheas agam"
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon chall duit tsiocair ar bith a thabhairt duit féin. Bhí an méid sin le t'aghaidh. Ní raibh a dhul thairis agat
Bhí a lá caite. Ní raibh a dhul thairis sin aige
Nuair a bheas do sheal tugtha, ní bheidh a dhul thairis sin agat. Caithfidh tú imeacht más olc maith leat é
3.
a.
+
Chuaigh sé tharam ar an mbóthar — scoith sé mé
Chuaigh mé thairis ag Ard Dh. L.
TUILLEADH (7) ▼
Má bhí sé romham, ní dheachaigh mé thairis. Chaithfeadh sé go ndearna sé an dubhdheifir
Má chuaigh sé suas, ní fhaca mé é ag dul thar an teach
Bhí mé gaibhte thairis shula d'aithin mé é
Ní dheachaigh sé thart ar feadh an bhóthair aníos!
Thiocfadh dó a dhul tharainn i ngan fhios, ach má chuaigh níor thug muid faoi deara é
Cá ndeachaigh sé tharaibh. Ag Gleann an Gh. Bh. ab ea?
Chuaigh mé thar go leor lochannaí an taobh ó thuaidh den bhóthar
·
Is éasca a dhul thar doras tí gan madadh — is furasta caismirt nó araoid a chur ar dhuine atá lag nó bocht nó nach bhfuil in ann cur ar a shon féin
Is maith a tháinig tú anall anseo le do rí agus fios agat go raibh mise feidheartha. D'aithin tú cá gcuirfeá é. Ach is cóir adeir siad, gur furasta a dhul thar dhoras tí gan madadh
+
Tá an bríste seo rófhairsing dom. Nach bhfuil sé ag dul amach thar béal mo bhróige
Tá do léine ag dul amach thar do threabhsar. Shílfeá go mbeadh pointeáilteacht eicínt ionat thairis sin, nó cuibhiúlacht féin
TUILLEADH (2) ▼
Tá an tslinn ag dul amach rófhada thar an mballa
Tá cois leis ag dul amach thar an gcois eile
·
Ní dheachaigh an focal sin thar mo bhéal ariamh — níor dhúirt mé é
Sin focal nach ndeachaigh thar a bhéal ariamh agus ná bí ag cur bhréag air
b.
+
Bhí a theanga ag dul amach thar a bhéal le dúil iontu
Tá a theanga ag dul amach thar a bhéal le tóir ar an bpórtar
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath is a bhfaca sé an fuisce, thosaigh a theanga ag dul amach thar a bhéal
+
Chuaigh cloch amach thar mo chluais (le mo chluais) — an-ghar dom
D'airigh mé na hurchair ag dul amach thar mo chluais
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis a chuaigh amach thar mo chluais — scoith sé mé agus choinnigh sé an-ghar dom, fearacht is dá mbeadh sé ag tabhairt mo dhúshláin
c.
+
Chuala mé ag dul tharam go raibh tú ag dul ag pósadh — chuala mé luaidreán, ráfla
"Chuala mé ag dul tharam é, ag fear as an Aird Mhóir, gur heitíodh Seoirse Cartúr faoi inín Dhónaill Phóil" (as lúibín)
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mé ag dul tharam é, ach níl a fhios agam an fíor bréag é. Thiocfadh dó gurb é an fhírinne é mar sin féin
Meas tú an mise atá dhá chumadh. Is beag an baol. É a chloisteáil ag dul tharam mar sin: sin é a bhfuil d'údar agamsa leis. Más fíor nó bréag é, ní deas an scéal é ar chaoi ar bith
Dheamhan a fhios agamsa ó ardbhonnaíochaí an diabhal céard is cor dó, agus is cuma liom ach an chaint sin a chloisteáil ag dul tharam. Is beag an chluais a thug mé don scéal, ach tá mé dhá inseacht duitse anois mar a chuala mé fhéin é, gan focal a chur leis ná a bhaint uaidh
d.
+
Bhí poitín ag dul faoi is thairis ariamh agus níor ól sé aon deoir dhe. Nach diabhaltaí a chruthaigh sé agus fanacht uaidh — bhí sé in chuile áit timpeall air; d'fhéadfadh sé a fháil chuile phointe
Maidir liomsa a mhic ó, tá ól ag dul fúm is tharam i gcónaí, ach ní thabharfainn bolg dó. B'fhearr liom muigín leamhnachta ná a bhfuil d'ól déanta
TUILLEADH (8) ▼
Ná bac liomsa ná le mo chuid creathnaigh. Tá creathnach ag dul fúm is tharam chuile lá, ach ní móide go gcreidfeá mé má dheirim leat nach ndeachaigh aon cheo dhe ar mo bhéal le deich mbliana. Tá sé chomh fairsing againne agus nach bhfanann leath suime againn ann
Bíonn báid aeir Mheiriceá ag dul fúinn is tharainn chuile oíche. Níl mórán oíche ar bith nach n-airíonn muid ag dul thart iad — ag teacht isteach ón bhfarraige
San áit a gcónaímse tá cnónna ag dul fúm is tharam. Tá an áit faoi choll agus faoi chreigeanna agus faoi rosáin ar fad. D'fhéadfainn buta a chur chugat uair ar bith má tá aon tsaint agat iontu
Go dtuga Dia ciall duit! Tá obair ag dul faoi is thairis chuile lá san aer, ach is fhearr leis ag cothú na splaince ina dhiaidh sin ná a dhul amach agus buille eicínt a dhéanamh. 'Sé an díomhaointeas a bhuac sin, agus ba é ariamh
Nach bhfuil airgead ag dul fút is tharat san áit a bhfuil tú má tá sé de rath ort a shaothrú. Tá an oiread criathraigh ansin thuas agat agus nach bhfeicfidh tú ídithe go brách é. Breá nach mbaineann tú móin? Tá daoine thart ansin ar na bailteachaí ag stróiceadh ag iarraidh fir fánaí agus ní ghabhfá leo
Ní díol trua ar bith é fear na tíre seo dhá bhfaigheadh sé ocras féin. Nach bhfuil beatha ag dul faoi is thairis. Tá neart faochan agus bairnigh agus cnuasach cladaigh ansin thíos (sa gcladach). Tá neart éisc ansin amuigh ar an gcuan, dhá mbeadh sé de rath air a dhul ina dhiaidh. Tá na breaclachaí sin beo le coiníní dhá gcuireadh sé d'anró air féin súileanna ribe a chur. Cár fhága tú a bhfuil de sméara agus de chúrláin agus de thorthaí eile timpeall ansin. Is mór a thabharfaí orthu in áiteacha eile dhá mbeidís ann, ach níl
Bhí damhsaí ag dul faoi is thairis ariamh, agus ainneoin sin, sílim dheamhan coisméig aige. Níor thug sé faoi deara dhó féin a dhul ag aon damhsa ariamh. B'fhearr leis istigh ag saighdeadh faoi sheanriadairí agus ag fáil spraoi orthu
Nach bhfuil cigarettes ag dul fúibh is tharaibh thoir ansin. Chuala mé go mbíonn siad go barr bachall tigh Mh. i gcónaí. I nDomhnach téann dream as seo soir i gcónaí ann nuair a bhíos siad astu san áit seo, agus níor chuala mé gur heitíodh ariamh iad
e.
+
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ach lann rásúir a cheannacht, ach tháinig mé abhaile dhá huireasa ina dhiaidh sin. Sin é an dearmad i gcónaí — bhí rún agam a ceannacht; 'sé an rud is mó a bhí ar m'intinn a ceannacht
Níl ag dul fúm ná tharam ach castáil uirthi sin nó go gcasa mé léithe an chaint a chaith sí fúm. An rálach bhradach, is beag an dochar di náire a bheith uirthi a dhul ag caitheamh a leithid de chaint faoi dhuine ar bith
TUILLEADH (8) ▼
Ní raibh ag dul fúithi ná thairti ach sagart a dhéanamh den mhac sin, ach féacha an deis atá anois air: ina chiseach le ól i chuile áit. D'éireodh di croí dubh féin a bheith aici. Thóg sí é sin go muirneach — rómhuirneach b'fhéidir
Níl ag dul faoi ná thairis anois ach píosa talúna a fháil isteach i gcluasa an bhaile mhóir go dté sé ag garraíodóireacht agus ag cur greens. Dar leis, déanfaidh sé saibhreas ar mheacna, ar oinniúin agus ar an ngabáiste chatach sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is fusa na rudaí sin a rá ná a dhéanamh
Ar ndóigh níl ag dul fúm ná tharam ach é. Bhí mé le n-imeacht an t-am ar ghlan J. C. leis, ach chuaigh an tseanbheirt go bog agus go crua orm agus chaith mé as mo chloigeann aríst é. Faitíos atá orthu faoi na rudaí nua seo atá ag teacht anall — an V2 — ach má tá an t-imeacht ar dhuine 'sé an cás céanna dhó cá mbeidh sé. Is maith gasta a mharófaí duine sa mbaile freisin
Ní raibh ag dul faoi ná thairis leis an fhad seo ach léasadh a thabhairt d'E. 'Nuair a bhéarfas mise air cuirfidh mise faoi ndeara dhó, feicfidh sé féin air.' Ina leaba sin, 'sé E. a thug an léasadh dhósan lá an aonaigh. Thug agus léasadh diabhalta
Ní bhíonn ag dul fúm ná tharam chuile oíche ach scríobh aici, ach níl oíche ar bith nach mbacann rud eicínt ina dhiaidh sin mé. Chinnfeadh ort tada a dhéanamh sa teach s'againne aon oíche ag bratainn agus ag sconmhíol an bhaile ag éirí in airde agus ag gleo
Bhí mé i nG. le trí Shatharn anois agus 'sé a raibh ag dul fúm is tharam chuile Shatharn, miodachín eicínt de scian bheag a cheannacht a ghearrfadh mo ghráinne tobac dhom. Agus meas tú ar fhéad mé cuimhneachtáil uirthi lá ar bith ina dhiaidh sin
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cén chaoi atá ar an tseanbhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh ina dhiaidh sin agus nach bhfuair mé ionú air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, gabhfaidh mé ag breathnú uirthi amárach. Níor chomaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anó ar dhuine. Diabhal bréag nár mhaith
Ní raibh ag dul faoi ná thairis nuair a bhí muid i M. ach a dhul isteach go B. L. go dtéadh sé ag breathnú ar Mh. Dh. 'Meas tú cén t-am a mbeidh muid sa mbaile,' arsa mise. 'Ar maidin,' adeir sé. 'Má théann muid ann, ní ligfidh siad abhaile anocht muid'

Féach freisin

thar

téigh thar in iontrálacha eile (50+)

 
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht, ghabhfadh muid thar claí nó go dtéidís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
fliuch 1
Bhíodh cuid mhaith leoistíocht ann fadó, ach ní bhíonn uasal ná íseal ina gcónaí anois. Na daoine uaisle fhéin d'fheicfeá ag saothrú anois iad. Chreidim go ndeachaigh buairthín bara orthu thar is fadó. Ní mór do chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin, mar adeireadh na seandaoine
 
focal
Chuaigh sé thar a fhocal — chuaigh sé siar ina fhocal
 
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. An bhfaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaí go dtí thú!
 
Nach friochanta atá an laoidín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claí. Má théann sé lena mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneáil anoir thar an gclaí sin ach oiread
 
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
fág
A dhiabhail, tá an teach seo ag cur thar maoil. Cuirfidh muide thar maoil tuilleadh é muis. Is beag a fháilte atá romhainn sílim, ach bíodh acu. An té is cúng leis fágadh.
 
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
 
féar
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
 
ceas
Níor chodail mé aon néal go raibh an oíche caite thar droim le brúchtaíl, an áit ar chuir mé ceas orm fhéin le ronnachaí tirime ag dul a chodladh dhom.
 
cleite
Chuir sé triúr póilíos leis fhéin glanoscartha thar shlat an droichid, idir chorp chleite is sciathán. Cá'il an té a dhéanfadh anois é?
 
Má théann muid ag caitheamh cloiche phuis, ní bheidh aon ligean ann. Caithfear í a chaitheamh ó scríb, agus duine ar bith a ghabhfas thar scríb, caithfidh sé í a chaitheamh aríst.
 
Madadh sách colgach é má airíonn sé duine cuideáin, ach an té a mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi is thairis go brách mar nach gcuirfeadh sé aon araoid air.
 
baile
Ná samhlaigh an baile sin liom thar aon bhaile. Fhóbair go bhfaighinn bás leis an ocras istigh ina cheartlár, agus ní fhaca mé an té a thairgeodh braon tae dhom ina dhiaidh sin.
 
baorsa
Céard a chuir le baorsa anois é? Ní féidir gur faoin gcupla caoirín sin a chuaigh thar fál atá sé!
 
Níor lig sé aon teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeachaigh sé isteach ann agus nár ól sé failm ann.
 
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
+
beo 1
Diabhal bean in do thír chomh beo chomh scolbánta léithe fós. Chonaic mé ag dul thar chlaí ansin thiar í an lá faoi dheireadh, agus dar mo choinsias, ba mhaith an dícheall dhom a dhul thairis más agam atá an óige.
TUILLEADH (1) ▼
"Amuigh ar shliabh uaigneach, ag buachailleacht beithíoch a bhíodh Buachaill Bó Shliabh Luachra. Dheamhan is móide Críostaí an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliain go bliain. Ansin lá amháin, chonaic sé seala ag dul thairis … srl." (Buachaill Bó Shliabh Luachra)
 
biorach 2
Chuaigh tú le cráin eicínt agus an deis atá ort ag gabháil tharam biorach ó tháinig an oíche ("téann duine le cráin", nuair a bhíos ádh imeartha air)
 
bior
Caithfidh tú an t-asal sin a cheangal — cromnasc nó rud eicínt a chur air a cheansós agus a smachtós é — arae tá bior air go dté sé thar chlaí na comharsan.
 
aer
Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
 
Ní fiú dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an aicearra céanna agus gan fhios agat cén mhíthapa a d'éireodh dhuit ag dul thar na claíochaí bradacha sin.
 
buille
Ní raibh aon chall buille ná boiseog a bhualadh ariamh air ag dul chuig an scoil, arae bhí sé meabhrach grinn thar aon duine eile.
 
aire
Bí aireach ag dul thar an gclaí i nGarraí Cháit ar fhaitíos go dtitfeadh brúisc dhe ort
+
airigh
D'airigh mé ag cur dhe é agus mé ag dul thar an doras tráthnóna — chuala mé ag caint go tréan, nó ag troid é, agus mé ag dhul thar a dhoras tráthnóna
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh sé an rud (an taibhse, an sonda, an drochspioraid) ag dul de sciotán thairis amach ach chinn air tada a fheiceáil.
+
amach
Ní dheachaigh mé trasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh sé thar baile amach ag tabhairt cuiríochaí agus rinne sé oirille ar an dream a bhí i mbéal an dorais aige (fc. oirille)
Nár chónaí tú go dté tú thar pobal amach!
Níl aon mhaith aige ann go dté sé thar baile amach chuig tarbh. Níl meas ar bith aige ar aon cheo dhá bhfuil ar an mbaile istigh.
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
Chonaic mise an tráth a dtéadh daoine thar pobal, ní áirím thar baile amach, chuig tórraíochaí ag déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Is olc na gnaithí atá ort má théann tú thar baile amach i gcleithiúnas píosa damhsa a leithide d'oíche.
+
anam
Tá a chroí agus a anam sáite sa bhfeamainn; tá a chroí agus a anam ag dul amach thar a bhéal le saint sa bhfeamainn — tá sé tórtha ar a bhfeamainn
TUILLEADH (8) ▼
Bhí m'anam ag dul amach thar mo bhéal — bhí mo chroí ag dul amach thar mo bhéal; le teann faitíos, scanartha, deifre, broide srl.
Bhí m'anam ag dul amach thar mo bhéal le faitíos go dtosódh achrann ann.
Chaith mé an oíche ar an leaba agus m'anam ag dul amach thar mo bhéal le faitíos roimhe thaibhsí.
Bhí a hanam ag dul amach thar a béal le teann deifre agus furú.
Bíonn a anam i gcónaí ag dul amach thar a bhéal ag iarraidh a bheith san áit in am.
Níl aon Domhnach beo nach mbíonn m'anam ag dul amach thar mo bhéal ag iarraidh breithe ar an aifreann.
Bhí m'anam ag dul amach thar mo bhéal go dtáinig mé isteach abhaile.
Má théann sé taobh amuigh den doras san oíche, bíonn a anam ag dhul amach thar a bhéal go mbí sé istigh aríst.
 
Tá a dhá shúil ag dul amach thar a cheann, tá sé chomh hantlásach sin.
 
Chuaigh sé glanoscartha thar an gclaí — ghlan sé é gan scríobadh ná teangachtáil lena bharr
 
failc
Luigh mé isteach i bhfailc na toime, agus chuaigh sé tharam amach gan mé a fheiceáil. Diabhal mé go raibh sé ag síor-rá leis féin
 
fidh
Rud é atá ag dul isteach is amach thar a chéile mar a bheadh fidh criathar ann. Dheamhan ioncás mar é a chonaic mise ariamh. Ach murach go raibh fóint eicínt ann, ní bheadh sé dhá dhíol chomh leitheadach sa siopa siúd
 
fiuch
"Ní théann teas thar fhiuchadh ach téann bruith thairis" — deirtear seo; is furasta a aithinte cén chiall atá leis