Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Átha
focal baininscneach
iolraidh áthannaí.
Níl an chiall clochán, nó carra i gceist anois, sa gcainnt, ach chaithfeadh sé gur clocháin nó carraidheachaí a bhí i gcuid mhaith de na h-áiteachaí ar fhan átha in a gcuid ainmneacha. Tá "átha" go fairsing in ainmneachaí áiteachaí — "Átha Chloigín, Béal an Átha (baile beag in aice na gCriogán igCois-Fhairrge), an Átha Leacach (an áit ar chomhnuigh Féidhlim Mhac Dubhghaill, an file) etc.
1.
Áit a bhfuil scainimh gaini(mh) 'san abhainn, go scéitheann na bradáin uirre.
+
Faoi Shamhain a thaga(nn)s na bradáin ar na h-áthannaí le síolrú.
Síolruigheann siad (i.e na bradáin) ar a' bhfód bealthuighthe, atá ar na h-áthannaí 'sna h-aibhneachaí.
TUILLEADH (6) ▼
'Átha 'san abhainn, sin linn uisce thanaidhe a mbíonn an t-uisce marbh ann, gan a bheith a' rith mar bhíos sruth le fána, a's gan bun móna, nó creafóige, in a íochtar, ach scaineamh. Is ionann scaineamh agus fíor-ghaineamh, gaineamh mín. Scuabann an sruth an gaineamh léithe go dtagann sé go dtí an átha. 'Sé an áit a gcomhnóchadh an gaineamh ar an átha. Bíonn uisce éadtrom ar an átha' ("Peadar Chois-Fhairrge" — l. 69)
Dá mbeadh átha ann a mbeadh leithead mór innte, thiocfadh iomad de bhric ann dá réir le síolrú agus ruaigfidís na bric bheaga as. Nuair a thiocfá go dtí átha de'n tsórt sin; d'fheicfeá na bradáin guala ar ghualainn le chéile ("Peadar Chois-Fhairrge, l. 69)
Ní fhanann an bradán fireann as cionn an tsíl. Fanann sé ar an átha, ar a' gcolbha faoi'n mbruach. Fanfaidh an dá bhradán ar an átha achar, nó go bhfuil sé nádúrach acab dul chun na fairrge ("Peadar Chois-Fhairrge" — l. 69)
Ar a' mbeirtreach sa scainimh a shíolruighea(nn)s na h-eochraighe.
Fanann bradán a' labáin i gcomhnuidhe le bruach. Is furasta aithne é, mar tá camóg lúbtha anuas ar a bhéal, rud nach mbíonn ar bhradán na n-eochraighe chor a' bith séasúr a' tsíolruighthe.
Tochluigheann a' lábánach puill ar scainimh na h-átha le leaba shíolruighthe a dhéanamh do'n bhradán boineann. Luigheann an bradán boineann ar a' mbeirtreach sin a's síolruigheann sí. Tagann an fior-bhreac annsin, a's séideann sé síos na lábáin atá ann fhéin, ar na h-eochrachaí a shíolruigh as a' mbradán boineann. Is beag nach síolróchadh bradáin ar lag-chlascannaí a' bith a bheadh amach as loch nó abhainn, dhá mbeadh láib ionnta(b). Chonnaic mise a' síolrú iad ar fhiodáin láibe shuas annsin. Dheamhan mórán a' bith nach raibh siad tiormuighthe amach a's amach. An bhliadhain cheana, a raibh an tiormach mór ann, thriomuigheadar i gclaise thiar le loch.
2.
a.
+
Cuirtear arbhar ar cruadhchan ar átha le poitín a dheanamh dhe. 'Séard í an átha, púirthín a's cloigeann caolaigh, a's scraitheachaí air. Bíonn sé 'rounáilte', a's lota beag istigh ann, a's scartar an eorna th'éis í a bháthadh ar an lota sin. Bíonn siad (i.e lucht déanta an phoitín) dhá h-ionntú a's dhá barr-ionntú, ar a' lota go mbíonn sí cruaidhighthe. Tá poll taobh amuigh ar a' bpúirthín mar bheadh dorus, a's bíonn teine ag béal a' phuill, a's teigheann a' teas faoi'n lota, go gcruaidhighe sé an eorna (S. Ó. C)
Tá siad a' cur eorna ar an átha.
TUILLEADH (6) ▼
Tá'n eorna sáthach fada báithte anois, le na cuir ar átha.
Bhí eorna dhá cruadhchan ar átha aige.
Is gearr go mbadh cheart di a bheith sáthach cruaidhte anois, arae, tá sí lá ar átha.
Eorna a cruaidhigheadh ar átha a bhí innte, a's thug sé do na beithidhigh í.
Poll na h-átha = an poll thuais-ríomhtha ar an bpúirthín.
Teine na h-átha = an teine thuaisríomhtha.
b.
+
Tá lán phúirthín na h-átha d'airgead aige = tá bráigill air, nó tá sé saidhbhir.
Tá lán phúirthín na h-átha de ghinidheachaí buidhe aige.
TUILLEADH (4) ▼
Tá lán phúirthín na h-átha de shaidhbhreas ag a' mbuachaill sin.
Dá mbeadh lán phúirthín na h-átha d'airgead agham, ní áirmhighim nach bhfuil, ní thiubharfainn oiread is leithpighinn duit, mar is olc an aghaidh ort é.
Dhá mbeadh lán phúirthín na h-átha d'airgead aige sin, ní leigfeadh an cruadhas ná'n chneagaireacht dó, cianóg a chaitheamh.
Is mór adéarfá liom a bheith cruadh, ach cé milleán sin orm, nuair fheicfeas tú duine a bhfuil lán phúirthín na h-átha d'airgead aige, a's a chuirfeadh amach fear bocht taobh le leithphighinn.

Átha in iontrálacha eile (50+)

 
Tá'n áit in a chiseach ag a' mbrothtuinn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan fhios ag aonduine beo, cé'n ámhuilleacht atá ionnta(b).
 
Tá Baile Átha Cliath corradh ar shé scóir míle as Gaillimh. Meastú cáide a bheadh seilmide maith storramhail a' snámh ann?
 
baile
Níl sé imBaile Átha Cliath fós, ach ba cheart dó a bheith ar ghort a' bhaile aige (n)óiméad a' bith feasta. Cheithre h-uaire a bhío(nn)s ar a' traen a' dul suas.
+
Rachainn go Baile Átha Cliath imbáireach, dhá mbeadh díol a' bhealaigh chor a' bith d'airgead agham ach níl.
TUILLEADH (3) ▼
Is iomdha áit a mbíonn a bhealach. Dheamhan fhios cé'n áit anuas ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn sé laetheantaí (duine a bhí ag dul thart a' díolachán le gluaisteán).
Má tá sé ar a' mbealach sin, cuirfidhear go Béal Átha na Sluaighe(adh) é. (go dtí an Gealtlann)
'Tuige nach bhfuil de bhealach aige ach mar sin. Má b'fhíor go raibh an-phosta de'n tsaoghal aige sin imBaile Átha Cliath!
+
beo 1
Impidhim ar a' Domhnach maran beo mé ach mí; seal fada a bheith a' gabhail leat ar thórainn Bhéal Átha an Ríogh.
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhaltuidhe an lear gasúir as Baile Átha Cliath atá siar annsin. Níl aon-áit dá dtiocfa tú nach bhfuil beo leob, a's iad chomh h-ámhuilleach mioscasach le na bhfaca tú ariamh.
 
Fhobair go mb'éigin an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur h-annamh a eirighea(nn)s aon-deoir leo(b). Marach gur h-annamh, níor mhór fairsinge a leigean ar Bhéal Átha na Sluaighe (na Sluaigheadh) (Béal Átha na Sluaigheadha — is ann atá árus na nGealt. Duine a mbíonn saobhchan air, a's a chuirtear go dtí an Gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeacha sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-innsighthear é, a's gach duine, dhá gcloisfe é!")
 
buail
Is gearr anois go mbuaileamuid Baile Átha Cliath faoi'n tsúil (faoi'n smaois) = is gearr go mbíomuid ann.
 
Cuirfe muid amach múirín ar Gharrdha na h-Átha an tseachtmhain seo chugainn.
+
anuas
Fear anuas as Baile Átha Cliath é.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bean anuas as Baile Átha Cliath annseo againn a' foghluim Gaedhilge, tá cupla bliadhain ó shoin.
+
anó
Deirimse an-shógh leat, ach's i mBaile Átha Cliath atá an t-anshógh = bí a' cainnt ar ocras, ach is imBaile Átha Cliath atá an t-ocras agus an ganntan.
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad go bhfuil go leor lucht an-shógha (go bhfuil go leor ar an-shógh) imBaile Átha Cliath.
 
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí sé sin i mBaile Átha Cliath = is fadó an lá é; tá innseacht air; tá liostachas air
 
fonn
Tá sí caillte le fonn a dhul Baile Átha Cliath
 
Má leanann ort ar an ionnsuidhe seo, beidh tú imBaile Átha Cliath roimhe thrathnóna = má mhaireann duit ar an táirm seo, ar an siubhal seo.
+
Tiocfa tú isteach ar Bhaile Átha Cliath, nuair a chaithfeas tú tamall ann = nuair a thaitheochas tú é, tamall, ní bheidh suim ar bith agad ann; bheadh tú ionann's a's dá mbeirtí agus dá dtóigtí ann thú.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé ar aimsir roimhe sin inGaillimh, agus bhí a shliocht orm, is gearr a bhí mé 'teacht isteach ar Bhaile Átha Cliath.
 
feadh
Cuirfidh mé scéala chugad ar feadh mé a theacht go Baile Átha Cliath
 
Tá druim an Bh. ar fad faluithe le móin aige. Diabhal a leithide de láithreachán! Choinneódh a bhfuil annsiúd móin le Baile Átha Cliath
 
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (inGaillimh) agus mo hata iompuithe amach. M'anam nach fóidín meara a bheadh orm annsin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
 
Dar príosta níl daor-bhasctha dhó ag gabhail fhuinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na "Gaedhilgeoirí" sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rádh ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an t-Oireachtas ag tigh Bh. agus luach cupla pionnta a bheith ag C. go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
 
daor 1
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath th'éis go bhfuil sí ar shlad-mhargadh annseo. Sin é é. Tá 'chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh an uair a theigheas sí cho fada le na h-ucastóirí beaga a dhíolas libse í, go mbíonn sí thrídh lasadh ceart
 
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin in a dheidh sin. 'Bhfeiceann tú a dteigheann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry annsin agus an falú aríst, agus aithlíonadh agus b'fhéidir an tríomhadh líonadh. Bíonn sí mionnuithe go maith ach a mbíonn sí imBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
 
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
 
deara
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh in a mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dubhairt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rádh: go raibh sé ag obair in éinfheacht leis féin i "bhfactory Ford" i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnuigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baoghal
 
Tá airgead aige. Tá rud aige go deimhin! Cac éanachaí i mBaile Átha an Ríogh, mar adeir N.
 
"Deireadh luinge a báthadh; deireadh átha a loscadh; deireadh flath (fleadh?) a cáineadh; agus deireadh sláinte osna". (Rann: "Flath" a chuala mé annseo)
+
deis
Thug an dearbhráthair deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: glionndaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabhail leis anois.
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic mise deis ghlantacháin idteach i mBaile Átha Cliath agus b'fhearr é ná deich scuab. 'Sé a raibh le déanamh leis é a ghreamú ins an mballa agus scuabfadh sé an t-urlár lena bhrughadh síos agus suas. Le "electricity" a bhí sé ag imeacht
Níl aon-deis chrochta i bpríosún ar bith in Éirinn ach i mBaile Átha Cliath. Ins an sean-reacht chrochtaí daoine ins 'chuile phríosún. Níl crochadóir ar bith in Éirinn ach oiread. Caithtear fios a chur ar an gcrochadóir go Sasana an uair a bhíos duine le crochadh
 
Tá an diachair ar chuid de na strainséaraí sin. Chonnaic mé gearrchaile as Baile Átha Clia a bhí annseo an bhliain cheana, agus tá aill annsin thiar, agus níor chomhnaigh sí go ndeachaidh sí amach ceachrach ar chiúis na h-aille, gur bhreathnaigh sí síos, agus gan tada thíos fúithe ach an poll duibheacáin. Dhá mbuaileadh rae roilleacán í, bhí a cnaipe déanta. Is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan
 
diaidh
An bhfuil sé céad míle go Baile Átha Cliath, adeir tú. Cuirfidh tú scór eile in a dhiaidh. Tá sé sé scóir agus mílte corra. Ba mhaith an choisméig é ag duine dhá chois
 
Nach deangmháilte an mhaise dhó é! Síleann sé má tá culaithín éadaigh air agus "watch" ar a rusta (righe) go bhféadfaidh sé a dhul ag déanamh dógha de na daoine. Tá dul-amú air muis. Bhí cuid againne i mbailte móra nach mbea[dh] i mBaile Átha Cliath ach púirín caorach lena n-ais. Má theigheann sé ins an gceann sin leis, is orainn nach mbeidh an mhairg é a innseacht dó, ach an oiread
 
Níl fear ag brughadh ar an doicheall go dteighidh sé go Baile Átha Cliath. Chuadhamar ann anuiridh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóruigheacht áit' a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éiliú. Bheitheá ag bualadh leath-uair ar an dorus gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an dorus féin, ní thiubharfaidís air ach faon-oscal. "What do you want" agus 'chuile dhuine aca agus iad cho mí-chéadtach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! An uair a bhí streoillín streille déanta againn de'n oíche, agus muid sáruighthe ag siubhal, 'seadh a casadh fear linn, a thug chuig a theach féin muid …
 
Ab é S. Sh.! Tá sé cho doscudhach indiu th'éis go bhfuil sé aois an phinsean agus a bhí sé an lá sin. Ar chuala tú faoi'n uair ar imigh sé in éindigh le bean an damhsa de Rástaí Bhaile Uí Bhriota. D'imigh mo choinsias. Bean a bhíodh ag damhsa ar chláirín. Chuaidh sé cho fada le Béal Átha na Sluaighthe in éinfheacht léithe. Tugadh faoi thar cionn annsin é. Tá colm i mbun na gruaige air fós dhá bharr …
 
Cé'n chaoi a mbeadh a fhios agadsa go mbeadh bradáin in a luighe ar an átha? Bhuel innseochaidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad in a luighe ar an láib … ag comhnuighe thíos ar an láib. An uair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoi'n domhain … b'fhéidir dhóib. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanuidheachan. Dá mbeidís in a sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
+
droim
Tá a bholg thiar in a dhruim. Is cosamhail nach bhfaghann an duine bocht a leath-dhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirthín na h-átha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcomhnaí len a chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nachar bhris cearc an áil a h-iogán ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig sé annseo thoir ins an samhradh anuiridh. Chuaidh cúigear nó seisear againn soir aige, ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhuinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dteigheadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ar) ndroma ó shoin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
Tá togha an amhráin aige sin. Dheamhan díos (níos) fhearr a chuala tú ariamh. Agus in a dheidh sin féin ní bhfuair sé comhaireamh na sop i mBaile Átha Cliath ag an rud sin a bhíos ar siubhal ann … an t-Oireachtas, is fíor dhuit. Deir an dream a chuala é nach raibh rath ar bith leis. An iomarca a bhí ólta aige is cosamhail. Sin é a chuir de dhruím seoil é. 'Sé a bhí deas air
 
Diabhal "case" ná "case" a bhí aige, ach hébrí cé na maingíní a bhí aige a fháisceadh síos i máilín garbh, agus a mbualadh thiar ar a dhromán, agus greadadh leis … Bhí cás aige siúd céard adeárfadh aonduine go deimhin! Tá mé ag ceapadh go mb'aisteach an feic é ag dul thrí Bhaile Átha Cliath. Duine an-Ghaedhealach é S.
 
Ba mhaith an éadáil í sin ag siubhal dúrlinne agus na bróga páipéir sin uirre. Thuas imBaile Átha Cliath a bhí aige a fágáil, an áit a mbeadh sí ar a nádúr féin. Go deimhin ní bean do chladóir í
+
dáil
Tá sé thuas indáil le Baile Átha an Ríogh = inaice Bhaile Átha an Ríogh (Achréidh; Iarthair na Gaillimhe)
TUILLEADH (1) ▼
Dhíol sé a chuid talmhana annseo agus chuaidh sé suas indáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige annsiúd
 
dána
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí aca i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream aca a rinne é sin
 
déan 1
Déanfaidh mé an Nodlaig i mBaile Átha Cliath i mbliana sílim. Ní fiú dhom a theacht abhaile ar scáth cupla lá
 
Is beag an dochar de'n aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonnaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcondae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-Aifreann, agus gur thosuigh sé ag rádh nach raibh Dia ar bith ann. "Agróchaidh Dia ort é," adeir Árannach a bhí abuil mé