Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díchreideamh
easbaidh creidimh; gan aon-chreideamh.
+
Díchreideamh é an domhan ar fad anois, cé's moite de'n tírín seo againn féin, agus diabhal thairis sin de ghaisce uirre sin ach oiread
Is cosamhail é le fear a mbeadh díchreideamh air, de réir a chuid cainte. Ach ná bac le duine ar bith a bhí i bhfad i Sasana. Is galra leo é sin
TUILLEADH (6) ▼
Deir siad go raibh sagart annsin thoir cheana agus go raibh díchreideamh air 'sábhalaidh Dia sinn! D'ionntuigh sé in a mhinistéara as a dheireadh
Tá an saoghal ag teacht an-aisteach anois. Idir díchreideamh agus 'chaon tsórt, ní bheadh a fhios aghad céard adéarfá le na daoine. 'Ar ndú' deir siad go mbeidh díchreideamh as éadan ann nuair a thiocfas "AntiChrist." 'Sé a chosamhlacht go bhfuil sé ag tarraint ar dheireadh an domhain ar aon-chor
'Léar (de réir) mar atá tú a rádh anois díchreideamh ar fad na Rúiseánaigh. Chuala mé an sagart ag cur caoi air cheana, ach ní maith gur thuig mé é. Chuir tusa anois bail ó Dhia ort an clár mín air
Is beag an dochar de'n aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonnaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcondae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-Aifreann, agus gur thosuigh sé ag rádh nach raibh Dia ar bith ann. "Agróchaidh Dia ort é," adeir Árannach a bhí abuil mé
Chonnaic mise an uair, agus dheamhan lá féile 'san mbliain nach imighthe ag déanamh turais ag tobar eicínt a bheadh an tír. Go dtí Tobar Éinne, nó Tobar Sant Aibhistín nó Loch na Naomh, nó Tobar Cholm Cille, nó Mám Éan, nó Tobar Muire. Dheamhan neach an aoin (/ēn′/) ag taobhachtáil aon-tobar anois, mara dteighidh siad do'n Chnoc. Nach ar an saoghal a tháinic an díchreideamh ó shoin. Díchreideamh agus smál
Chuireadh muid suas na crasógaí Bríde roimhe seo, agus thosuigh daoine ag rádh annsin go mbadh pirseogaí iad agus h-eirigheadh asta. Sílimse gurb shin tuilleadh de'n díchreideamh agus de'n díleághadh atá ar an saoghal. B'fhearr a bhí an saoghal go fada 'fhad's bhí na daoine simplí. 'Chuile líne ag dul 'un míne agus ag dul 'un bréige

Féach freisin

dí-