Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
átha
focal baininscneach
iolra áthannaí
níl an chiall clocháncora i gceist anois sa gcaint, ach chaithfeadh sé gur clocháin nó coraíochaí a bhí i gcuid mhaith de na háiteachaí ar fhan átha ina gcuid ainmneacha. Tá átha go fairsing in ainmneachaí áiteachaí — Átha Chloigín, Béal an Átha (baile beag in aice na gCreagán i gCois Fharraige), an Átha Leacach (an áit ar chónaigh Féilim Mhac Dubhghaill, an file) srl.
1.
áit a bhfuil scainimh gainimh san abhainn go sceitheann na bradáin uirthi.
+
Faoi Shamhain a thaganns na bradáin ar na háthannaí le síolrú.
Síolraíonn siad (.i. na bradáin) ar an bhfód bealaithe atá ar na háthannaí sna haibhneachaí
TUILLEADH (6) ▼
'Átha san abhainn, sin linn uisce thanaí a mbíonn an t-uisce marbh ann, gan a bheith ag rith mar a bhíos sruth le fána, agus gan bun móna nó créafóige ina íochtar ach scaineamh. Is ionann scaineamh agus fíorghaineamh, gaineamh mín. Scuabann an sruth an gaineamh léithe go dtagann sé go dtí an átha. 'Sé an áit a gcónódh an gaineamh ar an átha. Bíonn uisce éadrom ar an átha' (Peadar Chois Fharraige — lch 69)
'Dá mbeadh átha ann a mbeadh leithead mór inti, thiocfadh iomad de bhric ann dá réir le síolrú agus ruaigfidís na bric bheaga as. Nuair a thiocfá go dtí átha den tsórt sin; d'fheicfeá na bradáin guala ar ghualainn le chéile' (Peadar Chois Fharraige, lch 69)
'Ní fhanann an bradán fireann os cionn an tsíl. Fanann sé ar an átha, ar an gcolbha faoin mbruach. Fanfaidh an dá bhradán ar an átha achar nó go bhfuil sé nádúrach acub dul chun na farraige' (Peadar Chois Fharraige, lch 69)
Ar an mbeirtreach sa scainimh a shíolraíonns na heochraí
Fanann bradán an lábáin i gcónaí le bruach. Is furasta a aithne é, mar tá camóg lúbtha anuas ar a bhéal rud nach mbíonn ar bhradán na n-eochraí chor ar bith séasúr an tsíolraithe.
Tochlaíonn an lábánach poill ar scainimh na hátha le leaba shíolraithe a dhéanamh don bhradán baineann. Luíonn an bradán baineann ar an mbeirtreach sin agus síolraíonn sí. Tagann an firbhreac ansin agus séideann sé síos na lábáin atá ann fhéin ar na heochrachaí a shíolraigh as an mbradán baineann. Is beag nach síolródh bradáin ar lagchlascannaí ar bith a bheadh amach as loch nó abhainn dhá mbeadh láib iontub. Chonaic mise ag síolrú iad ar fheadáin láibe thuas ansin. Dheamhan mórán ar bith nach raibh siad triomaithe amach is amach. An bhliain cheana a raibh an triomach mór ann, thriomaíodar i gclaise thiar le loch.
2.
a.
+
Cuirtear arbhar ar cruachan ar átha le poitín a dhéanamh dhe. Séard í an átha, púirín agus cloigeann caolaigh agus scraitheachaí air. Bíonn sé 'rounáilte', agus lota beag istigh ann, agus scartar an eorna théis í a bháthadh ar an lota sin. Bíonn siad (.i. lucht déanta an phoitín) dhá hiontú agus dhá barr iontú ar an lota go mbíonn sí cruaithe. Tá poll taobh amuigh ar an bpúirín mar a bheadh doras agus bíonn tine ag béal an phoill agus téann an teas faoin lota go gcruaí sé an eorna (S. Ó C.)
Tá siad ag cur eorna ar an átha
TUILLEADH (6) ▼
Tá an eorna sách fada báite anois lena cur ar átha
Bhí eorna dhá cruachan ar átha aige
Is gearr go mba cheart di a bheith sách cruaite anois, arae tá sí lá ar átha.
Eorna a cruaíodh ar átha a bhí inti agus thug sé do na beithígh í.
Poll na hátha — an poll thuasríofa ar an bpúirín.
Tine na hátha — an tine thuasríofa.
b.
púirín na hátha.
+
Tá lán phúirín na hátha d'airgead aige — tá brá gill air nó tá sé saibhir
Tá lán phúirín na hátha de ghiníochaí buí aige
TUILLEADH (4) ▼
Tá lán phúirín na hátha de shaibhreas ag an mbuachaill sin
Dá mbeadh lán phúirín na hátha d'airgead agam, ní áirím nach bhfuil, ní thabharfainn oiread is leithphínn duit, mar is olc an oidhe ort é
Dhá mbeadh lán phúirín na hátha d'airgead aige sin, ní ligfeadh an cruas ná an chreagaireacht dó cianóg a chaitheamh
Is mór adéarfá liom a bheith crua, ach cé milleán sin orm nuair a fheicfeas tú duine a bhfuil lán phúirín na hátha d'airgead aige agus a chuirfeadh amach fear bocht taobh le leithphínn

átha in iontrálacha eile (50+)

 
Tá an áit ina chiseach ag an mbratainn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan a fhios ag aon duine beo cén ábhailleacht atá iontub.
 
Tá Baile Átha Cliath corradh ar shé scóir míle as Gaillimh. Meas tú cáide a bheadh seilmide maith storrúil ag snámh ann?
 
baile
Níl sé i mBaile Átha Cliath fós, ach ba cheart dó a bheith ar ghort an bhaile aige nóiméad ar bith feasta. Cheithre huaire a bhíonns ar an traein ag dul suas.
+
Rachainn go Baile Átha Cliath amárach dhá mbeadh díol an bhealaigh chor ar bith d'airgead agam, ach níl.
TUILLEADH (3) ▼
Is iomaí áit a mbíonn a bhealach. Dheamhan a fhios cén áit anuas ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn sé laethantaí (duine a bhí ag dul thart ag díolachán le gluaisteán)
Má tá sé ar an mbealach sin, cuirfear go Béal Átha na Sluaighe é (go dtí an Gealtlann)
Tuige nach bhfuil de bhealach aige ach mar sin. Má b'fhíor go raibh an-phosta den tsaol aige sin i mBaile Átha Cliath!
+
beo 1
Impím ar an Domhnach muran beo mé ach mí; seal fada a bheith ag gabháil leat ar thórainn Bhéal Átha an Rí.
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhaltaí an lear gasúir as Baile Átha Cliath atá siar ansin. Níl aon áit dá dtiocfaidh tú nach bhfuil beo leob, agus iad chomh hábhailleach mioscaiseach lena bhfaca tú ariamh.
 
Fhóbair go mb'éigean an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur hannamh a éiríonns aon deoir leob. Murach gur hannamh, níor mhór fairsinge a ligean ar Bhéal Átha na Sluaighe (Béal Átha na Sluaighe — is ann atá áras na ngealt. Duine a mbíonn saochan air, agus a chuirtear go dtí an gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeachaigh sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-insítear é, agus gach duine dhá gcloisfidh é!")
 
buail
Is gearr anois go mbuaile muid Baile Átha Cliath faoin tsúil (faoin smaois) — is gearr go mbí muid ann
+
anuas
Fear anuas as Baile Átha Cliath é.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bean anuas as Baile Átha Cliath anseo againn ag foghlaim Gaeilge tá cupla bliain ó shin.
 
anó
Deirimse anó leat, ach is i mBaile Átha Cliath atá an t-anó — bí ag caint ar ocras, ach is i mBaile Átha Cliath atá an t-ocras agus an ganntan.
 
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí sé sin i mBaile Átha Cliath — is fadó an lá é; tá inseacht air; tá liostachas air
 
fonn
Tá sí caillte le fonn a dhul Baile Átha Cliath
 
Má leanann ort ar an ionsaí seo, beidh tú i mBaile Átha Cliath roimhe thráthnóna — má mhaireann duit ar an táirm seo, ar an siúl seo
+
Tiocfaidh tú isteach ar Bhaile Átha Cliath nuair a chaithfeas tú tamall ann — nuair a thaitheos tú é tamall, ní bheidh suim ar bith agat ann; bheadh tú ionann is dá mbeirtí agus dá dtógtaí ann thú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé ar aimsir roimhe sin i nGaillimh agus bhí a shliocht orm, is gearr a bhí mé ag teacht isteach ar Bhaile Átha Cliath
 
feadh
Cuirfidh mé scéala chugat ar feadh mé a theacht go Baile Átha Cliath
 
Tá droim an Bh. ar fad folaithe le móin aige. Diabhal a leithide de láithreachán! Choinneodh a bhfuil ansiúd móin le Baile Átha Cliath
 
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (i nGaillimh) agus mo hata iompaithe amach. M'anam nach fóidín mearaidh a bheadh orm ansin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
 
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
 
daor 1
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath, théis go bhfuil sí ar shladmhargadh anseo. Sin é é. Tá chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh nuair a théas sí chomh fada le na hocastóirí beaga a dhíolas libhse í, go mbíonn sí thrí lasadh ceart
 
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú a dtéann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry ansin agus an folú aríst, agus athlíonadh agus b'fhéidir an tríú líonadh. Bíonn sí mionnaithe go maith ach a mbíonn sí i mBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
 
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
 
deara
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh ina mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dúirt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rá: go raibh sé ag obair in éineacht leis féin i bhfactory Ford i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnaigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baol
 
Tá airgead aige. Tá rud aige go deimhin! Cac éanachaí i mBaile Átha an Rí, mar adeir N.
 
"Deireadh loinge a báthadh; deireadh átha a loscadh; deireadh flath (fleadh?) a cáineadh; agus deireadh sláinte osna". (Rann: flath a chuala mé anseo)
+
deis
Thug an deartháir deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: gliondaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabháil leis anois
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mise deis ghlantacháin i dteach i mBaile Átha Cliath agus b'fhearr é ná deich scuab. 'Sé a raibh le déanamh leis é a ghreamú sa mballa agus scuabfadh sé an t-urlár lena bhrú síos agus suas. Le electricity a bhí sé ag imeacht
Níl aon deis chrochta i bpríosún ar bith in Éirinn ach i mBaile Átha Cliath. Sa seanreacht, chrochtaí daoine in chuile phríosún. Níl crochadóir ar bith in Éirinn ach oiread. Caitear fios a chur ar an gcrochadóir go Sasana nuair a bhíos duine le crochadh
 
Tá an diachair ar chuid de na strainséaraí sin. Chonaic mé gearrchaile as Baile Átha Cliath a bhí anseo an bhliain cheana, agus tá aill ansin thiar agus níor chónaigh sí go ndeachaigh sí amach ceachrach ar chiumhais na haille gur bhreathnaigh sí síos, agus gan tada thíos fúithi ach an poll duibheagáin. Dhá mbuaileadh ré roithleagán í, bhí a cnaipe déanta. Is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan
 
diaidh
An bhfuil sé céad míle go Baile Átha Cliath adeir tú. Cuirfidh tú scór eile ina dhiaidh. Tá sé sé scóir agus mílte corra. Ba mhaith an choisméig é ag duine dhá chois
 
Nach diongbháilte an mhaise dhó é! Síleann sé má tá culaithín éadaigh air, agus watch ar a rosta (rí), go bhféadfaidh sé a dhul ag déanamh dóighe de na daoine. Tá dul amú air muis. Bhí cuid againne i mbailte móra nach mbeadh i mBaile Átha Cliath ach púirín caorach lena n-ais. Má théann sé sa gceann sin leis, is orainn nach mbeidh an mhairg é a inseacht dó ach an oiread
 
Níl fear ag brú ar an doicheall go dté sé go Baile Átha Cliath. Chuamar ann anuraidh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóraíocht áite a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éileamh. Bheifeá ag bualadh leathuair ar an doras gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an doras féin, ní thabharfaidís air ach faonoscal. 'What do you want,' agus chuile dhuine acu agus iad chomh míchéatach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! Nuair a bhí streoillín streille déanta againn den oíche, agus muid sáraithe ag siúl, sea a casadh fear linn a thug chuig a theach féin muid …
 
Ab é S. Sh.! Tá sé chomh doscúch inniu, théis go bhfuil sé aois an phinsean, agus a bhí sé an lá sin. Ar chuala tú faoin uair ar imigh sé in éindí le bean an damhsa de rástaí Bhaile an Bhriotaigh. D'imigh mo choinsias. Bean a bhíodh ag damhsa ar chláirín. Chuaigh sé chomh fada le Béal Átha na Sluaighe in éineacht léithe. Tugadh faoi thar cionn ansin é. Tá colm i mbun na gruaige air fós dhá bharr …
 
Cén chaoi a mbeadh a fhios agatsa go mbeadh bradáin ina luí ar an átha? Bhuel inseoidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad ina luí ar an láib … ag cónaí thíos ar an láib. Nuair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoin domhain … b'fhéidir dhóibh. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanaíochan. Dá mbeidís ina sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
+
droim
Tháinig sé anseo thoir sa samhradh anuraidh. Chuaigh cúigear nó seisear againn soir aige ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhúinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dtéadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ár) ndroma ó shin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
TUILLEADH (1) ▼
Tá togha an amhráin aige sin. Dheamhan díos (níos) fhearr a chuala tú ariamh. Agus ina dhiaidh sin féin, ní bhfuair sé comhaireamh na sop i mBaile Átha Cliath ag an rud sin a bhíos ar siúl ann … an tOireachtas, is fíor dhuit. Deir an dream a chuala é nach raibh rath ar bith leis. An iomarca a bhí ólta aige is cosúil. Sin é a chuir de dhroim seoil é. 'Sé a bhí deas air
 
Diabhal casecase a bhí aige, ach hé brí cé na maingíní a bhí aige a fháscadh síos i máilín garbh, agus a mbualadh thiar ar a dhromán, agus greadadh leis … Bhí cás aige siúd céard adeárfadh aon duine go deimhin! Tá mé ag ceapadh go mb'aisteach an feic é ag dul thrí Bhaile Átha Cliath. Duine an-Ghaelach é S.
 
Ba mhaith an éadáil í sin ag siúl duirlinge agus na bróga páipéir sin uirthi. Thuas i mBaile Átha Cliath a bhí aige a fágáil, an áit a mbeadh sí ar a nádúr féin. Go deimhin ní bean do chladóir í
+
dáil
Tá sé thuas i ndáil le Baile Átha an Rí — in aice Bhaile Átha an Rí (Achréidh; iarthar na Gaillimhe)
TUILLEADH (1) ▼
Dhíol sé a chuid talúna anseo agus chuaigh sé suas i ndáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige ansiúd
 
dána
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí acu i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream acu a rinne é sin
 
déan 1
Déanfaidh mé an Nollaig i mBaile Átha Cliath i mbliana sílim. Ní fiú dhom a theacht abhaile ar scáth cupla lá
 
Is beag an dochar don aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcontae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-aifreann, agus gur thosaigh sé ag rá nach raibh Dia ar bith ann. 'Agróidh Dia ort é,' adeir Árannach a bhí abuil mé
+
díol 2
Ba díol náire a bheith ag breathnú orthu, síos faoi chladaí ansin anuraidh. Iad ag imeacht chomh míchuibhiúil agus ina luí ina srathrúchaí i chuile áit. Más siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó más iad na béasaí a fheiceas muid acu anseo a bhíos acu i mBaile Átha Cliath, diúltaí muide dhó
TUILLEADH (1) ▼
Chonaic T. s'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindí leis ag rá an Draighneán Donn. Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosaigh an P. ag flithmhagadh: 'Níl a fhios acu sin céard atá muid a rá ach an oiread le asail,' adeir sé. D'iontaigh fear acu ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlanGhaeilge: 'I gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireanach.' Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh
 
Sin é an bóthar díreach go Baile Átha Cliath — an bóthar mór