Ídigh
—Ídigh sa gcéill 2: íltigh adeirtear ar an Achréidh
1.
earra nó a samhail a chaitheamh nó a dhiombailiú.
a.
+–
Tá na fataí ionann's ídighthe againn = ionann's caithte.
Tá'n mála mine ídighthe go dtí sin = caithte.
TUILLEADH (3) ▼
Ídeocha siad plúr má mhaireann dóibh mar sin = íosfa siad cuid mhaith plúir, mar gclaochmhuighe géaradas a ngoile.
B'fhurasta í ídiú, sgáth a raibh ann di (móin) = bhí sé easga an mhóin a chaitheamh, nó a dhóghadh, a's a laghad agus 'bhí ann di.
Má ídigheann tú an t-im sin uilig indiu, caithfe tú arán t[u]r a ithe go ceann dhá lá.
b.
caithte, snuighte, tabhartha, suaidhte.
·
Tá sí an-ídighthe = suaidhte, snuighte, tanuidhe, as a ceann-aghaidh, fearacht duine th'éis ruaige móire tinnis a chur di.
Tá sé ídighthe ar fad, le goirid = duine dhá ghoid as leaba a chéile.
2.
sásamh a bhaint amach; díoghaltas a íoc: faltanas a chur ar ais ar a mhéis féin ag duine.
+–
Pé'r bith cé ba (s) cionntaighe, ormsa a h-ídigheadh é = is mise a d'íoc ann; mise a daoradh, pé'r bith duine a rinne an choir.
Ná h-ídigh ormsa é: ní raibh neart ar bith agamsa air = ná bí ag iarraidh sásaimh a bhaint díomsa; ní raibh mise in mo chionn-tsiocair leis.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur mó an fonn a bhí air, é ídiú ar Sheán bocht.
·
D'ílteochadh sé ormsa é, dá dtugtaí a chead dó (Con. Ach.)
Ídigh in iontrálacha eile (21)
→
feadhain
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
Thiúrfadh chúig feánaí eile ídiú maith ar an dúchán. Ba mhaith a sheas sé. Shíl mé nach raibh a leath-oiread sin ann
→
foilsigh
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
→
fáideog
Dhá mbeadh fáideóig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís bascha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpuinnte le smál. Sheasfadh fáideóg achar fada. An bhfuil cainnt ar bith go bhfairsingeóidh ola go goirid
→
aire
A' deanamh ar an áit a raibh mé faoi choisméig bheodha thapaidh dóibh, ghoin radharc eile m'aire d'ídigh de thoirt a' chéad radharc (In Aimsir Emmet l. 313) = chonnaic mé nó thug mé radharc eile faoi deara.
→
fínigh
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mór-mhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneódh corp th'éis luighe fada go deó, mar ní bhíonn bioreanga orra. Bhí corp shean-N. cho héadtrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirre!
Ní raibh mé ar an bportach go deireannach le coicís ó indé. Agus níor thug mé liom ach bord na cruibeach. Déarfá nach bhfuil muid ag ídiú mórán móna
→
deis
Is iomdha deis a fuair tú air ó shoin agus níor chuir tú aon-aighneas air. Má tá faltanas istigh agad dó teirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé in a leath-rann annseo agad chois an teallaigh 'chuile lá
→
diaidh
Níl ann ach go bhfuil sé indiaidh a chéile anois. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh, is mó a d'ídigh ná é le goirid. Níl bior-eanga féin air
→
dochar
Sin rud nach bhfuair aon-dhuine ann féin ariamh a rádh liomsa, go ndearna mé dochar ná díobháil do bheithidheach a bheadh aige. Ní dhearnas muis. Dhá mbeadh an chloch ins an muinchille agam do dhuine ní ar a bheithidheach a ghabhfainn dhá ídiú. D'ídeochainn air féin é
Cá'id a mhairfeas an drad-ualach sin duit? Seachtain! Dheamhan mórán atá sib a ídiú muis. Ní bhainfeadh muide trí lá as
→
draoi
Bhí an draoi breacach de na Grialluiseacha ('gNiallghuis) ins an tír seo roimhe seo, ach ní fhaca tú aon-chine ariamh a ndeacha ídiú cho mór orra leo. Chuirfeá slat ar an bparáiste sílim indiu, agus ní bhfuightheá Grialluis istigh ann
Chuaidh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrugh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosuigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath agus ar theang(mh)uigh an teas leis an gcois ag N. d'eirigh sé in a bhruighshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin a b'áil leis é a ídiú a bhí cho saor air leis an bhfear nar rugadh. D'eirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brigh é, ach tá sé sáthach tinn. Bhí an dream eile dhá shaghdadh — "set" (muintir) S. Mh. Bhí N. i bhfiadhántas ceart. "Déanfaidh mé do lá" adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó a tháinig mé cho saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartuidheachta orm fhéin.
→
duine
Cá bhfuigheadh muide fataí a dhuine chroidhe! D'ídigh muid a ndeireadh an tseachtain seo caithte
→
dustaí
Cé'n chaoi a mbeadh féar aige. Ní fhéadfaidh tú do bhuilín a bheith agad agus é a ithe. Céard a bheathuigh na buláin siúd i gcaitheamh na bliana … Sin cruach fhéir a fuair dustaí. Ach dheamhan a fhios agam nach bhfuair sé congnamh faoin a h-ídiú
→
dólámh
Dar fiadh muise, tá muid ag ídiú plúir dólámh. Agus tá caint go n-árdóchar é, agus go bhfuil sé ag dul 'un gainne. M'anam má theigheann go mbainfear cuid de na daoine as a gcleachta, go mbainfear sin
→
dúchan
Bhí bliain annseo agus ní raibh oiread leithphighne beo d'aon-bharrainn ag gabhail liom lá 'Eil San Seáin. D'ídigh sé roimhe iad mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhuail sé an taobh faoi de'n das cho maith leis an taobh as a chíonn. Ní raibh méid dubh na h-iongan ins na spotaí beaga i dtosach, ach, a mhic ó mo chroidhe thú, ní raibh dhá lá go raibh an sean-chur fréna chéile in a aoileach. Dá mbeidís taobh leis an lobhadh tirm níor chás é, ach d'fhastuigh sé na fataí féin cho maith leis an mbarrainn … "Sprae" a chur orru! Beannacht Dé dhuit! Ó a aimsigheas an dubhachan iad, ní fiú cnaipe gan chois do chuid sprae
→
gionnóid
Níl ginnín féar tirm aice anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheitheach annsiúd aice agus a gcnámha thrín a gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rómpa. Nach uirre a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad