Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Dé hAoine (5)

 
failic
Fuair tú dhá unsa tobac Dé hAoine agus is duit is mó náire má tá siad caite agat. Ní fhaca mé aon duine ariamh is mó failic ar thobac ná thú. Dheamhan caint ar bith agat cá bhfaighfear a luach
 
"Diomdha Rí na hAoine don té a thógfadh mo ghrá uaidhm (uaim); Nach bhféadfainn a dhul dá féachaint aon oíche Dhomhnaigh ná go moch Dé Luain" (diomdha Rí na hAoine; diomdha Dé; ná raibh Dia buíoch dó!; go n-agraí Dia air é!)
 
Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine, agus ní raibh snig ina chluais maidin Dé hAoine. Nach gearr an battle sin a thug sé sin
 
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
 
díle 1
"Troscadh a rinne mé Dé hAoine; Bhí fuílleach éisc agam i mo dhiaidh ar clár —; Go mba seaniasc lofa é a bhí saillte ón Díle; Agus é faoi shaltpetie ó bhun go barr" (As amhrán: Seán Ó Maonaigh)