→
istigh
Dhá láimh istigh (19)
Chonaic mise draíodóirín de Freemason i nGaillimh agus ní raibh cinneadh lena chuid asarlaíochta. Dhathódh sé na cártaí istigh in do láimh os comhair do dhá shúl
D'aithneodh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhraith mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige ach nach dtabharfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht lena raibh faighte aige ná a bheith dhá mhearú fhéin
+
→
istigh
Ní comórtas (comártas adeirtear) ar bith muid mura dtuga tú dhá láimh istigh dhom (dhá láimh amuigh a bheadh ag a chéile ansin) — ní hionann muid nó tá buntáiste agatsa ormsa, nó is troime, is sine, nó is láidre thú ná mise, agus dhá bh(r)íthin sin, ba ceart duit dhá láimh istigh a thabhairt dom
TUILLEADH (13) ▼
Baol beag orm go deimhin, dhá láimh istigh a thabhairt duit. Nach sine tú fhéin ná mise
Cuirfidh mé geall (cuirfidh mé mo rogha geall; rachaidh mé faoi dhuit) go leagfaidh mé (sínfidh mé, tabharfaidh mé talamh srl.) dhuit má thugann tú dhá láimh istigh dhom
'Sé an rud is lú dhuit dhá láimh istigh a thabhairt dhom, a ghiolla mhóir — tá tú mór láidir tharamsa agus ní chuirfidh sé aon cheo as duit buntáiste coraíochta a thabhairt dom
Má thugaim dhá láimh istigh dhuit, ní bheidh buntáiste ar bith agam tharat — beidh muid cothrom má thugaim dhá láimh istigh duit
Ní bheadh ionga ná orlach acub ar a chéile dhá mba dhá láimh istigh a bheadh acub (fc. thuas)
Is danartha an diabhal é le dhá láimh istigh a fháil ort — tá sé crua fáiscthe, agus greim docht daingean aige má fhaigheann sé dhá láimh istigh
Dhá bhfaigheadh sé dhá láimh istigh air, chuirfeadh sé a chaoi féin air — leagfadh sé (dhéanfadh sé a rogha rud leis) é srl.
Is mairg a thabharfadh dhá láimh istigh dhuit agus chomh deacair (a dheacra) agus atá sé thú a leagan le láimh istigh agus láimh amuigh fhéin
Aon fhear dá bhfaighidh (dhá bhfáighe freisin) an tÁrannach dhá láimh istigh air, is fear anuas é (nó is fear thíos é) — leagfadh Árannach fear ar bith ach greim dhá lámh istigh a fháil air
Bhí siad i ngreim dhá láimh istigh ar a chéile agus gan barr ag ceachtar acub ar an gceann eile
Is cleasach an greim é dhá láimh istigh — is furasta duine a leagan leis
Is diabhaltaí (is ait, is dalba, is danartha, is tofa srl.) uaidh coraíocht a dhéanamh le dhá láimh istigh
Thug mé dhá láimh istigh dhó agus shíl mé go ndéanfadh sé leitheachaí de mo thaobhanna, d'fháisc sé chomh mór sin iad
→
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
→
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
Dhá dhíocasaí dhá bhfuil sé ag marú bradáin muis, is seacht ndíocasaí dhá ól é. Ní túisce a bhéarfas sé ar a luach ná a fhágfas sé istigh tigh K. é. Sílim go leagann sé isteach ar fad ar aon láimh amháin é agus an fhad is a thiocfas sé téadh ansin