Márta (21)
→
fothair
Bíonn féar agus fothair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéarra. Sin í a raibh a fhios aici é!
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhthíoch seo. Thug sé an chéad choicís go breá uaidh. Ach níor tháinig an oiread as an lá fhéin go maith i mbliana.
→
amach
Tá neart ionú acub i mbliana mar tá an Inid ag dul amach go dtí an chéad tseachtain de Mhárta.
→
folláin
Tá sé chomh folláin le breac; tá sé chomh folláin leis an mbradán seang; tá sé chomh folláin le reithe Márta, le glasmhíol Márta, le giorria Márta, le roc Márta srl. — bíonn sé i gceist nach bhfuil rud ar bith dá mbeirtear ná dá ngortar sa Márta nach mbíonn crua folláin
→
fás 2
An bhliain a bhfásann an féar luath, sin í an bhliain is measa. Bhí fuílleach d'fhéar bó ann i mbliana an chéad lá Mhárta. An bhfeiceann tú céard a rinne an bhliain ina dhiaidh sin?
→
íochtar
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)
→
fiach 2
Níor tháinig aon uair ariamh mar thús an Mhárta seo. Bhí dhó nó trí (a dhó nó a thrí) de laethanta ann agus chuirfidís an éig ar na fiaigh dhubha. B'íontas gur mhair bó ná gamhain leis
→
foithnín
Níl foithnín féir ar an talamh fós, thréis go bhfuil an Márta bunáite amuigh — sop, seamaide
→
forainm
Seán Ó Curraoin a ainm agus a shloinne ó cheart. Sin fuarainm: Seán Ó Márta. As a mháthair a mhainíos (a ainmníos) siad é.
→
abair
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
Daoirsíonn an mhóin taca an ama seo chuile bhliain. Nuair a theangmhaíos cruas an Mhárta le na seanágóideacha, níl déanamh d'fhuireasa an fhóidín móna acu. Is maith leo na loirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chur iontu — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
Dea-Mhárta a bhí ann i mbliana. Níor chuir an tseanbhó cnead ar bith aisti fhéin, ná diabhal cur
Nach dona na laontaí atá ag teacht ón tarbh sin thuas. Breathnaigh ar an laoidín sin ag S. Ph. Nach dramhsach éidreorach an feithideach é. Ní sháróidh sé an Márta choíchin mura bhfaighe sé an-aire den domhan
Tá sé an-drithleach anois má chloiseann sé torann binn ar bith. Is maith a chuaigh an ceaintín dó a chur ar a dhrioball. Thug M. Sh. G. ceaintín amach an lá faoi dheireadh agus thosaigh sé dhá 'speáint dó, mar dhóigh dhe, go raibh sé ag dul dá chur ar a dhrioball aríst. Well scuab sé mar a bheadh glasmhíol Márta ann!
→
déanta
Is minic cheana a bhí déanta lena bás, ach tá sí sin chomh cruachúiseach le glasmhíol Márta. Ní mharódh tada í sin mura bhfaigheadh sí amlua faoi dhrochthuairt sneachta; sin nó reo sa sioc
→
díotúil
Uair díotúil Mhárta a bhí ann. Bhí mé thíos ag baint fheamainne ar an gCurraigh agus fhóbair gur préachadh mé leis an bhfuacht
→
dóigh 1
Diabhal bréag nach maith an dóigh é an goróir de lao sin. Breathnaigh ar an gcruit atá air. Tabharfaidh an Márta rud le déanamh dó ─ lao a bheadh ina dhrochúdar, nach mbeadh aon dea-ghealladh faoi, ná aon tsúil lena éirí
→
dúchan
Bhí dúchan mór déanta againn anuraidh shular rug an Márta orainn, ach ba suarach an t-ionadh sin agus an cúnamh a bheith ann. Ní bheidh aon dúchan déanta i mbliana sílim. Is gearr le dhul duine aonraic