Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dáta
ainmfhocal, fireann
iolra: dátaí
am, lá, seachtain, nó mí srl. áirid; am sonraithe.
+
Cén dáta é inniu?; cén dáta é an lá inniu? — cén lá den mhí é?
Cén dáta a bhí ar an litir
TUILLEADH (9) ▼
An bhfuil a fhios agat dáta do bheirthe
An-fhear dátaí é. Tá siad aige i leabhar
Is fada an dáta ó bhí an rud sin amhlaidh — is fadó an lá
Caithfear an cíos a íoc ar an dáta — ar an lá cairde
Sin é ar thug sé de dháta dhom lena íoc — cairde, airleacan
Cuir dáta air le é a bheith déanta aige, agus mura mbeidh sé déanta aige an lá sin, ná tabhair aon phínn dó
Tá an t-airgead acraí thar dáta cheana féin. Is gearr go dteaga notice eile
Tá an rud sin as dáta anois — as faisean; ní hé an gnás é níos mó
D'íoc tú roimh an dáta é nár íoc

Féach freisin

dáta in iontrálacha eile (1)

 
Níl a fhios agam cén uair ar scríobhadh í, mar níl sí dátáilte chor ar bith. Sin é ansin an dáta ar cuireadh i bposta í. An bhfeiceann tú stampa an phosta ansin