Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díshláinte
easpa sláinte; gan a bheith folláin.
+
Tá díshláinte uirthi le fada
Is beag an díshláinte atá air ag goid mhóna nó nuair a bheas snáth feamainne istigh
TUILLEADH (5) ▼
Tá díshláinte ar an duine bocht. Is fada an lá meath-thinn mar sin é. Níl aon turas in Éirinn nach bhfuil tugtha aige — Mám Éan agus Cruach Phádraic agus an Cnoc — ach níl aon mhaith ann
Sin í an cheird a chuir chun díshláinte i dtosach é: ag imeacht mar sin de shiúl oíche le cladaí ag tóraíocht raic. Deir siad nach bhfuil an raic sonaí. Ní fhaca mé aon fhorás ar aon duine ariamh a bheadh léithe ar aon nós
Cáid ó bhuail díshláinte é. Shílfeá gur fear luath láidir crua fáiscthe é. Ach ní bhíonn a fhios ag aon dhuine cá luíonn an bhróig ar an gceann eile. Chuile dhuine agus a anó féin go bhfóire Dia orainn!
Tá díshláinte ag dul don fhear, agus shílfeá nach bhfuil tada le cois na sláinte ag na gasúir ach an oiread. Tá siad suaite drochbhreathnaitheach, agus sílim gur minic ag éagaoineadh freisin iad
Duine ar bith a bhfuil díshláinte air, bhí aige aire a thabhairt dhó fhéin

Féach freisin

dí-