Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daigh, dó
/dəï/, /dəi/: Achréidh; na hOileáin, Leitir Mealláin, Leitir Móir, agus le farraige aniar chomh fada le na Mine nó mar sin; //: Cois Fharraige uaidh sin aniar
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: daighe /dəï/
fireann, ginideach uatha:
iolra: daitheachaí /dəixī/: na hOileáin agus Cois Fharraige chomh fada aniar le na Mine; /dɛ̄xī/: Cois Fharraige.
deirtear /dɛ̄/ i leaba // le i gcónaí i gCois Fharraige nuair is iad na fiacla atá i gceist, agus amantaí le daitheachaí eile. daigh bhoilg: /dɛ̄ wel′ɡ′//dō wel′ɡ′/
1.
driog péine, pian, arraing, donacht tobann, drithlíní.
a.
+
Bhuail daigh mé isteach i m'imleacán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaidhm eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a lig sí dhom
Tháinig daigh eicínt isteach faoi bhun m'easnacha anseo anuraidh agus mé ag feamnú, agus sheadaigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shin di
TUILLEADH (7) ▼
Sin daigh ó arraing nó rud eicínt mar sin. Ní brí í ar chuma ar bith
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
Tá faitíos orm an daigh sin a theagas air, gur ó chancer í. Tá cancer a mhic ó, ar leath do thíre. Níl inseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
Tá mé go dona le daigh faoin bhfiacail
Níl aon fhiacail ag gabháil liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a bhíos orm théise sin, ní ag tabhairt ghutha orthu é!
Airím daigh ansin: isteach díreach i m'imleacán
M'anam muise an té a mbuailfidh an daigh sin é (buinneach), nach foláir dó siúl a bheith aige
b.
+
Tháinig dó (daigh) bhoilg ar an T. agus b'éigean éirí as an gcéilí agus gan é nach (ach) uair ar siúl. Ní hé a (ár) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (daigh bhoilg — pian bhoilg)
Bhí dó bhoilg orm ar feadh an lae inné. Chaith mé an lá ag imeacht ar fud an tí léithe, mar ní fhéadfainn cónaí a dhéanamh in áit ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair daigh bhoilg uirthi! Chaith sí cupla uair an chloig orm, agus shíl mé go dtiocfadh snaidhm ar mo phutógaí léithe
Is olc í an dó bhoilg sin. Chaith sí an tsíoraíocht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreá uaithi anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siúl an bhóthair ionat
Sin é an fáth a bhfuil leigheas ar an daigh bhoilg sa mbarrach. Cheal nár chuala tú é sin ariamh cheana. Sin é é muis
Chaith mé an lá inné agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dó bhoilg. Fhóbair nár chniog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí chomh gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag a mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buí! Sin é an méid!
c.
+
Tá dó (daigh: /dəi/, /dɛ̄/, //) ghoile ag dul dom — pian isteach faoin gcliabhrach nó i mbéal an chléibh. Teagann sí ar dhuine mura mbeidh a chuid bídh ag teacht leis, nó ag feiliúint dó, nó mura bhféadann sé aon cheo a dhéanamh thrína cholainn. Cineál indigestion é
Tá an dó ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon lá ó tháinig an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta a aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
TUILLEADH (6) ▼
Ara tá an oiread banráin aici anocht agus nach bhféadfadh duine fanacht ina gaire chor ar bith. Tá an daigh ghoile sin léithe aríst; agus deir sí féin go bhfuil coiliceam agus altraid chroí agus chuile anó uirthi ina aice sin
Chuir mé mé fhéin chun domlais le poitín inné — poitín dóite Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm inniu, tá dó ghoile orm ó mhaidin
Bhí daigh ghoile le cupla lá uirthi agus chuir sé ó ithe a codach í, ach níor chuir sé aon chaimpirín ar a teanga. Mo léan géar, 'sé nár chuir!
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate (heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
d.
·
Dó croí (fc. )
2.
+
Tá daitheachaí orm (/dɛ̄xī/, /dəixī/); tá daitheachaí fiacla (nó daitheachaí fiacal) orm; tá daigh (/dəi/, /dɛ̄/) fhiacal orm (ciallaíonn daitheachaí as féin daitheachaí fiacal. 'Sé adeirtear go hiondúil, ach in áiteacha cuirtear fiacla, fiacal leis. Ní bhíonn tinneas fiacal ag aon duine ach ag máistrí scoile, nó a leithidí!)
Daitheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar chomh tréan in Éirinn agus atá tú in ann a ól … Níl tú in ann fulaingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fulaingt lena daitheachaí!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí mé den tsaol ag daitheachaí in imeacht na seachtaine seo caite. B'éigean dom éirí de mo leaba oíche, agus mo leiceann a chur le tine. Bhí mé ag screadach leis an bpian
Deir siad go bhfuil an píopa go maith ag na daitheachaí. Bodhraíonn sé an phian
Ní bheadh ortha na ndaitheachaí fiacla agat? Tá mé in ainriocht ag daitheachaí
Sin í ansin an cailín a bhfuil na daitheachaí inti. Tá poll inti agus fearsaid eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feictear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcónaí. Beidh a shliocht uirthi: ní bheidh sí ann ach feadh is mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
·
Níl pian ar bith is boichte ná na daitheachaí fiacal, agus níl pian ar bith ina dhiaidh sin is lú a mbíonn trua do dhuine ná í
Tá a phluic uilig séidte ag na daitheachaí fiacal. Diabhal mórán trua é nach dtéann agus a dtarraingt agus gan a bheith dhá mbuachailleacht ansiúd
·
Bhíodh daitheachaí ormsa nó gur chuir M. C. an ortha dhom, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a d'airigh mé ó shin, míle moladh le Dia
3.
·
Daigh Bhríde (/dəi/): tobar beannaithe i gContae an Chláir a dtéann muintir Árann ar turas ann Lá Fhéile Muire Mór (15ú Lúnasa). Caitheann siad an oíche ag an tobar. Tá sé suas in aice le Sráid na Cathrach

Féach freisin

daigh in iontrálacha eile (2)

 
Tá daigh eicínt isteach sa duilleoig orm, muran cléithín a bheadh ag titim agam.
 
Gabhfaidh daigh thríd an slinneán aige má bheirimse air