Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damáiste
ainmfhocal, baineann
fuaim: du; u in ubh, luibh, bun srl.
 dochar, díobháil, millteanas, mísc, místaid, rud as bealach, foghail srl.
+
Rinne an toirneach an-damáiste
Ba bheag an damáiste a rinne na beithígh sa ngort
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shula mbeidh réidh dhó
Déanfaidh sé damáiste lena chuid cainte, déanfaidh sin

Féach freisin

damáiste in iontrálacha eile (1)

 
diaidh
Theangmhaigh an toirneach leis agus níl ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile ó shin. Ná bac thusa le balla ar bith a scríobfaidh an cailín sin leis. Scoilteann sí ar fad é. Ach bhí muid saor go leor míle buíochas le Dia, nach ndearna sí thairis sin de dhamáiste