Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Damáiste
ainm-fhocal, buineann.
Fuaim du. u in ubh, luibh, bun agus rl.
dochar, díobháil, millteanas, mísc, místáid, rud as bealach, foghail agus rl.
+
Rinne an tóirneach an-damáiste
Ba bheag an damáiste a rinne na beithidhigh ins an ngort
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shul a mbeidh réidh dhó
Déanfaidh sé damáiste len a chuid cainte, déanfaidh sin.

Féach freisin

Damáiste in iontrálacha eile (1)

 
diaidh
Theangmhuigh an toirneach leis agus níl ann ach go bhfuil sé indiaidh a chéile ó shoin. Ná bac thusa le balla ar bith a scríobfaidh an cailín sin leis. Scoilteann sí ar fad é. Ach bhí muid saor go leor míle buidheachas le Dia nach ndearna sí thairis sin de dhamáiste