Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damnú
Briathar, Ainm-bhriathar.
damnuighim agus rl.
mallú, mionnú, a chur as Flaithis ar feadh na síorruidheachta, a cháineadh go mór.
a.
+
Mhionnuigh sé agus dhamain sé nach raibh sé ann (cf. mionnuigh)
Deir siad nach ndamnóchthar ach duine amháin lá an bhreitheamhnais. Chuala mé ariamh é
TUILLEADH (4) ▼
Anam ar bith a fhágas an saoghal seo i staid an pheacaidh marbhtha, damnuighthear é. Sin é adubhairt an Teagasc Críostuidhe ar chuma ar bith
"Ach feacha gur damnuigheadh leanbh na chúig mblian, 'athair a's a mháthair a's é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith 'loscadh na mionnaí mór a's a' maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
Aingeal geal ins na Flaithis a bhí ins an Diabhal — diúltaigheamuide dhó — idtosach. Ach damnuigheadh é faoi rádh agus go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Ní dhamnóchtar a leinbh. Níl againn ach a bheith ag súil le Dia
+
Go ndamnuighidh an diabhal (an míádh, an tubaiste, an catmara, an riabhach, an clampar agus rl.) thú le caoi a bheith ort! (eascainidhe)
Go ndamnuighidh an clampar thú — croisim aríst thú! — marab ort atá an duthrudhach chuarta! I leabaidh suidhe síos duit féin agus péire stocaí a chniteáil mar atá 'chuile ghearrchaile de do leithide ins an tír a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Go ndamnuighidh an catmara agad é, nach mbeireann air agus é a chaitheamh amuigh ar an tsráid, agus gan na daoine a bheith thar bharr a gcéille ag éisteacht leis istigh annseo. Is furasta aithinte go mba deas an t-amhantar a thug sí duit. Dhá mba rud ar foghnamh é, is fada go scarfadh sí féin leis
Go ndamnuighidh an tubaiste a clab truisc. Nach gann a chuaidh an saoghal uirre, má sin é anois a raibh len innseacht aice! Ach is cóir adeir siad an muileann a bhíos ag síor-mheilt go meileann sé mín agus garbh.
Go ndamnuighidh an catmara é mara beag an fiuntas é. Níor chumaoin dó muise thusa a leigean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fiadh dhá gcastaí thusa air ag béal do dhoruis féin, is beag an baoghal go leigfeá thart é, gan fiafruighe dhó (dhe) an raibh béal air.
+
Damnú síorruidhe air, an cimleacháinín, mara maith a fuair sé ann féin a dhul ag maslú bean ar foghnamh. Foighid ort go gcloisidh a h-athair é. Ní ag comhaireamh na gcoisméagachaí len a dhá choisín bhasacha a bhéas sé, leabharsa, má fheiceann sé é siúd ag teacht!
Damnú síorruidhe air! Bleitheach eicínt aníos as conndae an Diabhail Bhuidhe, nach dtuigfeá aon-cheo de'n lapaireacht atá aige, ach an oiread agus a thuigfeá lochán lachan, ag rádh nach raibh Gaedhilge ar bith ag muíntir na h-áite seo! Mara bhfuil, chidh Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaedhilge atá aige-san!
TUILLEADH (4) ▼
Damnú síorruidhe air agaibh mar phósadh, caithigidh suas feasta é. Tá sé in am agaibh a gceart cainte a bheith déanta agaibh faoi.
Damnú síorruidhe ar an bpoitín céadna! D'ól mé scáird indé dhó, agus go deimhin má d'ól féin, ní bláth ná biseach a chuir sé orm. Dair (dar) leat, tá roth na glinntigheachta istigh in mo cheann ó mhaidin aige
Damnú síorruidhe air, an dailtíneach bradach, is tú adubhairt lom-lán an chirt leis. Nach sonnda an mhaise dhó é! Dheamhan aithne air, nach duine é atá i riocht gníomh eicínt a dhéanamh!
Damnú síorruidhe air mar shneachta. Níl oiread agus caorán móna ar an teallach agam ó am suipéar aréir, agus níl aon-asal in araidheacht a dhul 'na phortaigh indiu ach oiread le indé. Shílfeá gur dúil atá ag an aimsir bothae a dhéanamh de na daoine!
b.
a mheárú, a bhodhrú, biorán a dheanamh dó.
+
Ná bí do do dhamnú féin leis = do do mheárú, nó do mheath féin, nó do do shárú féin ag iarraidh obair eicínt a dhéanamh, nó cur faoi ndeara do dhuine rud eicínt a dhéanamh agus gan aon-luighe aige leis.
Fág mar sin é mar "bhicycle". Ní fiú dhuit a bheith do do dhamnú féin ag iarraidh a dheasú ar scáth an t-achar go mbeidh an bhail chéadna aríst air.
TUILLEADH (3) ▼
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chluig sin. Dhamnóchthá thú féin leis, agus badh aon-mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang de'n sparán agus fagh ceann nuadh. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
Dhamnóchadh duine é féin leis an gcruithneacht chéadna agus gan faice dhá barr aige ins an deireadh, ach a chuid talmhana spíonta. Ná bac leis an gcruithneacht atá talamh na h-áite seo indon a thabhairt. Bhí Garrdha Mh. L. fúithe agam anuiridh, agus má bhí féin ba ghiobach an barr a bhí air
Is dona na gnaithí atá ort do do dhamnú féin le na sean-chlochair sin, agus fios agad nach réidhteochadh na Fiannta Éireann iad, agus bídís ar an saoghal indiu. Ach níl aon-chomhairleachan indán do chuid de na daoine, nó go bhfágaidh an saoghal a shéala féin orra. An bhfeiceann tú M. Ph. Sh. annsin thoir, agus é sníomhtha de bharr a bheith ag plé le clocha
+
Tá mé damnuighthe ag an diabhlánach d'asal sin ag imeacht i mbradghail 'chuile ré soluis. Dar mo choinsias dá mbeadh an ghlaicín mhóna atá annsiúd thuas amuigh, bheadh a shliocht air. Gheobhadh sé ruaigeadh na Muice Báine 'nan aonaigh. Diabhal baoghal go mbeidh mise dhá bhuachailleacht níos fuide, agus mé sceannta ag an mbaile dhá fhuagairt 'chuile lá
Tá mé damnuighthe ag an liúiste (leoiste) sin thíos ag iarraidh tobac orm 'chuile oíche. Tá sé taithighthe annseo ar fad anois. Is dóigh go bhfuil cut (cat) crochta roimhe is 'chuile áit eile. Níl aon-ghean ag aonduine é a fheiceál ag teacht isteach ar cuairt chuige
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé damnuighthe le seachtain ag doigheachaí. Sílim nachar chorruigh sé amach chor ar bith. Tá an chúilfhiacail siúd aige splanctha aríst! Luirg an diabhail dó nach dteigheann isteach agus a tarraint agus gan a bheith dhá buachailleacht mar siúd
Dhamnuigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuiridh. Th'éis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabhail linn. 'Sé a rinne an sladadh spleádhach, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeicidh tú ag sireoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain aca an tráth seo 'bhliain i gcomhnaí
Tá muid damnuighthe ag an aisiléirín sin thíos, ag teacht dhá cheann de ló, ag sioscadh bréag. Níl cinneadh ar bith len a chuid cumadóireacht', ach diabhal mé leis an gceart a dhéanamh nach bhfuil thairis sin de dhochar ann, cé's moite de na paiteanna sin a chumas sé
Tá a bhfuil ins an teach damnuighthe aige anois, ag iarraidh imeacht go Sasana. Diabhal mise muis, go bhfaigheadh sé cead a chinn marach cho baoghlach agus atá an áit thall faoi láthair. An uair a bhí sé suaímneach, agus gan tada dhá chaitheamh anuas ann, ní raibh luighe ar bith aige a dhul ann. Ach anois níl breith bonn báis aige go mbeidh sé imighthe. Is beag dhá chuid contráilteacht' é mo léan
Tá mé damnuighthe ag bróga cumhanga atá do mo thógáil. Tá léas tóigthe aca ar 'chaon ladhairicín liom, agus ní mó ná go bhfuil siubhal an bhealaigh ionnam aca. Ach is ceart do na daoine a bheith buidheach agus a bhfáil mar sin féin agus cho gann agus atá siad ar ala na h-uaire
Dhamhnóchadh an ceann céadna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iabh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach in a claibín muilinn mar sin ag síorádh léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
Leig dhó fhéineacht ar fad agus ná tarraing ort chor ar bith é! Má thugann sé aghaidh a bhéil orainn damnóchaidh sé muid. Tá ruibh na cainte ceart air anocht
Ní fhéadaim a dhul soir i mbéalmhachaí an bhaile seo thoir beag ná mór nach bhfuil mé damnuighthe aige ag cur cumaoin' orm agus do mo tharraint isteach i dtighthe ósta as cosa idtaca. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag goilleamhaint ar an mbuachaill sin