Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damnaigh
briathar
damnaím srl.; ainm briathartha: damnú
 mallú, mionnú, a chur as flaithis ar feadh na síoraíochta, a cháineadh go mór.
a.
+
Mhionnaigh sé agus dhamain sé nach raibh sé ann (fc. mionnaigh)
Deir siad nach ndamnófar ach duine amháin lá an Bhreithiúnais. Chuala mé ariamh é
TUILLEADH (4) ▼
Anam ar bith a fhágas an saol seo i staid an pheaca marfa, damnaítear é. Sin é adúirt an Teagasc Críostaí ar chuma ar bith
"Ach féacha gur damnaíodh leanbh na chúig mblian, a athair agus a mháthair agus é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith ag loscadh na mionnaí mór agus ag maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Ní dhamnófar a linbh. Níl againn ach a bheith ag súil le Dia
+
Go ndamnaí an diabhal (an mí-ádh, an tubaiste, an cat mara, an riabhach, an clampar srl.) thú le caoi a bheith ort! (eascainí)
Go ndamnaí an clampar thú — crosaim aríst thú! — murab ort atá an dúrúch chuarta! I leaba suí síos duit féin agus péire stocaí a chniotáil mar atá chuile ghearrchaile de do leithide sa tír a dhéanamh
TUILLEADH (3) ▼
Go ndamnaí an cat mara agat é, nach mbeireann air agus é a chaitheamh amuigh ar an tsráid, agus gan na daoine a bheith thar bharr a gcéille ag éisteacht leis istigh anseo. Is furasta a aithinte go mba deas an t-amhantar a thug sí duit. Dhá mba rud ar fónamh é, is fada go scarfadh sí féin leis
Go ndamnaí an tubaiste a clab troisc. Nach gann a chuaigh an saol uirthi, más in é anois a raibh le n-inseacht aici! Ach is cóir adeir siad, an muileann a bhíos ag síormheilt go meileann sé mín agus garbh
Go ndamnaí an cat mara é mura beag an fiúntas é. Níor chomaoin dó muise thusa a ligean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fia dhá gcastaí thusa air ag béal do dhorais féin, is beag an baol go ligfeá thart é gan fiafraí dhó (dhe) an raibh béal air.
+
Damnú síoraí air, an cuimleacháinín, mura maith a fuair sé ann féin a dhul ag maslú bean ar fónamh. Foighid ort go gcloise a hathair é. Ní ag comhaireamh na gcoisméigeachaí lena dhá choisín bhosacha a bheas sé, leabharsa, má fheiceann sé é siúd ag teacht!
Damnú síoraí air! Bleitheach eicínt aníos as Contae an Diabhail Bhuí nach dtuigfeá aon cheo den lapaireacht atá aige ach an oiread is a thuigfeá lochán lachan, ag rá nach raibh Gaeilge ar bith ag muintir na háite seo! Mura bhfuil, chí Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaeilge atá aigesean!
TUILLEADH (4) ▼
Damnú síoraí air agaibh mar phósadh, caithigí suas feasta é. Tá sé in am agaibh a gceart cainte a bheith déanta agaibh faoi.
Damnú síoraí ar an bpoitín céanna! D'ól mé scaird inné dhó, agus go deimhin má d'ól féin, ní bláth ná biseach a chuir sé orm. Dar leat, tá roth na glintíochta istigh in mo cheann ó mhaidin aige
Damnú síoraí air, an dailtíneach bradach, is tú adúirt lomlán an chirt leis. Nach sonnta an mhaise dhó é! Dheamhan aithne air nach duine é atá i riocht gníomh eicínt a dhéanamh!
Damnú síoraí air mar shneachta. Níl oiread agus caorán móna ar an teallach agam ó am suipéar aréir, agus níl aon asal in araíocht a dhul 'na phortaigh inniu ach oiread le inné. Shílfeá gur dúil atá ag an aimsir bothae a dhéanamh de na daoine!
b.
 a mhearú, a bhodhrú, biorán a dhéanamh dó.
+
Ná bí do do dhamnú féin leis — do do mhearú, nó do mheath féin, nó do do shárú féin ag iarraidh obair eicínt a dhéanamh, nó cur faoi ndeara do dhuine rud eicínt a dhéanamh agus gan aon luí aige leis
Fág mar sin é mar bhicycle. Ní fiú dhuit a bheith do do dhamnú féin ag iarraidh a dheasú ar scáth an t-achar go mbeidh an bhail chéanna aríst air
TUILLEADH (3) ▼
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chloig sin. Dhamnófá thú féin leis, agus ba aon mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang den sparán agus faigh ceann nua. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
Dhamnódh duine é féin leis an gcruithneacht chéanna agus gan faice dhá barr aige sa deireadh, ach a chuid talúna spíonta. Ná bac leis an gcruithneacht atá talamh na háite seo in ann a thabhairt. Bhí Garraí Mh. L. fúithi agam anuraidh, agus má bhí féin ba ghiobach an barr a bhí air
Is dona na gnaithí atá ort do do dhamnú féin le na seanchlochair sin, agus fios agat nach réiteodh na Fiannta Éireann iad, agus bídís ar an saol inniu. Ach níl aon chomhairleachan i ndán do chuid de na daoine, nó go bhfága an saol a shéala féin orthu. An bhfeiceann tú M. Ph. Sh. ansin thoir, agus é sníofa de bharr a bheith ag plé le clocha
+
Tá mé damnaithe ag an diabhlánach d'asal sin ag imeacht i mbradaíl chuile ré solais. Dar mo choinsias dá mbeadh an ghlaicín mhóna atá ansiúd thuas amuigh, bheadh a shliocht air. Gheobhadh sé ruaigeadh na Muice Báine chun an aonaigh. Diabhal baol go mbeidh mise dhá bhuachailleacht níos faide, agus mé sceanta ag an mbaile dhá fhuagairt chuile lá
Tá mé damnaithe ag an liúiste (leoiste) sin thíos ag iarraidh tobac orm chuile oíche. Tá sé taithithe anseo ar fad anois. Is dóigh go bhfuil cat crochta roimhe i chuile áit eile. Níl aon ghean ag aon duine é a fheiceáil ag teacht isteach ar cuairt chuige
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé damnaithe le seachtain ag daitheachaí. Sílim nár chorraigh sé amach chor ar bith. Tá an chúlfhiacail siúd aige splanctha aríst! Loirg an diabhail dó nach dtéann isteach agus a tarraingt agus gan a bheith dhá buachailleacht mar siúd
Dhamnaigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuraidh. Théis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabháil linn. 'Sé a rinne an sladadh spleách, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeice tú ag sirtheoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain acu an tráth seo bhliain i gcónaí
Tá muid damnaithe ag an aisiléirín sin thíos, ag teacht dhá cheann de ló, ag sioscadh bréag. Níl cinneadh ar bith lena chuid cumadóireachta, ach diabhal mé leis an gceart a dhéanamh, nach bhfuil thairis sin de dhochar ann cé is moite de na paiteanna sin a chumas sé
Tá a bhfuil sa teach damnaithe aige anois ag iarraidh imeacht go Sasana. Diabhal mise muis, go bhfaigheadh sé cead a chinn murach chomh baolach agus atá an áit thall faoi láthair. Nuair a bhí sé suaimhneach, agus gan tada dhá chaitheamh anuas ann, ní raibh luí ar bith aige a dhul ann. Ach anois níl breith bonn báis aige go mbeidh sé imithe. Is beag dhá chuid contráilteachta é mo léan
Tá mé damnaithe ag bróga cúnga atá do mo thógáil. Tá léas tógtha acu ar chaon laidhricín liom, agus ní mó ná go bhfuil siúl an bhealaigh ionam acu. Ach is ceart do na daoine a bheith buíoch agus a bhfáil mar sin féin agus chomh gann agus atá siad ar ala na huaire
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
Lig dhó fhéineacht ar fad agus ná tarraing ort chor ar bith é! Má thugann sé aghaidh a bhéil orainn damnóidh sé muid. Tá ruibh na cainte ceart air anocht
Ní fhéadaim a dhul soir i mbéalbhachaí an bhaile seo thoir beag ná mór nach bhfuil mé damnaithe aige ag cur comaoine orm agus do mo tharraingt isteach i dtithe ósta as cosa i dtaca. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag goilliúint ar an mbuachaill sin

damnaigh in iontrálacha eile (1)

 
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!