Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deirc
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: na deirce
uimhir iolra: deirceannaí
ainm a thugtar amach sna cnoic mhóra ar chnoic chruinne mar a bheadh leath fata nó leath gealaí ann; nó dhá mbeadh sceallóg den chineál céanna ite as taobh nó as lár an chnoic thabharfaí air freisin é.
+
Ní hin é an cnoc é chor ar bith, ach an cnoc a bhfuil an deirc ann ar a chúl
Deirc de chnoc é sin. Tá a lán acu amach ansin
TUILLEADH (1) ▼
Cailltear go leor caorach sa deirc atá istigh i lár an chnoic sin. Níl léamh ar bith ar a dtéann ann aimsir shneachta. Bíonn siad ina gcarnáin ann

Féach freisin