dian
—/d′īən/ go rí annamh in amhráin agus scéalta; /d′ēn/, /d′ēɴ/ go hiondúil
—aidiacht
1.
dian: ró-, fíor-, mór-, dubh-.
·
Agus níor phós sé a dhianghrá ina dhiaidh sin — róghrá; an té a mbeadh duine rímhór leis
Rinne sé dianobair — obair an-mhór; saothar cumasach
2.
déan: crua, danra, dícheallach, fuinniúil, uafásach, géar, goimhiúil. Tá sé an-choitianta.
a.
·
Obair sách déan ar chuile chaoi í
Lá déan a bhí ann, deirimse leat — bhí obair chrua orainn; nó bhí an aimsir goimhiúil nó go dona
+–
Tá sé ródhéan air féin — oibríonn sé róchrua, nó déanann sé éagóir air féin
Ní fhaca mé aon duine ariamh is déine a chuaigh dó (nó air) ná P. ag iarraidh air deoch a ól, ach dheamhan ól ina dhiaidh sin
TUILLEADH (7) ▼
Chuaigh sé an-déan orm ag iarraidh mé a thabhairt ann, ach dheamhan maith a bhí dhó a bheith ag tuineadh liom
Tá sé ródhéan ar fhir oibre. Ar ndóigh ní fhanfadh fear ar bith aige
Ná bí ródhéan ar na putachaí a mháistir. Diabhal neart acu air mura bhféadann siad an rud a thógáil
Tá an sáirsint seo an-déan ar na tithe ósta adeir siad
Níl an giúistís sin déan ar dhuine ar bith ach ar lucht cneámhaireachta, agus diabhal blas den cheart nach bhfuil aige leo sin
Sílim go bhfuil an sagart óg an-déan ar lucht damhsa, ach caithfidh aos óg siamsa eicínt a bheith acu
Chuaigh an dlí sin sách déan air. Murach a raibh de charaideacha aige, bhí a chosa nite — fhóbair go gcaithfí nó go gciontófaí é
+–
Tá an poitín ródhéan ar an mbolg. Ní ól ar bith é — crua, éagórach
Tá siúl mar sin ródhéan ar na cosa, théis a bheith ag scaradh móna ar feadh an lae
TUILLEADH (8) ▼
Cheapfainn go mbeadh an prionta mion sin an-déan ar na súile. Dhá gcaithinnse leathuair ina éadan, ní fhágfadh sé spré agam
Tá an bheatha sin ródhéan ar bhó ionlao
Tá an gála seo dubhdhéan ar an arbhar. Scoirfidh sé uileag é
Bhí an sioc an-déan ar na fataí i mbliana. Níl barrann ag gabháil linn aige
Tá an bháisteach an-déan ar fhuinneogaí den tsórt sin — caitheann sé sciobtha iad
Tá an seanbhóithrín sin síos an-déan ar tyreannaí (rothair)
Tá na clocha an-déan ar na carrannaí. Sníomhann siad uileag iad
Deir siad go bhfuil an gleadhradh sin an-déan ar na cloig: nach seasann siad achar ar bith leis
+–
Ba déan an ráig í sin — trom
"An múirín gréine an múirín is déine" — ní bhíonn múr ar bith chomh trom leis an fhad is a mhaireas sé
TUILLEADH (2) ▼
Ba déan an chith chlocha sneachta í sin
Ba déan an dá lá iad an dá lá seo caite
b.
·
Tá sé déan ar an ól — trom, tucarach don ól
c.
+–
Ní madadh maith é: tá sé ródhéan — ionsaíonn sé na beithígh nó na caoirigh róghéar, ró-oilbhéasach
Théis gur ag maor a bhí sé, níl múinte a rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bheas ródhéan. B'fhearr dhuit uait é
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart na heangachaí sin a stopadh ar fad. Tá siad ródhéan. Nach dtógann siad sin stuifíní agus a bhfuil ann. Feicfidh tú an cuan bánaithe acu gan achar ar bith
Féach freisin
→
déan 2
dian in iontrálacha eile (1)
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin