Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dian
/d′īən/ go rí annamh in amhráin agus scéalta; /d′ēn/, /d′ēɴ/ go h-iondamhail
aidiacht
1.
dian: ró-, fíor-, mór-, dubh-.
·
Agus níor phós sé a dhian-ghrádh in a dheidh sin = ró-ghrádh; an té a mbeadh duine rí-mhór leis
Rinne sé dian-obair = obair an-mhór; saothar cumasach
2.
déan; cruadh, danra, dícheallach, fuinneamhail, uathbhásach, géar, gaimheamhail (tá ciall a (2) an-choitianta).
a.
·
Obair sáthach déan ar 'chuile chaoi í
Lá déan a bhí ann, deirimse leat = bhí obair chruadh orainn; nó bhí an aimsir gaimheamhail nó go dona
+
Tá sé ro-dhéan air féin = oibrigheann sé ro-chruadh, nó déanann sé éagcóir air féin
Ní fhaca mé aon-duine ariamh is déine a chuaidh dó (nó air) ná P. ag iarraidh air deoch a ól, ach dheamhan ól in a dheidh sin
TUILLEADH (7) ▼
Chuaidh sé an-déan orm ag iarraidh mé a thabhairt ann, ach dheamhan maith a bhí dhó a bheith ag tuineadh liom
Tá sé ro-dhéan ar fhir oibre. 'Ar ndú' ní fhanfadh fear ar bith aige
Ná bí ro-dhéan ar na putachaí a mháistir. Diabhal neart aca air mara bhféadann siad an rud a thógáil
Tá an sáirsint seo an-déan ar na tighthe ósta adeir siad
Níl an giúistís sin déan ar dhuine ar bith ach ar lucht cneamhaireacht', agus diabhal blas de'n cheart nach bhfuil aige leo sin
Sílim go bhfuil an sagart óg an-déan ar lucht damhsa, ach caithfidh aos óg siamsa eicínt a bheith aca
Chuaidh an dlí sin sáthach déan air. Marach a raibh de charaideacha aige, bhí a chosa nighte = fhobair go gcaithfí nó go gcionntóchaí é
+
Tá an poitín ro-dhéan ar an mbolg. Ní ól ar bith é = cruadh, éagcórach
Tá siubhal mar sin ro-dhéan ar na cosa, th'éis a bheith ag scaradh móna ar feadh an lae
TUILLEADH (8) ▼
Cheapfainn go mbeadh an prionda mion sin an-déan ar na súile. Dhá gcaithinnse leath-uair in a éadan, ní fhágfadh sé spré agam
Tá an bheatha sin ro-dhéan ar bhó ionlaoigh
Tá an gála seo dubh-dhéan ar an arbhar. Scuirfidh sé uiliog é
Bhí an sioc an-déan ar na fataí imbliana. Níl barrann ag gabhail linn aige
Tá an bháisteach an-déan ar fhuinneogaí de'n tsórt sin = caitheann sé sciobtha iad
Tá an sean-bhóithrín sin síos an-déan ar "tyreannaí" (rothair)
Tá na clocha an-déan ar na carrannaí. Sníomhann siad uiliog iad
Deir siad go bhfuil an gleáradh sin an-déan ar na cluig: nach seasann siad achar ar bith leis
+
Ba déan an ráig í sin = trom
"An múirín gréine an múirín is déine" = ní bhíonn múr ar bith cho trom leis an fhad agus a mhaireas sé
TUILLEADH (2) ▼
Ba déan an chioth chlocha sneachta í sin
Ba déan an dá lá iad an dá lá seo caithte
b.
·
Tá sé déan ar an ól = trom, tugtharach do'n ól
c.
+
Ní madadh maith é: tá sé ro-dhéan = ionnsuigheann sé na beithidhigh nó na caoirigh ro-ghéar, ro-oilbhéasach
Th'éis gur ag maor a bhí sé, níl múinte 'e rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bhéas ro-dhéan. B'fhearr dhuit uait é
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart na h-eangachaí sin a stopadh ar fad. Tá siad ro-dhéan. Nach dtóigeann siad sin stuifíní agus a bhfuil ann. Feicfidh tú an cuan bánuighthe aca gan achar ar bith

Féach freisin

Dian in iontrálacha eile (1)

 
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin