Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

diomalú (10)

+
Bhí ábhar gúna breá agam agus thug mé suas aici sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaigh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomalú (diomala, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breá a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon tsnáthaid ar aon tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aici a dhath faoi ach an oiread liomsa
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan diomalú ar bith a bhíos san éadach ina dhiaidh. Táilliúr an-phointeáilte é
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
Ná bac le fataí. Bhí díol baile d'fhataí ansin thoir murach an chaoi ar dhiomlaigh siad sin iad. Ní chreidfinn ón saol nár thug duine eicínt cruiteannaí astu, mar hé brí cén diomalú a gheobhaidís, níor cheart dóibh a bheith chomh hídithe agus atá siad
Bheadh féar agaibh murach an diomalú a rinne sibh air, plaicín ghabhair a dhéanamh dhó i dtús bliana nuair a bhí neart tiomsachta ag na beithígh ar an talamh. Anois caithfidh siad beatha a bhaint as a gcrága nó bás a fháil leis an ocras
Tá diomalú an domhain mhóir sa gcaoireoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muiceola ná trí phunt di, ach is rud í muiceoil nach bhfuil aon fháil uirthi anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí
Drochrath orthu mar fhataí Achréidh. Cheannaigh muid foracún acu ansin an bhliain cheana le aghaidh síl, agus bhí diomalú an tsaoil iontu. Ba mhó na sclamhairí ná na síolta a bhí orthu go fada
Tá an-diomalú sa ngaineamh sin. Níl sé in ann moirtéal ar bith a dhéanamh. B'fhearr dhuit ar scáth an chostais, lorry a fháil agus é a ardú leat suas go M. agus gaineamh ar fónamh a thabhairt leat ná a bheith do do mhearú féin leis sin. Ba saoire a bheadh sé faoi dheireadh thiar thall
 
dlúth 2
Más ea féin, tá diomalú mór sa meaisín thar is an speal. Baineann an speal an féar an-dlúth ach maidir leis an meaisín sin, ní thugann sí aon bhaint air
 
Ní bheadh ann ach diomalú dhom a dhul ar bhiorú claíochaí anois. Seo í an mhí dhubh, agus níl solamar ar bith ag beithíoch a ghabhfas i mbradaíl. Fágfaidh mé mar sin iad go dtí tús féir