Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drúcht
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: drúicht, drúchta
1.
an fliuchán a bhíos ar an talamh ar maidin, go háirid sa samhradh.
a.
+
Ní fheicfeá drúcht trí mhaidin sa mbliain anois. 'Sé leasú na talúna uileag é. Nach bhfuil a fhios agatsa gurb in smál eicínt ar an saol — deirtear gur beag drúcht a bhíos ann anois le hais mar a bhíodh fadó
Is olc an rud siúl sa drúcht cosnochta. Tá sé in ann bás a thabhairt d'aon duine
TUILLEADH (6) ▼
Chuir mé aithne uirthi go minic gan a dhul amach sa drúcht d'uireasa a bróga. Ach b'aon mhaith amháin dom é. Ritheadh sí amach sna cosa boinn i gcónaí
Má ghníonn tú luí sa drúcht Lá Bealtaine, ní thiocfaidh aon slaghdán ort aríst i gcaitheamh na bliana — deirtear seo, agus chuala mé faoi dhaoine a rinne é
Bhí P. Mh. Bh. a bhí ansin thiar agus níl aon mhaidin Lá Bealtaine dhá n-éiríodh ar a shúil nach mbíodh sé amuigh dhá únfairt féin sa drúcht agus gan snáth air ach an oiread leis an lá ar rugadh é. Ba mhaith an mhaise dhó é freisin. Ní raibh pian ná tinneas air go dtí an lá a bhfuair sé bás. Bhí sé go hard os cionn na cheithre scóir
Deir na seandaoine go mbeadh fad agus leithead an mhaide giúsaí gan aon drúcht ar maidin. Théidís amach nuair a bhíodh an ghrian ag éirí agus d'aithnídís ar an toirt cá mbeadh carcair, mar bhíodh cuisle gan aon drúcht ann. Tá an chomharthaíocht lena chois. Fuair mé féin agus M. dhá mhaide ansin thuas sna riascaigh maidin agus muid ag fiach
Bíonn drúcht mór caite aige na maidineachaí seo agus an-fhuacht ann le dhul amach ar mhochóirí
Ná fág amuigh iad. Caitheann sé an-drúcht na hoícheantaí seo
b.
+
D'imigh mé féin amach gan drúcht gan báisteach a rá — tada; focal ar bith, ach go háirid focal aranta
Ní abraím drúcht ná báisteach leis ach cead a chinn a thabhairt dó. Má théann tú ag cur chomhairle air, 'sé an chaoi a mbeidh tú ag borradh leis. A chomhairle fhéin do mhac dhanra. Ní bhfaighidh sé aon bhás nó go dtuige sé féin é
TUILLEADH (6) ▼
Níor cuireadh chuige ná uaidh; ná níor dúradh drúcht ná báisteach leis, agus ina dhiaidh sin fhéin, thosaigh sé ag ullmhúchan achrainn. Sin é an chaoi a mbíonn an drochdhuine i gcónaí. Mura bhfaighe sé údar, ní bheidh sé ag iarraidh aon údar
Ar ndóigh níl mise ag rá drúcht ná báisteach leat. Déan do rogha rud. 'Sé do chuid fhéin é agus thig leat a chaitheamh sa bhfarraige más é sin is áin leat. Ná ceap agus ná síl go bhfuil muide i ndiaidh do chuid airgid. Mhair muid ariamh de t'uireasa, agus mairfidh muid anois le cúnamh Dé freisin
Níl ag duine drúcht ná báisteach a rá leis an bpóilí. Is maith ann é, ach ligeadh duine thairis é chomh réidh agus a fhéadfas sé. Ar adharca a bheirtear ar na ba, adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
Níor dhúirt mise drúcht ná báisteach, adeir an té a chuir an baile ag troid (sórt seanfhocail)
Tá sé sin an-stuacach. Ní call duit drúcht ná báisteach a rá leis agus aithneoidh tú pus air ina dhiaidh sin go ceann seachtaine. Nár bhuail sé leithead a chraicinn ar T. Th. oíche a raibh sé ar cuairt ann faoi rá is a dhul ag gáirí faoin mada nó faoin gcat. Ach duine soilíosach ina dhiaidh sin é má tá rud aige ort
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread is atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fáth gan ábhar
c.
scráibín nó biathú beag.
·
Tá drúcht reo ann inniu — sórt glasreo seaca. Ní bheadh sioc ann ach ar éigean
Chaith sé drúcht reo aréir. Ba sioc gan aon dochar é
+
Níor chaith sé ach drúcht beag sneachta — biathú nó braitín beag
'Sé a mbíonn in Árainn drúcht beag sneachta. Deir siad go bhfuil aos óg ann agus nach bhfaca siad aon tsneachta ariamh. Dúirt Árannach liom an sneachta mór a bhí anseo anuraidh, nár chaith sé gionnóid (deannóid) dhe ann. Nach iontach an áit é míle buíochas le Dia!
TUILLEADH (2) ▼
Ar ndóigh ní thabharfá sneachta ar an drúcht sin! Bhí mise in áit agus chaithfí scuaib dhreancáin a fháil le barr an tsimléir a réiteach ann. Tabhair sneachta air sin! Ní fhéadfaí a dhul amach nó go sluaisteáiltí dhe na sráideannaí é
Níor chaith sé ach drúcht beag sneachta anuraidh ach thug sé isteach i mbliana é. D'fheicinn daoine ag breathnú amach ansin chuile phointe agus ag rá go raibh sé ina chlaochmú, ach diabhal mé gur ag neartú ar a mhaidí a bhíodh sé. Shíl mé dheamhan claochmú a d'fheicfinn go brách faoi dheireadh
2.
brat, plá, cora.
+
Tá drúcht goiríní briste amach thríd — brat nó cora de ghoiríní beaga ar dhuine. D'fheicfeá go minic ar pháistí iad. Ní bhíonn siad chomh mór leis an deilgnigh ach go mbíonn go leor acu ann
Tá sí ina ciseach le drúcht goiríní. Is gearr ó bhí easpaí uirthi, agus tháinig grís uirthi an bhliain cheana agus bhí sí chomh dona agus gur shíl muid go ngiorródh sí léithe. Droch-chraiceann nó drochfhuil nó rud eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil drúcht goiríní ort bail ó Dhia ort. Nigh thú fhéin chuile mhaidin as uisce te agus cuir gráinne salainn thríd. Mise i mbannaí gur gearr a fhágfas sé sin aon cheann ort
Níor chás é dhá mba goin adhairce é, ach ní hea. Drúcht goiríní atá ag cruthú ann. Fuíoll eicínt é sin as an ngrís a bhí orm anseo i mbliana. Sách rite a ghabh sé liom a cur as mo chraiceann, ach nuair a chuir féin, d'fhága sí an féirín seo agam ina diaidh. Ní maith liom a dhul i láthair duine ar bith leo
Ní hin deilgneach. Níl ansin ach drúcht goiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr sa tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. Ar ndóigh 'is beag a bheas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad ansin thuas againn fhéin …

Féach freisin

drúcht in iontrálacha eile (5)

 
dairt
Is deacair P. a chorraí. D'fhéadfá a bhualadh trasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfadh sé leat, ach tosaí ag gáirí. Ach mo choinsias is dar m'anam, nuair a bhíos sé corraí, nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl sa gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfeadh sé nó sháfadh sé thú ar iontú an tsoip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon challóid air
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
 
diabhal 1
Diabhal drúcht ná báisteach adúirt sé sin le aon duine ariamh
 
druas
Ní bhíonn ann ach druas beag sa ngeimhreadh, ach bíonn an-drúcht ann sa samhradh. D'fheicfeá drúcht maidineachaí samhraidh, agus thabharfá an leabhar gur báisteach a bheadh caite aige
 
Dheamhan sagart is réadhcha (réidhe) a chonaic tú ariamh ná é le dualgas a thabhairt dó. Mura dtugtá dhó ach scilling, ní abródh sé drúcht ná báisteach ach buíochas a ghabháil leat. Dar príostaí muis, níl sé chomh furasta sin a gcuid a thabhairt do thuilleadh acu. An phuic mhór seo thíos againn féin …