Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dromainn
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: dromainne
uimhir iolra: dromainní
deirtear droiminn scaití
talamh crochta; scaineamháin chrochta; ard nó éirí sa talamh, in iomaire, i dtrá srl.; droim nó leirg; droinnín.
+
Tá dromainn san iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta a aithinte dhom gurb in é an deis a bheadh orthu agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céanna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
Bhí an-oibriú sa bhfarraige le dhá oíche ach shílfeá go bhfuil sí ligthe fúithi anocht, théis go bhfuil scoth-thaoille mhaith ann. Ach is beag an bhrí í le hais na hoíche aréir. An bhfaca tú an trá. Tá an-chartachán síos i mbun an Charracháin. Diabhal mé go bhfuil dromainn soir uileag in íochtar na trá leis an mbaint a rinne an fharraige
TUILLEADH (7) ▼
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil an dromainn sin suas sa lagpholl. Scrathachaí iad sin a baineadh den bhruach anseo an bhliain cheana agus a caitheadh ann. Ní aithneofá anois go raibh siad ina scrathachaí ariamh
Caithfidh tú an láí a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá dromainn suas uileag ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roinnt, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhinse é, thar is aon cheann dhá bhfaca mise timpeall anseo
An bhfuil a fhios agat an áit a bhfuil an dromainn siúd thiar le claí. Tá a fhios go maith. Tá scaineamháin ann agus coll thuas leis an gclaí ó thuaidh. Ansin a bhí sé caite
Tóraigh leat soir an dromainn sin thuas, in aice leis an scaineamháin, agus b'fhéidir go ndúiseofá aon cheann. Bíonn an áit sin beo leo. Tá sé faoi chosáin dearga ar fad
Níor shaothraigh mise an dromainn sin soir i lár an gharraí ariamh, ná ní fhaca mé saothraithe í, té (cé) go raibh sí saothraithe sa seanreacht. Tá comharaíocht na n-iomrachaí le feiceáil inti fós
Is fearr na cruacha a dhéanamh ar an dromainn sin ó dheas. Má bhíonn siad ann go hearrach seo chugainn, ní mór a ndéanamh in áit eicínt nach mbeidh aon teacht fúthu. Tá an-ionlach acu ar an dromainn sin
Má thugann tusa faoi deara anois é, feicfidh tú go bhfuil dromainn sa talamh ann siar fré chéile. Deir sé gurb in é an áit a raibh an seanbhóithrín fadó. Chreidim nach bóithrín a bhí ann ach cosán, agus go mba mhaith ina chosán féin é san am sin

Féach freisin