Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

faisean (50+)

 
Nach gránna an faisean a thug sé faoi deara dhó fhéin a bheith ag coiriúint i gcónaí ar chuile dhuine mar sin.
 
I nDomhnach tá lucht na mbáiníní bán cuideáin anseo inniu. Ní mór do dhuine collar is tie a chur air fhéin feasta le bheith sa bhfaisean.
+
Ara dheamhan steamar ariamh air sin, ach gur faisean leis a bheith ar an gcéithireacht sin i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil casacht ort, ná tabhair d'fhaisean duit féin a bheith ag céithireacht mar sin.
 
beart
Chuirfeadh sé a rogha beart ar asal gan éirí faoi. Ní shílim gur éirigh sé faoi aon bheart ariamh. Ach is olc an faisean do dhuine é sin a thabhairt faoi ndeara dhó fhéin. Is fánach an chaoi a mbainfeá stangadh asat fhéin ag tógáil beart idir do dhá láimh.
 
crinn
Is gránna an faisean atá agat ag crinneadh tráithníní.
+
biorach 2
'Sé a bhfuil le déanamh agat leis, biorach a bhualadh air go n-éirí sé as an bhfaisean sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá faitíos orm, faoi nár imigh an faisean fós uaidh, go gcaithfear biorach a choinneáil air chomhuain is a bheas an mháthair ar a lacht.
 
Má fheiceann tú ag biorú na gcluas é (asal) fan uaidh, mar sin é a fhaisean i gcónaí nuair a bheas sé le farra a thabhairt fút.
 
Is maith an faisean atá tú a thabhairt faoi deara dhuit fhéin ag imeacht in do bhoideoide soir faoin mbaile sin thoir. Ní hé barúil a leasa atá faoi dhuine ar bith atá ar do cheird.
 
Ní thabharfainn lá airde ar an mbollaire sin pé ar bith céard adéarfadh sé. Faisean é sin atá aige, go gcaithfidh sé a bheith in éadan duine eicínt.
 
aice 2
"Ceannóidh mé tae dhuit agus gléas maith in aice sin; Gúna English cotton den fhaisean atá daor" (sliocht as Slán agus Beannacht le Buaireamh an tSaoil)
+
Fadó ní théadh duine ar bith amach aimsir sheaca gan buadán ar a chosa, ach ní fheicfeá ar aon duine anois iad. Tá an faisean sin caite in aer, mura bhfuil muintir an tsléibhe fhéin ann. Tá siad sin ag coinneáil na mbuadáin agus na seiríní i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
An gcuirfidh tusa buadán ort fhéin freisin? Tá sé chomh maith dhuit fhéin a bheith sa bhfaisean chomh maith le duine! — bhí buadáin ar na gasúir eile ar fad, i ngeall ar speireachaí, agus bhí piodarlán beag eile ag déanamh aithrise orthu, ainneoin nach raibh call buadáin ar bith dhó
 
ailp
Sin é faisean gasúr i gcónaí, ailp a ithe chuile phointe
 
Sin é a fhaisean sin chuile lá ariamh — duine a ionsaí gan aireachtáil.
 
amach
Do chumhachta cinn ní chuirfeadh ag labhairt amach é, hé brí cé sórt faisean gránna a thug sé faoi deara dhó fhéin.
 
Shoraidh dhíot, mura gránna an faisean a thug tú dhuit fhéin do theanga bheith sáite amach agat chuile phointe.
 
Is fada fiannach an lá an faisean sin amuigh sa taobh seo.
 
'Sé an faisean atá ag gearrchailí anois, iad fhéin a bhearradh suas amach go dtí airdín an chúil.
 
Is beag an dochar dhó a bheith antlásach. 'Sé an faisean é a chleacht sé ariamh — ní ionadh ar bith an tsaint a bheith ag siúl leis mar 'sé an nós é a chleachtaítí ag baile aige
 
B'fhurasta do dhuine bean a ardú leis roimhe seo — imeacht léithe — ach caitheadh in aer an faisean sin.
 
Ní féidir é a athrú ó thug sé faoi deara dhó fhéin an faisean sin an chéad uair.
 
M'anam nach bhfuil aon chall di sin aon chataíl a chur inti, go bhfuil a cuid gruaige sách feamainneach cheana aici bail ó Dhia uirthi. Ach chreidim nach mór léithe a bheith sa bhfaisean ach an oiread le duine. Sin é an chaoi a n-imíonn an t-airgead ar ndóigh.
 
Tá na hiarrantaí ann — is faisean leis a bheith ag tabhairt buillí uaidh
 
ith
Is gránna an faisean a thug tú faoi deara dhuit fhéin a bheith i gcónaí ag ithe agus ag liobairt do dhuine fhéin — is gránna an béas a d'fhoghlaim tú a bheith i gcónaí ag cáineadh do mhuintire agus do ghaolta féin
 
fuin
Chuile uair dhá ngabhfá ag fuint cáca fadó, chaithfeá ceapairí a chur sa luath do na gasúir. Níl an faisean sin acu chor ar bith anois
 
Is daidhciúil an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'éireofá as an bhfaisean sin. Chonaic muid do mhacasamhail cheana, agus smachtaíodh iad
 
Ní hé an dea-fhaisean atá ag duine ar bith a thabharfas comhluadar dó sin
 
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
+
deara
Is gránna an faisean a thug sé faoi deara dó féin — a thaithigh sé, a chleacht sé, ar luigh sé leis, a ndearna sé nós nó béas de
TUILLEADH (3) ▼
Nach gránna an faisean a thug sí faoi deara di féin, a bheith ag cur banlámh dhá teanga amach faoi chuile dhuine. Tá a muintir náirithe aici. Is mór an úis í
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáscadh cóta mór ort féin chuile phointe mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhainn ar bith agat ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoglachán chríochnaithe
Ná tabhair faoi deara dhuit féin a bheith ag piocadh do smaoise mar sin, a mheantáin. Náireofá muid dhá n-éiríodh le duine ar bith a mbeadh aon chás againn faoi a bheith istigh. Ní minic leat an dea-fhaisean a thógáil — ní minic sin
 
dearg 1
Tháinig sé abhaile aríst agus a lámha dearg le fuil. Ar ndóigh mura dteagadh, ní bheadh a fhios ag na daoine go raibh aonach ar bith ann. Is faisean leis anois é.
 
deas 1
Is deas é t'fhaisean; is deas sin. Dheamhan ceo a bhí le déanamh leat ach dhá leith a dhéanamh de do dhroim
+
deis
Níl aon deis bhóithreoireachta aici anois ach na boinn ó buaileadh suas an seanbhicycle uirthi. Is mór an t-ionadh muis go bhféadann sí cónú sa mbaile, agus an faisean a bhí aici a bheith imithe chuile phointe dhá mbainfeadh clog nó watch
TUILLEADH (1) ▼
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agat é: ag líochán do smaoise le do theanga. Cén áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní anseo é ar aon chor. Beidh duine ar bith ceart a thabharfas comhluadar don bhratainn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
 
Níl tada le tógáil ar ghasúir faoina ngoile. D'íosfaidís deoladh chuile ré solais. Sin é faisean aos óg. Ach shílfeá fir mhóra go n-íosfaidís a ndóthain — nó an oiread is go dtiocfaidís leis — go dtí am béilí aríst. Dar príosta is mó an ghoin atá ar na buachaillí óga seo agamsa anois, bail ó Dhia orthu, ná nuair a bhí siad ina ngasúir
+
diaidh
Tá an t-ól i gcónaí i ndiaidh na Maidhceannaí. Is faisean é a bhí acu uileag
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dteagadh sé isteach i dteach anois, agus dhá seasadh sé ar an taobh sin, tá sé d'fhaisean aige a bheith ag dul i ndiaidh a leataoibhe go brách go mbeidh sé thall ar an taobh eile. Ní chuimhníonn sé air féin leis an bhfalrach a bhíos ann ag ceartú dhuit. Leag duine de na gearrbhodaigh an cíléirín roimhe i lár an teallaigh lá a raibh sé istigh anseo, agus níor airigh sé go brách é go dtáinig sé salach air, agus baineadh treascairt as, agus shíl mé go raibh sé basctha istigh ar an teallach againn, mar caitheadh anonn sa gclúid thall é
 
Deir siad muis go bhfaigheadh sé seo thuas an prize ar an teach is deise murach coileach mór rua cuileach le T. Ph. a bhí ag bordáil timpeall an tí aige agus an bhean a bhí ag meas ann. Ó bhí faisean ag an gcoileach bordáil anuas ar a chuid cearc, is dona a chruthaigh sé nár ghiogáil freisin é i dteannta a chuid féin … Ar ndóigh dhá ndéanadh, sháfadh T. Ph. é. 'Sé a chuir as a chuid airgid é
 
diúl
Is gránna an faisean atá aici, ag diúl a méire i gcónaí
 
Sin é an faisean atá acu sin ariamh. Níl duine ná deoraí dhá dtéann isteach acu nach mbíonn an doicheall chéanna acu roimhe. Cheapfá gurb é an chaoi a mbíonn siad go mb'fhearr leo nach dtaobhódh aon duine iad
 
Dheamhan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus mura bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóireacht ar a chéile chuile ré solais. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
 
drad
Cén chall atá dhi sin drad bréige (nó drad false) a chur isteach. Nach bhfuil drad an chnúdáin aici mar atá sí. Ach ní mór léithe a bheith sa bhfaisean chreidim
 
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin, a bheith ag dradgháire, nó greamóidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearfa, is breá dathúil í do cheannaghaidh!
 
Breá nach laghdaíonn an cuileachán seo anuas a duailín féin agus a bheith sa bhfaisean chomh maith le duine
 
déan 1
Shílfeá go ndéanfadh sé gnaithe maith dhá uireasa. Ach chreidim gur ag aithrist ar an gcuid eile de na boicíní atá sé. 'Fág an tír nó bí sa bhfaisean,' arsa tusa
 
Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse a (bhur) gcuid cearc uaimse.' Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di