Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gáire (40)

+
dairt
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair P. a chorraí. D'fhéadfá a bhualadh trasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfadh sé leat, ach tosaí ag gáirí. Ach mo choinsias is dar m'anam, nuair a bhíos sé corraí, nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl sa gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfeadh sé nó sháfadh sé thú ar iontú an tsoip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon challóid air
 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dhiaidh sin nár thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinig falrach gáirí air
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
+
déan 1
Rinne sé gáire agus gáire croíúil ar inseacht an scéil dom
TUILLEADH (5) ▼
Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin, chaithfeá a dhéanamh dhá bhfeictheá ag teacht amach é, agus é chomh maolchluasach le madadh a gcuirfí díbirt air
Déanfaidh sí gáire nuair a gheobhas sí an litir sin. Diabhal bréag nach ndéanfaidh.
Ná déan gáire ar bith. Coinnigh stuaim ort féin go bhfeice tú céard adéarfas sé
"Nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh, bíonn an caoineadh dhá bhreith"
Rinne sé cáir ó chluais go cluais. Nach é a bhí sásta. Déarfá go ndéanfadh sé sin gáirí leis an olc
 
Tá sé ansiúd ina dheimheasóirí sa gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfaighidh sé brabach air. Dar fia muise is beag an acmhainn atá aige féin: is furasta leis gáirí a dhéanamh faoin té údan eile, ach feiceamuist déanadh aon duine aon gháirí faoi fhéin
 
Sin é deireadh a chuid gáirí muis: beidh ceol thar phíobaireacht aige feasta ina haice siúd
 
Dar brí an leabhair, níl call casaoide ar bith dhom ortsa. Tugann tú díolaíocht mhaith dhom. Ní raibh tú ariamh nach raibh an t-airleacan ag teacht ag gáirí agat, ní hé sin do dhaoine eile é. An bhfeiceann tú an leabhar sin ansin. Tá daoine ansin …
 
Cuirim faoi dhraíocht agus faoi mhórdhiomdha na bliana thú gan an darna béilí a ithe ar aon bhord ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba go bhfaighe tú amach domsa cén fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon gháire le seacht mbliana ( … go dtuga tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Solais srl.)— gnáthsheoraí i seanscéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
 
díon 1
Chonaic mise díon ar na poill fhataí ar an Achréidh. Nár fhága mé seo mura bhfaca. Thosaigh mé fhéin ag gáire fúthu agus is beag a thaitnigh sé leo. Is beag a mh'anam
+
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh gáire é gan bhréig gan áibhéil. Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh faoi agus an ghoic a bhí air, amuigh ag damhsa
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhaith an dóigh gáirí dhuit a theacht ag éisteacht leis oíche eicínt, má bhíonn sé i ngiúmar (humour). Tá scéalta aige a bhainfeadh gáire as na clocha. Ach má bhíonn múisiam ná dobrón ar bith air, ní bhfaighidh tú smid ná smeaid uaidh
 
Sin é an gáirí leis an olc muis, an dradgháirí a dhéanfas sé sin. Ti hí! Nach é an sionnach i gcraiceann na caorach é!
+
Ní gealgháireach atá sí ach dradgháireach. Sin é an gáire gangaideach a dhéanfas sí sin. Bheadh gáirí maith aici faoi do bhris
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé é ag déanamh gáire croíúil ariamh ach dradgháireach mar sin. Shílfeá gur faoi dhuine eicínt eile a bhíos sé ag gáirí i gcónaí. Níl gair ag duine breathnú cam air féin nach bhfuil sé ina choileachín
 
Éirigh as seo agus ná bí in do dhrandailín ansin ag gáirí agus ag sciotaraíl gan údar faoin domhan. Agus a liachtaí teach sa tír a mbeifeá ar an gceird sin ann a gcuirfí do dhrad síos in do phutógaí — agus gan peárail ar bith a ghlacadh leat faoi, ach oiread. Ní éadáil ar bith thú don áit a mbeidh tú
+
Níl rud ar bith sa saol is míshlachtmhaire ná an drandal a bheith le feiceáil mar sin agus thú ag gáirí. Is minic a chuir mé aithne ort gan do bhéal a oscailt chomh mór sin nuair a theagas fonn gáirí ort … ní hionann bean is fear. Is iomaí rud a fhéadfas fear a dhéanamh nach mbeadh cuibhiúil ag bean
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an míshlacht uirthi an drandal siúd a bheith leis aici chuile uair dhá n-osclóidh sí a clab le dhul ag gáirí. Úrbhéal uileag í
Bíonn drandal an gháire ar an ógánach sin i gcónaí. Ba chóra dhó go mór muise, a dhul ag magadh faoin athair. Dheamhan údar gáire sa tír go dtí é, agus a mhuisteaisín bheag scáinte mar a bheadh ribiúchaí luchan ann, agus béilín mar a bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaigheas sé amadán le n-éisteacht leis ag baint fogha is easpa as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-inseoinnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon araoid orm, ach ní chuirfidh
+
An bhfeiceann tú an dranntaireacht de gháire atá ar an leiciméara. Úll a leise a bhí a chur as a áit le snaidhm
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag dranntaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirthi. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean lena gháirí choíchin ar chaoi ar bith
+
Rinne sé drantán de gháire — strainc nó cáir, nó an drandal a nochtadh go flithmhagúil
TUILLEADH (4) ▼
Ní luar liom an diabhal ná an drantán de gháire siúd atá aige. Sin é féin an gáire gann gortach gangaideach
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbithiúnach agus é ag drantán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croí ná iad
Tá gáire aige mar a bheadh drantán madaidh ann — drannadh madaidh; madadh ag nochtú a dhrandail
Ná bí ag déanamh madaidh dhíot féin ag drantán gháire mar sin. Má tá gáirí le déanamh agat, déan ceart é, sin nó lig dhó
 
dreach
Ná bac le fear Achréidh a mhic ó. Breathnaigh chomh bláfar agus a bhíos siad. Diabhal mé go bhfeicfeá na fataí gáirí agus an ghabáiste ag briseadh amach ina ndreach. Ach m'anam nach bhfeicfidh tú ag briseadh amach i ndreach Mh. Bh. ach gearbaí agus neascóideachaí agus salachar rásúir agus easpaí agus chuile rud is measa ná a chéile
 
Ní choinneodh an teanga a bhí aige muis coinneal don teanga a bhí ag dreolán de mháistrín scoile a bhí ansin thoir. Bhí sí thrí lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad ina bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé an chaoi a raibh siad ag scairtíl gháire faoi
 
Tá sé sin an-stuacach. Ní call duit drúcht ná báisteach a rá leis agus aithneoidh tú pus air ina dhiaidh sin go ceann seachtaine. Nár bhuail sé leithead a chraicinn ar T. Th. oíche a raibh sé ar cuairt ann faoi rá is a dhul ag gáirí faoin mada nó faoin gcat. Ach duine soilíosach ina dhiaidh sin é má tá rud aige ort
+
dubh 1
Bhí a chroí ina ghual dubh istigh ina lár ón lá sin. Bhí deireadh a chuid gáirí déanta
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheannaím dhó dubh ná dath. Dhá bhféadadh duine beannú dhó ach gan mór ná beag thairis sin a dhéanamh leis, bheadh an scéal ceart, ach do dhúshlán déan sin. Má bhíonn sé ag beannú dhuit chor ar bith, ní mian leis gan a bheith ina dhá chuid déag leat, ach is gearr idir a ghol agus a gháire
+
Chuir sé an dúradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach lena ndearna sé de gháirí. Bhí sé leigheasta ansin — Ridire an Gháire Dhuibh a raibh sé de bheith air aon gháire a dhéanamh, i ngeall is go dteagadh giorria agus go gcrochadh sí léithe a chuid beatha i gcónaí nuair a shuíodh sé ina mhínis (fhianais) ag an mbord. Nuair a maraíodh an giorria chuir sé an t-ualach bróin agus leannduibh aníos ó fhíor-íochtar a chroí agus shlánaigh an gáire é (fc. Céatach Mhac Fhinn Rí Éireann; Ridire an Gháire Dhuibh)
TUILLEADH (2) ▼
Chuir an Ridire (Ridire an Gháire Dhuibh) an dúradán dubh a bhí ar íochtar a phutóige le seacht mbliana aníos, agus rinne sé gáire an uair sin a cloiseadh sa Domhan Thoir
Nuair a chonaic sí an rud a thug an ceannaí le n-ithe don dochtúr eile, tháinig falrach gáire uirthi agus chuir sí aníos an dúradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. 'Sin é do mhaith anois,' adeir an ceannaí. 'Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair' — bean a raibh ualach leannduibh uirthi agus leigheas ceannaí mála í
 
Chuaigh ag an ngáire ar an ngol air nuair a chonaic sé an ceann eile dhá bhualadh freisin