Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

garraí mór (50+)

 
Ní bheidh earasbarr ar bith agat pé ar bith céard a dhéanfas tú le easpa. Is mór an lear feamainne nach foláir don gharraí siúd. Tá sé buan
 
Chítear dhom go bhfuil feadhnach mór sa ngarraí aige inniu ag baint fhataí murab iad na cliamhaineachaí atá ann
 
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uileag é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon dochar don gharraí siúd féin mar go bhfuil muid gann
 
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana. Tá an draoi cloch air.
 
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon rud ariamh mar atá déanta den gharraí fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon mhaith iad a fhuagairt di. Brath mór atá agam iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarraí gabhann.
 
Dhá mbeadh Éire taobh leis, ní ligfinn isteach in mo gharraí é! Is mó sa mbealach ar fhear é.
 
bálta
Bhí glae ar a báltaí inniu, nuair a chuaigh mé dhá bleán sa ngarraí. Is mór an t-ionadh liom go dtiocfadh athdháir uirthi aríst.
 
Chruinnigh sé cosamar feamainne a bhí scaipthe sa duirling agus thóg sé bearna gharraí an chladaigh, agus rinne sé cupla creachlaois mar sin, ach ag fánaíocht a chaith sé an chuid is mó den lá.
 
buail
Dúirt mé leat an lá ar inis tú dhom go gcosnófá an garraí sin, nár mhór dhuit brat múirín a chur air nó go mbeadh an féar buailte ann. Nach bhfeiceann tú fhéin anois go bhfuil.
+
Nach mór an t-ionadh nach ndéanfá airdeall ar na beithígh agus gan an garraí féir sin thiar a bheith ó mhaith na bliana acub.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór do dhuine eicínt a dhul síos go garraí an chladaigh le airdeall a dhéanamh ar na beithígh.
 
failc
Dheamhan fód móna aige sin le ráithe nach bhfuil díolta aige. Ag baint bhrosna a fheicim anois é. Bhain sé failc mhaith as an sceich mhóir atá sa nGarraí Trasna inniu
 
Diabhal claí ar aon gharraí ag gabháil linn ach claí a bheas foghlaithe. Dhá bhfaightí am air, níor mhór seachtain a chaitheamh dhá mbiorú — beidh beithígh in ann a dhul isteach thar na claíochaí agus foghail a dhéanamh sna garrantaí
 
Níor mhór dhuit an seanleasú sin anois a fholach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! Nuair a bhí an garraí sin curtha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasaithe air
 
fód
Tuige dhá gcuirfinn an garraí sin. Ní mór dó sin craiceann a fhágáil air go ceann cupla bliain eile. Dhá gcuirinn anois é, sháródh sé mé. Níl fód ar bith ann — níl aon domhain chréafóige ann
 
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beathach mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheantaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí tornapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh foireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire acu! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon fhiacail agam anois
 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
 
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
+
danra
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talúna fréna chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh ardaithe as iad. Ba mhór an réiteach ar a gcuid talúna é. Ach ní ligfidís méaróg amach as aon gharraí ag gabháil leo, tá siad chomh danra sin — scanraithe, tútach, géar, doghrainneach
TUILLEADH (1) ▼
Ag lánú i ngarraí beag N. atá mé na laethantaí seo agus is danra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcónaí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leathchlocha, ach gruáin mhóra mhillteacha atá ansiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarraí N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosúil
 
daol
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
+
deifir
Is mór de dheifir garraí agus goirt a bhí air ariamh, agus céard atá dhá bharr aige inniu ach an oiread linne. Dheamhan a dheatach!
TUILLEADH (1) ▼
Nach mór an deifir damhsa atá oraibh! Dhá mba é an garraí nó an portach é, ní bheadh a leathoiread deifir oraibh
 
deis
Má theagann sé ar mo dheis seanleasóidh mé an garraí sin i mbliana. Ach ní móide go dtiocfadh. Is iomaí cruóig eile orainn, agus b'fhéidir nach dtiocfadh an fheamainn dearg an-chóiriúil
 
Beidh seachtain ar a laghad ar bith air anois ag deismínteacht timpeall na hiothlann. An bhfuil fear ar bith faoi na brait is pointeáilte ná é? Má tá, níl a fhios agamsa é. Ní chodlódh sé suaimhneach mura mbeadh an iothlainn sin ina garraí mór aige (fc. garraí mór)
+
diaidh
'Sé atá in ann an phait de bhréag a chur i ndiaidh a chéile (a chumadh). Dá mbeadh sé in ann a dhul amach agus gnaithe a dhéanamh chomh maith ina gharraí, ba mhór ab fhiú dhó é
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé thíos ansiúd ag cur deatach amach as an seandúda i ndiaidh a leicinn, agus ag inseacht faoi 'bhliain anseo a raibh garraí an tS. curtha agam, agus nach raibh aon fhata ann ní ba mhó ná cúrláin Lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad chomh mór le tornapaí Domhnach Chrom Dubh.' Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
 
D'fhéadfá a rá gurb é atá giogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcónaí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaigh ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garraí air mar atá ar thuilleadh, mise i mbannaí dhuit gur beag an diogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feictear don díomhaointeas arsa tusa
 
dochar
Is beag an dochar dó a gcailleadh air. Nach in é an ghiollaíocht a thugas sé orthu. Ar an dá luath is a mbeirtear iad, a gcaitheamh amach sa ngarraí agus a bhfágáil ansin, agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága. Ní mór don lao aire an linbh, bíodh a fhios agat
 
dos
Dhá bhfeictheá na putachaí sin ag A. inniu, ag caitheamh leadáin le chéile, thíos i ngarraí na C. Tá dhá dhos mhóra thíos le claí ann, agus chuaigh duine acu i chaon cheann, agus níor fhága siad leadán thuas ar a gcorp nár thug siad abhaile leo. Bhí bean an phóilí ag dul siar an bóthar ag spaisteoireacht di féin, agus chaith siad foracún acu léithe freisin
 
dris
Tá an garraí gleannach anois in aon chora amháin driseacha. Chonaic mise an t-am nach raibh aon dris ag gabháil leis, ach a mbíodh sé saothraithe chaon tríú bliain. Ach lig an fear seo atá ann anois i léig é. Is maith an stócáil nár mhór a dhéanamh ann anois le go bhféadfaí a chur
+
droim
An fheamainn bhuí sin bhainfeadh sí fataí de dhroim an diabhail. Cheannaigh mé lucht di ó fhear aniar amach an bhliain cheana agus leasaigh mé garraí Dh. Fh. ansin thuas léithe. Níl aon bhliain roimhe sin le mo ghéarchuimhne dhá raibh sé faoi fhataí nár loic siad. Beannacht Dé dhuit a mhic ó, bhí an-bharr air. Dheamhan thiomanta fata dhá raibh ann nach raibh chomh mór le gruán cloiche. Dar príosta, leasóidh mé aríst i mbliana léithe é má éiríonn lucht di liom in áit ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-fhás bliana siar ansiúd ar dhroim na leice, ach bhí fuílleach againn thairti inniu. Beidh a shliocht uirthi: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoina bheith slán dúinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarraí seo thuas a leasú ar fad
 
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
 
druid 2
Níl aon fhata ag gabháil liom nach bhfuil druidte le salachar. Tá plá fhlith sa ngarraí sin thiar. Is mór an úis é
 
Bhí fear mór anseo thíos sa show agus 'sé an obair a bhíodh air, ag tabhairt cosa ar duailín do na gasúir uileag. Bhíodh a mh'anam, ag sodar timpeall an gharraí leo agus chuile dhuine atá ag iarraidh marcaíocht a fháil air. Tarraingíonn chuile ealaín na pínneachaí chreidim
+
dubh 1
Ba é a chlochneart dubh is dubh an garraí a chur dhá lá. Is cuimhneach liomsa go maith nár fhága mé féin aon fhód istigh ar a chorp nár chuir mé lá amháin. Bíodh a fhios agat go mba saothraí mór mise tamall!
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh fód dubh ná dath aige (de thalamh) nó gur thug an deartháir garraí ansin thiar dhó le teann trua. Anois is mó talamh é ná aon duine istigh ar an mbaile. Ní fheicimse dream ar bith is mó a mbíonn an t-ádh orthu ná pailitéaraí. Féacha an ceann seo thíos …
 
dubh 3
Tá dúchan mór déanta aige — garraí na hA., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhaithe freisin aige. Thabharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhúchan. Níl leisce ná drogall air. Tá sé chomh santach ar an drochlá agus atá sé ar an lá breá
+
Chuir an taoille mhór an oíche cheana an duirling uileag isteach sa ngarraí orm
TUILLEADH (1) ▼
Tá Tóchar na Duirlinge tachta aríst, agus an garraí báite. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go dté comhla taobh amuigh sa duirling
 
dán
Má tá i ndán is go dtiocfaidh na fathachaí móra seo thiar ag cocaireacht leis an ngarraí sin, ní bheidh cúinne an ghiorria féin ann tráthnóna — má théann siad isteach ann ag obair (dhá chur faoi fhataí), cuirfidh siad ar fad é in aon lá amháin
 
Tá sé sách dícheallach, ach ní moltar a shaothar scaití ina dhiaidh sin! Cuireadh amach ag baint máilín soip do na beithígh sa ngarraí sin thíos aréir é ach ba mhó na dasachaí ná an sop a bhí sa máilín ag teacht abhaile aige!
 
An nóiméad a dtéann sé sin isteach sa ngarraí, teagann díocas air agus tabhair díocas air. Dheamhan a fhios agam ina dhiaidh sin, nach mó a dhéanfadh fear nach mbeadh a leathoiread díocais air — a ghlacfadh an saol go réidh. Is beag a bhíos de bharr an uafáis go minic, agus nuair a bhíos obair féin déanta, is obair gan slacht í
+
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) an raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
+
díol 2
Is beag é mo dhíolsa talúna feasta choíchin, ní ceasacht ar Dhia é. Ní mó ná go bhfuil mé in ann siúl ag an ngarraí
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon díol faoin domhan nár thug sí orainn scáth gamhain a dhul isteach i ngarraí fataí ansin thuas uirthi. Má chuaigh féin, ní dhearna sé aon fhoghail: cupla sracadh le colbha. Is féidir lena cuid sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingíonn tú anuas aici é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!