→
téigh
ghabh (19)
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
→
carraera
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
→
ceal 1
Is le bheith cheal leasaithe do dhuine a bheith ag faire ar an gcladach sin. Dheamhan sop feamainne a tháinig isteach ó Lá Samhna seo ghabh thart.
→
amuigh
Caithfidh sé go bhfuil pínn mhaith amuigh air anois mar tá sé ag tógáil as éadan ón Nollaig seo ghabh thart.
Caitheadh amach go leor de lucht na dtithe nua an tseachtain seo ghabh thart, gan an cíos a íoc — cuireadh as seilbh iad.
Is mór an mhaith ar mo shláinte, scáth an méid sin fhéin éirí amach a rinne mé an tseachtain seo ghabh thart.
→
flaisc
Leag sé ar shlatrachaí a dhroma d'aon fhleaisc amháin é. Ba mhaith a ghabh sé as nár éirigh gortú dhó. Ach dheamhan ceo
B'fhéidir gur gionnóid (deannóid) shalachair a ghabh inti. B'fhearr foghairt a chur fúithi. Ar ndóigh ní dochar a dhéanfas sé di ar aon chor
→
fuíoll
Shílfeá gur fuíoll na bhfuíoll atá aici sa mbaile lena bhfuil d'fhonn uirthi a dhul ann agus an fhloscaíocht atá aici faoi. Cí Dia muis go mba shuarach agus go mba ghortach a chonaic muide a baile nuair a ghabh muid ann. Ar ndóigh sé a leithide is leitheadaí a labhródh
→
dealg
I seanscéal tá cur síos ar fhear agus ar bhean ag siúl na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothraithe é. Sa deireadh chrom sí síos. 'Céard atá ort,' adeir an fear. 'Dealg a ghabh in mo chois,' adeir sí, 'agus ní fhéadaim a bhaint amach.' Chuaigh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di den chéad uair
→
drabhlás
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
→
drúcht
Níor chás é dhá mba goin adhairce é, ach ní hea. Drúcht goiríní atá ag cruthú ann. Fuíoll eicínt é sin as an ngrís a bhí orm anseo i mbliana. Sách rite a ghabh sé liom a cur as mo chraiceann, ach nuair a chuir féin, d'fhága sí an féirín seo agam ina diaidh. Ní maith liom a dhul i láthair duine ar bith leo
→
dubhléim
Thug sé an dubhléim, ach má thug féin, ní dona a ghabh sí dhó. Tá cac bó agus lochán aige dhá barr go háirid
→
téigh le
Nuair a ghabh sé sin le bocsáil i dtosach ní raibh oiread priompalláin ann. Ach chaith sé léithe ina dhiaidh sin ariamh ó shin
B'fhurasta a dhul thar an máthair an fhad is a mhair sí. Níor mhiste dhuit dhá mbeifeá gan aon phínn a íoc léithe ó bhliain go bliain. Ach ní hé sin don inín é ó ghabh sí sa siopa. Tá sí sách géar a mh'anam