Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sáith (50+)

 
Thug sé feadhnach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! 'Ara céard atá anseo,' adeirimse. 'Níl aon ghloine agam,' adeir sé. 'Ól foracún agus nuair a bheas do sháith agat sín agamsa é'
 
Bhí an oiread tairt air agus gur scríob sé an chailimhineog de linn atá taobh istigh de chlaí ansin thiar ar thalamh J. Ph., agus d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid ann fanacht go bhfaigheadh sé deoch tigh Ch.
+
baile
Má chastar muintir bhaile na gortan aniar chugainn, is gearr le dhul orthub an méid sin. D'íosfaidís siúd an tsáith Mhuimhneach
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcloiseadh an dream atá sa mbaile é seo, chuirfeadh sé a sáith iontais orthub — an dream atá sa ruta arb as muide
 
Tabharfaidh sé a sháith go binn don ghasúr sin an bealach a dhéanamh, arae níl aon éitir ann — níl aon neart sa ngasúr agus claochmóidh an t-aistear é.
 
Tabharfaidh coraice dhubh na bliana a sháith le déanamh dhó — ní sháróidh sé dubhluachair na bliana.
 
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fia, ní mór dhó airgead lena tógáil. D'íosfadh sí siúd an tsáith Mhuimhneach, 'sé sin, mura bhfuil sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile.
 
Má phósann sé an bholstaic siúd, gheobhaidh sé a sháith den tsaol. Ó, cuirfidh sé a pheiriachaí dhe má mhaireann sí i bhfad.
 
breá
Má ghéilleann tusa do Mháire bhreá, gheobhaidh tú do sháith de na bréaga.
 
aer
D'íosfainn an t-sáith Mhuimhneach anois muran athrú aeir a rinne dhom é
+
buail
Bhuail bradán nó breac mór eicínt mé ach níor fhéad mé a sháith ligin a thabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Pé ar bith cén daol a tháinig air an lá faoi dheireadh, d'fhága sé an gort agus bhuail sé soir tí E. de ghorta gharta gur ól sé a sháith go binn ann.
 
buta
Fuair sé a sháith go binn le déanamh agus an buta a iompar go teach.
 
aire
Tá a sháith le déanamh aige agus aire a thabhairt dhá ghnaithe
 
Ba dheacair a sháith éirí amach a thabhairt dhó tamall, ach thit an driull ar an dreall ar fad air le gairid (driull ar an dreall = trioll ar an treall)
 
airde 2
Tá sé a sháith airde.
 
Ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an máilín sin a ardú orm fhéin.
 
Is seanghnás fiannach é sin sa tír seo. Ach tá an aos óg ag ligean as. Níl suim ná suaiméad ag na daoine óga i rudaí mar sin. Is cuma leofa é ach a sáith báire a fháil.
 
Tá sí an-fhlasach. Bhí stróic mhór leithid inti chuile lá ariamh. M'anam muise d'ailí, go mb'fhéidir go bhfuil sí ag fáil a sáith le déanamh agus maireachtáil ach an oiread le duine
 
Má bhíonn tú chomh himithe as sin i gcónaí, is trua don bhean a phósfas tú. Beidh a sáith den tsaol aici ag iarraidh smaise a chur ort
 
Chuir sé a sáith iontais ar chuid mhaith daoine an lá a d'imigh sí leis
 
imní
Tá mo sháith imní orm agus ceart agam air — tá mo dhíol imní orm agus a údar agam
 
ionadh
Chuir an scéal sin mo sháith ionaidh orm (mo dhóthain, mo dhíol, mo dhá dhóthain, mo dhóthain go mór d'ionadh, lán mo chraiceann d'ionadh; mo sheacht sáith d'ionadh, mo sháith go maith ionadh, lán mo chruite d'ionadh, leithead mo dhroma d'ionadh srl.)
 
Beidh a sháith don tsaol ag an gcliamhain isteach mar tá an t-athair luath láidir drochmhúinte fós — an fear a phósfas isteach sa teach ann, is fear i dteannta é mar tá an t-athair láidir agus olc fós agus beidh sé in éadan an chliamhain go síoraí
+
ith
D'íosfadh sé an tsáith Mhuimhneach — tá an ghearradh gionach ina bholg; tá an-ghoile aige
TUILLEADH (5) ▼
Diachta Dé dhuit nach bhfuil do sháith ite agat feasta — tá sé thar am agat do sháith a bheith ite agat; tá tú ag ithe le fada, agus níl do chuid ite agat fós
Is beag é do sháith le n-ithe
Is mór é do sháith le n-ithe — is mór é do dhíol srl. (sáith = Achréidh; Gnó Bheag agus Gnó Mhór díol, dóthain, ó Ghaillimh siar)
Ní choinneodh Muileann Phalmer a sháith le n-ithe leis — muileann plúir i nGaillimh
Má tá sé ag tabhairt uaidh, ní cheal a sháith le n-ithe é (dúradh le gamhain) — má tá sé ag dul ar deireadh nó ag imeacht as, ní hé an t-údar atá leis nach bhfaigheann sé a dhíol beatha
 
lón
Is olc an lón duit an méid sin, más leat an lá a chaitheamh ar an aonach — níl do sháith airgid ann le dola an lae a chur thart
 
Ní bheadh foighid ná fuireach ort go dtéiteá ar páí. Is maith drogallach anois thú. Fuair tú do sháith di is cosúil. Múinfidh sin thú. Múineann an saol daoine. 'Sé atá i riocht
 
B'fhearr dhuit cois na leabthan a fhulaingt dom nó go sáithe mé isteach as a cloigeann í
 
Fuair mé mo sháith agus fuílleach ann
 
Bhris an fáscadh faoi orm, agus ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an bord a choinneáil amach díom nó gur leag mé ar an ngarraí é. Dhá mba in Ard Ch. an U. a chlisfeadh sé, bhí mé in mo chleith.
 
fód
Lonnaíodh sé ansin, agus ná cuireadh rud ar bith as é. Sin é fód an tsáith dhó. Tá an saol ag féithiú leis ó chuaigh sé ann
 
fuar 2
B'fhuar a labhair sé ar an gcarr inniu liom. 'Shíl mé go dtabharfainn anoir ar feadh na seachtaine é,' adeir sé, 'ach bhí mo sheacht sáith le déanamh agam thairis'
 
danra
M'anam má tá tú ag mianadóireacht sa ngarraí P. go bhfuil do sháith den tsaol agat. An bhfuil sé chomh danra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nár chinn sé orainn. Bhí na lántaí ag lúbadh ann le teann fórsa
 
Tá na fataí atá againne i mbliana ina ndeargáin as éadan. Facthas domsa nuair a bhí mé dhá gcur, nach raibh na síolta ródhearg chor ar bith. Ach nach é an cás céanna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
 
Tá sé ag coinneáil dearóil go leor an duine bocht. Bhéarfaidh an geimhreadh seo a sháith le déanamh dhó. Dar príostaí bhéarfaidh
 
deas 1
'Sé a bheadh deas air, dhá bhfaigheadh sé a sháith le n-ithe. Ach sin é an buille! Céard a choinneodh a sháith le n-ithe leis. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
+
de
Tá a sháith go binn aige den mhóin anois tá sé tuirseach dituirsithe aici
TUILLEADH (1) ▼
Déanann sé a sháith den chumadóireacht ar aon chor
 
deil 1
Tá mise ar deil anois. Téadh muid abhaile. Tá mo sháith pórtair ólta agamsa ar chaoi ar bith
+
dia 1
Ná raibh Dia leat anois a Ph. Bh., murar thug mise do sháith go binn duit!
TUILLEADH (1) ▼
Fuair muid a (ár) sáith fhéin den anachain, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
diaidh
D'éirigh sé as an nathaíocht sin. D'fhága sé ina dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraingt an iomarca síomálachaí air féin lena chuid dea-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corrchniogaide a fháil
 
"Domhnach Chrom Dubh, lá na Móna agus Lá Fhéil Muire Mór thall sa bhfómhar: trí lá a bhfaigheann an bodach a sháith le n-ithe" — deirtear é seo
 
dona
Dona go leor mo choinsias! Tá do sháith ar t'aire
 
Tá Seán bocht ar dhonacht (deirtear mar seo scaití é gan a ar bith fearacht ar fheabhas). Beidh a sháith le déanamh aige agus a theacht as chor ar bith