→
diallait
súgán (25)
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
+
→
buadán
Chuireadh muid buadáin fadó ar na bróga, aimsir sheaca — súgáin thuí, píosa mhálaí, nó rud ar bith ba thúisce againn. Choinneoidís ó sciorradh thú ar an leic oighre.
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhí mise ag éirí suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon ghasúr sa tír ach iad ag imeacht cosnochta, geimhreadh is samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór ansin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí de mhálaí — le teas a dhéanamh dhóibh ar an bhfuacht.
→
buille
D'fhága sé buille marbh sa súgán — ball bog nó giota nár chuir sé a dhíol fuinnimh ann agus a bhí fabhtach dhá bharr sin
→
buinne 1
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, agus shílfeá ina dhiaidh sin go raibh siad ag fuasaoid tairt.
+
Níor chuir tú a dhóthain fuinnimh sa súgán — le súgán a dhéanamh téann fear istigh i mbun coca tuí nó féir, nó bíonn sé ar a dhearnachaí in áit a mbíonn glac thuí nó fhéir nó a leithidí. Beireann sé ar shlám agus déanann sé dlaoi dhó agus láimh aige i ngach aon cheann dó. Cuireann an fear eile corrán nó cor shúgáin i ngreim sa slám agus tosaíonn sé ag casadh an acra seo chuige agus ag déanamh rópa dhe nó go mbíonn sé sách fada aige. "Ag cur fuinnimh ann" a bhíos sé leis an gcasadh sin. Ligeann an fear eile an súgan dó .i. coinníonn sé ag cur tuí nó féir isteach ina cheann as an gcarnán
TUILLEADH (3) ▼
Má chuireann tú an iomarca fuinnimh i súgán brisfidh sé
Ní dheachaigh a leath ndóthain fuinnimh sna súgáin sin. B'fhurasta a aithinte agus cead a thabhairt don ghasúr sin a gcasadh: ceann ar bior bradach!
Bhí ceann de na ceathrúnaí sníofa ina shúgán aige nuair a rinne sé cheithre leith: an iomarca fuinnimh. Thabharfadh an t-athair na diabhail den Chruaich ag eascainí air. Níl aon phleota in Éirinn nár thug sé air
Bheadh S. sin ar siúl go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach in ann na cártaí a dhathú. Murach go bhfuil, ní bheadh bua imeartha aige mar atá.
→
danra
Bhí an súgán danra le caislimíní an áit ar chuir sé an iomarca fuinnimh ann. Bhí mé ag ceapadh chuile nóiméad go ndéanfadh sé píosaí agus ní fhéadfainn an corrán a bhaint dhó (de) ina dhiaidh sin. Bhí leisce orm
+
→
deiseal
Cuir fuinneamh sa súgán: deiseal. Cas uait amach é
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag ligean súgáin dhó sin ó mhaidin, agus é dhá mbriseadh. Scaití casfaidh sé deiseal iad: scaití eile, tuaifeal, agus murab in é, 'sé a dhá dhíol fuinnimh a chuirfeas sé ann nó go ndéanfaidh sé míle píosa dhó. Go gcuire Dia an t-ádh ort, agus beir ar an gcor shúgáin uaidh as a láimh, agus ná bíodh sé ag cur chantail orm níos faide
"Chuir mé scéala siar aici go gceannóinn diallait ard; 'Sé an scéala a chuir sí aniar agam gur súgán saic ab fhearr" (lúibín a bhíos in Peigín Leitir Móir)
→
diogáil
Ní mór daoibh an buinín féir sin thiar a dhiogáil as láimh agus cupla súgán a chur faoina mhullach. Beidh sé ina dhórtadh roimhe thráthnóna
→
dris
Ní chinnfeadh Cearrbhach na Súgán orthu seo anocht. Tá siad ag dul cluichí fúthu agus thartu. Faoi dhris a chuaigh na healaíontóirí sin
+
→
dual 2
Cuirtear dhá dhual sa súgán dúbalta le go mbeadh sé tacúil ceart. Ní théann sa súgán singil ach dual amháin. Níl sa súgán reatha ach dual amháin mar a chasfá é
TUILLEADH (4) ▼
Chaith mé an lá ag ligean súgáin dhá dhual dó, agus corrshúgáin aige. Má chaith féin, bhí mé meata críochnaithe aige. Chuireadh sé an iomarca fuinnimh iontu agus bhrisidís uileag
Amach anseo go gcasfaidh tú súgáin dom! Ní chuirfidh muid iontu ach dual amháin: ceathrúnaí iad le haghaidh na cruaiche
Níor mhór dhó sin súgán dhá dhual. Tá fuagairt an ghála ansin
"Chuirfeá duail i mapaí (sórt plaits mar a d'fheicfeá i ngruaig). Bheadh duine ag déanamh duail agus dhá síneadh agat, agus thú dhá bhfíochán isteach sa mapa. Dhéanfaí súgán tuí i dtosach agus bheadh duine ag déanamh duail duit, agus chuirfeá isteach iad i chuile áit dhá bhfeilfidís go mbeadh fad an mhapa déanta agat, agus thiocfá ar ais aríst ag tógáil na ndual agus ag cur isteach duailíní i chuile áit dhá bhfeilfidís" (sliocht as cuntas ar dhéanamh mapaí nó mataí — ó m'athair)
Tháinig mé le díolaíocht a dhéanamh leat. Tá sé thar am, ach dheamhan neart a bhí ag na daoine air, nó gur díoladh an dá shúgán muice sin