Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sochar (19)

 
Dhá dtugadh sé dea-ana uaidh anois, ba mhór a rachadh sé chun sochair do na daoine.
 
Tá an garraí curtha anois go dtí an cúinnín sin. Ara fágfaidh muid ag an deachma é sin. Ní fiú dúinn a dhul dár mearú féin leis, scáth a mbeidh de shochar air — fágtar cúinní beaga scaití i ngarrantaí cuir, i ngeall ar a bheith ró-aistreánach, nó iad a bheith ionann is dochurtha de bharr cloch nó a leithéid. Nó d'fhágfaí cúilíní i ngarrantaí cheal leasaithe scaití agus déarfaí an rud céanna leo
 
deis
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
 
díon 1
D'fheicinnse M. fadó ag cur díona ar fheamainn tirim, ach bhíodh gnaithí dhá chuid fhéin aige sin i gcónaí … Níl mé ag rá nach dtiocfadh sé chun sochair don fheamainn. Choinneodh sé an súiteán inti agus sin é maith na feamainne
+
dochar
Ní dochar ach sochar a dhéanfas sin duit — má ghníonn tú é sin, 'sé do leas, agus ní hé t'aimhleas, a dhéanfas tú
TUILLEADH (10) ▼
Bail ó Dhia ort! Má théann tusa soir ansin thoir chun an aonaigh, agus péire banbh a cheannacht le airgead an ghearrbhodaigh eile, ní dochar ach sochar a dhéanfas sin daoibh beirt. Cé fearr dó ina chónaí mar airgead
M'anam nach dochar ach sochar — agus sochar mór freisin, a dhéanfadh múr báistí anois. Tá chuile shórt spalptha
Ba aon chás amháin duit dochar le sochar a dhéanamh dhó, arae is mar a chéile an buíochas a bheas aige ort. Dhá ndéantá an saol dó, bheadh sé in t'éadan lá arna mhárach
Is corr an sórt duine é. Déanfaidh sé an sochar agus an dochar duit i dteannta a chéile. Níl aon duine in Éirinn is grádiaúla ná é. Roinnfeadh sé an greim a bheadh sé a chur ina bhéal leat. Ach dhá dtéadh sé amach an nóiméad ina dhiaidh sin, agus asal leat a fháil istigh sa seanriasc bréan siúd thuas aige, bheifeá istigh aige an chéad chúirt eile
Níl an dochar ná an sochar sa gceann céanna. Ní chuirfidh sé ann ná as duit. Bhí a athair féin amhlaidh
Dheamhan dochar ann, ach tá sé mar sin leis an sochar. Níl an mhaith ná an t-olc ann. Sin é an chaoi a bhfuil sé
Dar príosta hé brí cén sochar a rinne sé do na daoine, ní fhéadfadh duine ar bith a rá go ndearna sé dochar. Chonaic muide an-tsoilíosach ariamh é — an fear croí
Níor chomaoin dó a dhul ag déanamh sochair ar bith dóibh sin agus a ndearna siad féin de dhochar air cheana. Ach d'ordaigh Dia maith in aghaidh an oilc chreidim
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh sa leath thoir den dúiche ar fad, agus mar gheall gur shásaigh sé é féin, d'fhága sé cupla tionónta a bhí salach i seilbh anseo. Nár mhór an sochar é sin — nár mhór!
Níl aon dochar uair nó dhó a chaitheamh ag cuartaíocht chuile oíche. Is mó an sochar é go fada, thar is a bheith sactha istigh go hacht is go háirid
 
Má tá barúintí do leasa fút, glacfaidh tú comhairle ó dhuine dhoscúch agus éireoidh tú as an obair sin, agus tabharfaidh tú aire do do gheadáinín talúna. Ní hí comhairle t'aimhleasa a chuirfinnse chor ar bith ort. Tá a fhios agat sin. Chaith mé coraintín freisin ag imeacht leis an obair sin, ag fóint don tír má b'fhíor dom féin, ach is beag aird a bhí ag an tír orm nuair a bhí mé i ngéarchall. Meas tú ar chúitigh an tír mo chaillteamas liom. Chúitigh muis! Ní chúiteoidh ná leatsa. Is beag an baol uirthi. Mar adúirt mé cheana leat, is measa dhuit do gheadáinín talúna ná an tír. Dhá laghad é, 'sé a bhfuil de shochar agat é
 
Ar na drochóirí dó nár imigh anonn go Sasana agus rud eicínt a shaothrú ann a thiocfadh chun sochair dó féin agus dá mháthair. Ach ba bheag an baol air. B'fhearr leis ina thaibhse istigh ansiúd ag breathnú sa straois uirthi agus ag leiciméireacht ón leaba go dtí an teallach. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar chuid de na daoine — tá an rud i gceist anseo nach mbeidh saothrú i Sasana i gcónaí agus go mba é leas duine a thapú an fhad is atá sé ann
 
Bhí an-loilíoch ansin thuas ag an gC.: bó droiminne. Diabhal a n-imíodh sí amach go dtí an lá a mbíodh a haimsir caite. Cén bhrí ach nuair a bheadh sí ar a sochar! Ba mhó bainne í na cheithre cinn
 
Chuaigh sé chun sochair (chun leasa, chun maitheasa, chun tairbhe srl.) dó an méid sin scíthe a fháil