Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

talamh íochtair (15)

 
Nach diabhaltaí an ruagán toirní a chaith sé an bhliain cheana agus go ndearna sí dhá leith droimscoilte síos go talamh íochtair den charracán sin. Tá sé le feiceáil ansiúd ag feara Fáil.
 
M'anam dá bhfágthá na híochtair fliucha sin achar ar bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigean. An t-uisce a chónaíonns i dtalamh íochtair a dhéananns é sin.
 
beo 1
Ná bac leis an bhfód beo a dhuine! Chuaigh sé go talamh íochtair.
 
aníos
Thug sí an crann aníos ó thalamh íochtair.
+
Talamh íochtair — an chré nó an bréidín chréafóige is faide síos sa talamh
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhór duit a dhul go talamh íochtair ansin shula bhfaightheá aon uisce ann (taluw — ní abraítear an mh i ndeireadh focla i nGaillimh cé is moite den áit a mbíonn guth i dtosach an chéad fhocail eile)
Chuaigh an bhó síos go talamh íochtair — chuaigh sí dhá báthadh agus chuaigh sí an-fhada i dtalamh
Má théann tú do (go) do bháthadh ansin, gabhfaidh (gó) tú síos go talamh íochtair.
Bhí sé leis an gcloich ariamh ariamh go dtug sé aníos ó thalamh íochtair í
Caithfidh tú baint go talamh íochtair ansin le áit tí a fháil
 
fód
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh ansiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uileag feicfidh tú féin air
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
docht 2
Tá sí an-docht sa talamh (cloch). Púdar nár mhór don chailín sin. Sin é a scoiltfeadh go talamh íochtair í
 
Is maith í an dubhoighir seo ag meaingeals … Ag ceapadh nach ngabhfaidh sé chomh fada leo! Go dtuga Dia ciall duit! Gabhfaidh sé sin go talamh íochtair agus faoi
 
Ní fheicfidh tú aríst é go malrait saoil (fc. malrait). Tá an poll sin ag dul síos go talamh íochtair