Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoire, daoireacht, daoirse, daoirseacht
ainmfhocla, baineann
bíonn na ceithre leagan ar an bhfocal sa gcaint
fuaim: sna focla seo daoirse, daoirseacht, daoirsím srl., fearacht na bhfocal ar fad a bhfuil rs caol iontu i scríbhinn, is rs leathan a dhéanas cuid mhaith daoine díobh i nGaillimh ar fad. DaoirseDaorsa. 'Sí an rs leathan atá ag cuid mhaith den aos óg, ach tá fuaim eile ag a lán daoine freisin, agus measaim gurb í a bhí ar na focla seo ar fad go dtí cupla líne ó shin. Ní mheasaim go bhfuil aon chur síos uirthi in Urlabhraidheacht (Tomás Ó Máille). Tá sí tréan go maith i gCois Fharraige. Ní rs caol ná rs leathan atá acu, ach fuaim eile. Ní bhuaileann siad an r róláidir agus déanann an s seabhrán nó siosarnach láidir ar a theacht amach di. Tá an fhuaim sin an-tsuntasach ag daoine, agus d'aithneofá thar an rs leathan í gan mórán stró
a bheith daor; é ag cosaint cuid mhaith airgid; a bheith ard nó éadálach i luach.
+
Níl aon daoire (daoireacht, daoirse, daoirseacht) sna muca anois. Tá siad an-bhuailte le gairid
Is deacair maireachtáil anois agus a (lena) dhaoireacht agus atá chuile rud
TUILLEADH (5) ▼
Dá dteagadh aon daoirseacht sa móin amach anseo, b'fhiú greim a choinneáil uirthi, ach is mór m'fhaitíos nach dtiocfaidh
Tá na beithígh réidh le daoireacht i mbliana. Deir siad go bhfuil an galra eile sin briste amach aríst i Sasana
Dhá dhaoireacht dhá raibh an saol ariamh, ba bheag an bhrí é le hais na cheithre bliana seo caite. Ach ní cás do na daoine é agus a bheith beo chor ar bith, agus an drochbhail atá ar an domhan
Ná bac le saor! Is ag dul chun daoirseacht atá chuile mhíle ní
B'éigean dom a fhágáil in mo dhiaidh lena dhaoireacht. Ní mó ná dá mba ridire mé go mbuailfinn faoina cheannacht
+
Tá chuile shórt ar a dhaoirse, ní áirím ar a ghainne anois — tá chuile shórt an-daor agus an-ghann
Ar ndóigh bheadh sin ceart go leor: ceannacht ar a shaoirse agus díol ar a dhaoirse. Is gearr go mbeifeá in do cheithearnach an uair sin ar chaoi ar bith. Ach faigh thusa an té atá in ann é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé geall leat go gcinnfidh sé ort
TUILLEADH (5) ▼
Ná taobhaíodh duine ar bith an cráiteachán sin nó go gcinne air. Tá chuile shórt ar a dhaoirse aige, agus a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le faitíos nach bhfaigheadh sé chuile chianóg. Bíonn scanradh air, má fhanann an leithphínn féin amuigh, nach bhfeicfidh sé go deo í
Tá éadach ar a dhaoirse anois. Chuaigh mé isteach G. an lá faoi dheireadh d'aon uaim amháin go gceannaínn báinín. Dheamhan báinín a ligfeadh sé amach as an siopa liom faoi choróin agus punt. 'Chonaic mé an t-am a mbeadh chúig cinn acu ag dul abhaile agam air,' arsa mise. 'Bailíodh leo anois. Imeoidh mé sna ceamachaí scaitheamh eile'
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earra ar bith a bheifeá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise don rud a bheifeá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar chuile shórt ní. Breathnaigh ar na haontaí anois. Dheamhan ar fiafraíodh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dó ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tarrthála
Níl aon cheannaitheoir faoi sheacht ranna na néal is measa ná í, théis chomh taithithe agus atá sí ar aontaí. Ceannaíonn sí chuile bheithíoch ar a dhaoirse, agus cinneann uirthi a cuid féin a fháil air aríst agus í dhá dhíol. Dheamhan tógáil a thugas sí orthu ar aon nós le tada a bheith aici astu
Má théann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfaighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agat go dteastódh sé uait — nár cheannaigh ní ba thúisce sa mbliain é nuair a gheofá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin

daoire in iontrálacha eile (2)

 
draoi
Bhí an draoi feola marbh ann an tseachtain seo caite, ach fuadaíodh ar an toirt í. Ainneoin chomh daor agus atá sí — agus níl spóilín ar bith is daoire ná í — tá daoine in ann a ceannacht ina dhiaidh sin. Tá an draoi airgid ag teacht isteach i gcuid de na tithe de bharr Shasana
 
Tá le rá, más cóir géilleadh do na luaidreáin, gur daoire a bheas móin i mbliana ná bliain ar bith fós