Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deargadaol
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: an deargadaoil
uimhir iolra: deargadaoil is iondúla, ach tá deargaí daol freisin ann
chuala mé dearg daol gan an a /ə/ lár báire chor ar bith roinnt cuarta
sórt ciaróige, tuairim is fad do chorrmhéire. Dhá rud mar a bheadh dhá adhairc amuigh chun tosaigh air, agus dath dubh air. Deir Foclóir an Duinnínigh "ladybird (Con.)", ach ní hé an deargadaol an ladybird. Bóín Dé, nó Bóín Mhuire atá ar an ladybird.
+
D'fheicfeá deargadaol i chuile áit. Is minic a bhíos siad ag snámh ar an urlár ansin. Bíonn brat acu i móin freisin. Níl sé dhá lá fós ó chonaic mé maistín de dheargadaol ansin amuigh ar an mbóthar. Brúigh do chois air sin i chuile áit dhá bhfeice tú é. Is ceart é a mharú. Leis an Diabhal an deargadaol. Nach ndearna sé feall ar Mhac Dé! — creidtear seo. Buailtear cois air i gcónaí
Deargadaol ab ea! Tá ga sa deargadaol amuigh ina chloigeann. Diabhal ga a chuir sé ionamsa ariamh, ach chonaic mé daoine ar chuir sé iontu é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)

Féach freisin