Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúilín
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: diúilíní
bradán óg. Ní bheadh sé ach go díreach tar éis a shíolraithe, agus gan é thar orlach, nó ar a mhéid orlach go leith, ar fad. Is geall le súmairí iad. Tógann sé ó dheich seachtainí go dtí chúig mhí orthu a theacht amach as na heochraí, agus bíonn cupla mí eile orthu sula dtigeann cumraíocht an bhradáin dáiríre orthu.