Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlúth
aidiacht
breischéim: dlúithe, dlúcha
 neamhscagach, teann, crua, docht, teannta le chéile.
a.
+
Tá a cuid gruaige fite dlúth aici — ina duail chrua; fite go maith ar a chéile
Déan duail dlútha de do chuid gruaige anois
TUILLEADH (3) ▼
"Do dhá ghrua dhearga mar an rósa agus do chúilín a bhí fite dlúth" (As Coinleach Glas an Fhómhair)
Déanann sí fíochán dlúth ar a cuid gruaige i gcónaí
Ní foláir duit troisleáin níos dlúithe ná sin a dhéanamh de do chuid gruaige nó scaoilfidh sí aríst ort
·
Dhá mbeifeá in ann fíochán dlúth a dhéanamh ar na dlaoiníní dhéanfaidís an-rópa, ach ní hé chuile dhuine a bhí in ann a dhéanamh. Ní hé ná leath chuile dhuine
Ná déan na duail chomh dlúth sin nó beidh an tiachóig róchrua ag na cearca
+
M'anam nach bhfuil an t-éadach sin scagach, ach gurb é atá dlúth féin — a bheith fite dlúth dhó
Ní raibh aon fhíodóir anseo ariamh mar C. Sin é a bhí in ann an t-éadach a fhíochán dlúth. Maidir lena fíodóirí eile sin, tá sé chomh scagach ina ndiaidh agus go bhfeicfeá frídíní thríd
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon deilbh air. Sin é an fáth nár fhéad sé a fhíochan dlúth
An bhfeiceann tú chomh dlúth agus atá do chuid éadaighse thar mo chuidse. Is furasta a aithinte ina dhiaidh sin an t-éadach a chuaigh an praghas
Is maith an éadáil go deimhin é an leámháinín scagach sin. Níl clúdadh ar bith ann faoi chomhair an gheimhridh. Breá nach bhfaightheá giota breá dlúth agus gúna mar é seo a dhéanamh dhó
b.
+
Cé a bhearr na caoirigh sin. Nach é a chuaigh dlúth orthu. Tá siad sceadta as éadan aige — a mbearradh isteach go craiceann
Bhearr sé an-dlúth thú. Ara lom sé thú ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal aithne ort ar fhás aon ribe gruaige ariamh ort, bail ó Dhia ort, tá tú bearrtha chomh dlúth sin
Más ea féin, tá diomalú mór sa meaisín thar is an speal. Baineann an speal an féar an-dlúth ach maidir leis an meaisín sin, ní thugann sí aon bhaint air
Tá sé sin ite an-dlúth acu. Tá sé crinnte go grinneall — beithígh i ngarraí
Ní mór dhuit an coirce sin a bhaint níos dlúcha ná sin. Tá tú ag fágáil an iomarca de choinlín sa talamh. Breathnaigh thú féin anois air
c.
 gairid.
+
Go dlúth ina dhiaidh sin, cailleadh é — fuair sé bás gan mórán achair ina dhiaidh sin
Go dlúth théis an lae sin, casadh orm ar an mbóthar aríst é, agus d'fhiafraigh sé dhíom an raibh tuairisc ar bith agam ar a sparán; gur chaill sé é …
TUILLEADH (3) ▼
Go dlúth i ndiaidh na bainse, tháinig an t-athair aniar lá ann de shoinneán, agus thosaigh sé ag dul le cuthach …
Bhí mise sa mbaile go dlúth théis na sochraide
Bhí sí isteach go dlúth théis an deich
d.
cóngarach, gar, comharsanúil.
+
Tá siad dlúth i ngaol — gar i ngaol
Níl gnaithe agat tada a rá ina measc sin. Aon mhuintir amháin iad, muintir Ard Raithin. Tá siad sin dlúth i ngaol le chéile
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil siad chomh dlúth sin le chéile. Shíl mise nach raibh gaol ar bith ann, nó má bhí go mba gaol scaipthe é. Is fánach an chaoi a mbéarfaí ar theanga ar dhuine ina dhiaidh sin
Tá siad ina gcónaí an-dlúth dhá chéile ansiúd. Agus go deimhin má tá fhéin, ní choinníonn siad aon chomharsanacht le chéile, ach ag ithe agus ag liobairt ar a chéile chuile lá dhá n-éiríonn ar a súil
+
Tá barrann an-dlúth air — garraí fataí; na dasachaí ag fás an-ghar dhá chéile
Tá an garraí fhataí siúd thuas éirithe ina choill agus na dasachaí an-dlúth air
TUILLEADH (4) ▼
Rinne tú an iomaire tornapaí sin a ghortghlanadh. Ní mór duit a dhul uirthi aríst. Tá siad ródhlúth fós. Plúchfaidh siad a chéile
Ní bhíonn siad sin ach i gcoillte dlútha — coillte a mbeadh na crainnte buailte ar a chéile iontu
Níl an choill sin sách dlúth le dhul amú inti
Tá crígheannaí siar ansin atá sách dlúth deirimse leat é
+
Tá a chuid talúna an-dlúth don abhainn ansiúd. Níl a fhios agam nach bhfuil sé ag síneadh leis an abhainn
Nuair a bhí sé istigh aige, bhí sé chomh dlúth sin anois. Ní ghabhfadh do mhéir isteach eatarthu
TUILLEADH (4) ▼
Séard atá air go bhfuil an doras ródhlúth don ursain agus nach bhféadann sé dúnadh gan anró
Tá sé ródhlúth leis an mballa. Tarraing amach scaithín é
Beidh sé ródhlúth: snoigh oiread na fríde dhó
Tá ciumhais an phlána ródhlúth leis an áit seo. Caithfidh tú sliseoigín eile a bhaint dhe

Féach freisin

dlúth in iontrálacha eile (3)

 
Níor mhór dhuit corrdhlaíóig den olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bheas sé
 
droim
Chuir sé geall as gaisce go gcodlódh sé sa seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhroim na hoíche sin agus bhuail saochan é go dlúth ina dhiaidh: i gcruthúnas duit go gcaithfeadh sé go raibh drochrud eicínt sa seomra
 
Mise a bhí sa gcladach i dtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé den fheamainn, ach bhí a thrí oiread acusan liom droimscoilte. Ba dóibh ab fhusa. Nach raibh cúigear acu ann agus mise in m'aonraic