Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlúth
aidiacht
breischéim — dlúithe, dlúthcha
neamh-scagach, teann, cruadh, docht, teannta le chéile.
a.
+
Tá a cuid gruaige fighte dlúth aice = in a duail chruadha; fighte go maith ar a chéile
Déan duail dlútha de do chuid gruaige anois
TUILLEADH (3) ▼
"Do dhá ghruaidh dhearga mar an rósa agus do chúilín a bhí fighte dlúth" (As "Coinleach Glas an Fhóghmhair")
Déanann sí figheachán dlúth ar a cuid gruaige igcomhnaí
Ní fuláir duit troisleáin níos dlúithe ná sin a dhéanamh de do chuid gruaige, nó scaoilfidh sí aríst ort
·
Dhá mbeitheá indon figheachán dlúth a dhéanamh ar na dlaoiníní dhéanfaidís an-rópa ach ní hé 'chuile dhuine a bhí indon a dhéanamh. Ní hé ná leath 'chuile dhuine
Ná déan na duail cho dlúth sin, nó beidh an tiachóig ro-chruadh ag na cearca
+
M'anam nach bhfuil an t-éadach sin scagach, ach gurb é atá dlúth féin = a bheith fighte dlúth dhó
Ní raibh aon-fhigheadóir annseo ariamh mar C. Sin é a bhí indon an t-éadach a fhigheachán dlúth. Maidir lena figheadóirí eile sin, tá sé cho scagach in a ndiaidh, agus go bhfeicfeá frídíní thríd
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon-deilbh air. Sin é an fáth nachar fhéad sé a fhigheachan dlúth
'Bhfeiceann tú cho dlúth agus atá do chuid éadaigh-sa thar mo chuid-se. Is furasta aithinte in a dheidh sin an t-éadach a chuaidh an praghas
Is maith an éadáil go deimhin é an leámháinín scagach sin. Níl clúdadh ar bith ann faoi chomhair an gheimhridh. Breagh nach bhfuightheá giota breagh dlúth agus gúna mar é seo a dhéanamh dhó
b.
+
Cé a bhearr na caoirigh sin. Nach hé a chuaidh dlúth orra. Tá siad sceadtha as éadan aige = a mbearradh isteach go craiceann
Bhearr sé an-dlúth thú. Ara lom sé thú ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal aithne ort ar fhás aon-ribe gruaige ariamh ort, bail ó Dhia ort, tá tú bearrtha cho dlúth sin
Má seadh féin, tá diomallú mór 'san meaisín thar agus an speal. Baineann an speal an féar an-dlúth ach maidir leis an meaisín sin, ní thugann sí aon-bhaint air.
Tá sé sin ithte an-dlúth aca. Tá sé créinte go grinneal = beithidhigh ingarrdha
Ní mór dhuit an coirce sin a bhaint níos dlúthcha ná sin. Tá tú ag fágáil an iomarca de choinlín 'sa talamh. Breathnuigh thú féin anois air
c.
goirid.
+
Go dlúth in a dhiaidh sin cailleadh é = fuair sé bás gan mórán achair in a dheidh sin
Go dlúth th'éis an lae sin, casadh orm ar an mbóthar aríst é, agus d'fhiafruigh sé dhíom an raibh tuairisc ar bith agam ar a sparán; gur chaill sé é …
TUILLEADH (3) ▼
Go dlúth indiaidh na bainse, tháinic an t-athair aniar lá ann de shinneán, agus thosuigh sé ag dul le cuthach …
Bhí mise 'san mbaile go dlúth th'éis na sochraide
Bhí sí isteach go dlúth th'éis an deich
d.
comhgarach, gar, comharsanamhail.
+
Tá siad dlúth ingaol = gar ingaol
Níl gnatha agad tada a rádh in a measc sin. Aon-mhuintir amháin iad, muintir Árd-Raithin. Tá siad sin dlúth ingaol le chéile
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil siad cho dlúth sin le chéile. Shíl mise nach raibh gaol ar bith ann, nó má bhí go mbadh gaol scaipthe é. Is fánach an chaoi a mbéarfaí ar theanga ar dhuine in a dheidh sin
Tá siad ina gcomhnaí an-dlúth dhá chéile annsiúd. Agus go deimhin má tá fhéin, ní choinnigheann siad aon-chomharsanacht le chéile, ach ag ithe agus ag liobairt ar a chéile, 'chuile lá dhá n-eirigheann ar a súil
+
Tá barrann an-dlúth air = garrdha fataí; na dasachaí ag fás an-ghar dhá chéile
Tá an garrdha fhataí siúd thuas eirighthe in a choill agus na dasachaí an-dlúth air
TUILLEADH (4) ▼
Rinne tú an iomaire turnapaí sin a ghortghlanadh. Ní mór duit a dhul uirre aríst. Tá siad ro-dhlúth fós. Plúchfaidh siad a chéile
Ní bhíonn siad sin ach i gcoillte dlútha = coillte a mbeadh na crainnte buailte ar a chéile ionnta
Níl an choill sin sách dlúth le dhul amú innte
Tá crígheannaí siar annsin atá sách dlúth deirimse leat é
+
Tá a chuid talmhana an-dlúth do'n abhainn annsiúd. Níl a fhios agam nach bhfuil sé ag síneadh leis an abhainn
Nuair a bhí sé istigh aige, bhí sé cho dlúth sin anois. Ní ghabhfadh do mhéir isteach eatorra
TUILLEADH (4) ▼
'Séard atá air go bhfuil an doras ro-dhlúth do'n ursain, agus nach bhféadann sé dúnadh gan anró.
Tá sé ro-dhlúth leis an mballa. Tarraing amach scaithín é
Beidh sé ro-dhlúth: snoigh oiread na fríde dhó
Tá ciumhais an phlána ro-dhlúth leis an áit seo. Caithfidh tú sliseoigín eile a bhaint dhe

Féach freisin

Dlúth in iontrálacha eile (18)

 
Níor mhór dhuit corr-dhlaoidheoig de'n olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bhéas sé
 
"Thug sé dlúth-bhearradh orm".
+
Ní chorróchaidh sé anois feicfidh tú fhéin air. Tá dlúth-cheangal air: a chloigeann buailte ar a chosa, agus crom-nasc in a cheann sin
TUILLEADH (2) ▼
Is dona an rud dlúth-cheangal mar sin a chur ar chapall. Bíonn sí an-ghiongach, an-sgeiteamhail in a dhiaidh
Déanfaidh mise rud léithe: dlúth-cheangal a chur uirre. Suaímneochaidh sin í gan a bheith ag caitheamh claidheachaí
+
Ara diabhal a bhféadfá é a thaobhachtáil len a raibh dhá dhlúth-ghaolta féin thar timpeall air. Chuaidh mé isteach ach thug mé cor faoin gcuairt aríst, agus d'fhága mé annsin iad nuair a chonnaic mé a raibh ann
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an mhaith dhomsa dlúth-ghaolta lá an anshógha. Is fada uaim a bhéas siad an lá sin. Má bhíonn rud agad, ar do chomharsa atá agad cumaoin a chur ar an gcéad-iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
+
Níor leigeadh isteach ann ach an dlúth-mhuintir
TUILLEADH (8) ▼
Níor thug sé cuireadh ach do'n dlúth-mhuintir. Th'anam ó'n riabhach, dhá n-iarradh sé a mbaineann leis, ní choinneochadh an tír iad, ní áirighim an teach
Ní raibh deoraidhe ar an tsochraide ach an dlúth-mhuintir se'aige féin. D'eireochadh dó. Ní raibh sochraide dlighte d'aonduine ann. Ní sochraideach maith é
Is conórach an diabhal é. Thug sé daoine ann nach raibh gubh bainse ar bith aca air, agus níor bhac sé lena dhlúth-mhuintir féin. Tá dhá chol ceathar aige annseo thiar i mB. na hA. agus níor thug sé cuireadh ar bith dhóib, marar thug sé cuireadh casáin
A dlúth-mhuintir fhéin uiliog atá annsin: ainteanna agus col ceathrachaí. Is deacair hata bán a rádh léithe annsin deirimse leat
Má tá bráigíll ag J. ní hé sin dá dhlúth-mhuintir é. Siad atá thar a chéile ar an mbaile seo, agus dheamhan oiread aca agus a dhéanfadh torann ar leic
Má d'fhága sí udhachta mhór in a diaidh, is gearr is lón dá dlúth-mhuintir é. Tá brothtuinn aca annseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar 'chuile dhuine aca, ba ghearr le dhul ar a scóig é
Dhéanfadh sé sin gnaoidheamhlacht leis an bhfear is fuide amach uaidh in Éirinn, ach ní fhiafróchadh sé d'aonduine dhá dhlúth-mhuintir féin a mbeadh béal orra. Postamhlacht agus leithead. D'eile?
Níl luighe ar bith aige len a dhlúth-mhuintir fhéin. Ag súdaireacht le strainséaraí a d'fheicfeá i gcomhnaí é, nuair a bhíos sé as baile. Ó mhuintir a mháthar a thug sé é sin
 
droim
Chuir sé geall as gaisce go gcodlóchadh sé ins an seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhruim na h-oíche sin, agus bhuail saobhchan é go dlúth in a dhiaidh: i gcruthamhnas duit go gcaithfeadh sé go raibh droch-rud eicínt ins an seomra
 
Mise a bhí ins an gcladach idtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé de'n fheamuinn, ach bhí a thrí oiread aca-san liom druimscoilte. Ba dóib ab fhusa. Nach raibh cúigear aca ann agus mise in m'aonraic