Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
donas
fc. don

Féach freisin

don

donas in iontrálacha eile (6)

+
Den sonas (den tsonas) an achainí ach den donas a bheith dhá freagairt (seanfhocal) — níonn an achainí nó an t-iarratas maith go hiondúil don té atá ina tuilleamaí, ach ní chuireann sí aon cheo ann don duine a thabharfas toradh uirthi
TUILLEADH (3) ▼
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirim duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. 'Sé an scéal is measa nach bhfuil mé in ann a freagairt sílim
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Is aicearraí go mór é ná an bóthar eile, ach tá a dhonas fhéin ann, roisfeadh sé a bhfuil de tyreannaí tigh Ward.
 
don
Donas t'fhiafraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh anseo. Bhí sí ag déanamh a gnaithe. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine, i leaba dóibh a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre